AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Ag ceiliúradh shaol Mike Kelly
Tom Deignan Tom Deignan Tom Deignan

Tháinig grúpa daoine le chéile i Nua-Eabhrac Lá Fhéile Pádraig i mbliana le hairgead a bhailiú do theaghlach Mike Kelly, iriseoir a maraíodh le linn an chogaidh san Iaráic anuraidh. Tuairisc ó Tom Deignan.

Íomhá
Donald Trump: ag tarraingt airde air féin
Íomhá
Mike Kelly
Íomhá
Maureen Dowd, cara de chuid Mike Kelly

Cé chomh minic is a éireoidh leat leithéidí Donald Trump, na réaltaí teilifíse Bill O’Reilly agus Tina Brown, agus scaifte scríbhneoirí teanntásacha a chur sa seomra céanna agus cur ina luí orthu a gcuid egos a chur ar leataobh?

Sin go díreach an rud a tharla i Michael’s ar West 55th Street i Manhattan oíche Fhéile Pádraig. Sin an áit a raibh ócáid an Kelly Gang, a rabhthas ag tnúth le fada léi, ar siúl le hairgead a bhailiú do theaghlach Michael Kelly, an t-iriseoir agus eagarthóir a fuair bás le linn dó a bheith ag cur tuairiscí ar fáil faoin chogadh ansin.

Bhí bean chéile Kelly, Madelyn, agus beirt mhac óga, Tom agus Jack, i láthair ag an ócáid, mar aon le tuismitheoirí Kelly, Thomas agus Marguerite, ar iriseoirí iad féin.

Bailíodh suas le $30,000 ar fad do chuid mac óg Kelly, de réir an cholúnaí a scríobhann faoi na meáin sa New York Post, Keith Kelly. Bhí Keith, le cuidiú ón iar-*teamster *agus úrscéalaí Tom Kelly, i measc na ndaoine a d’eagraigh an t-imeacht.

“Tá seiceanna ag teacht isteach go fóill,” a dúirt Keith Kelly le déanaí. “Shíl mé gur éirigh thar barr leis an ócáid. An rud is fearr ar fad, sílim, ná go raibh lá ar dóigh ag muintir Cheallaigh agus gur léiríodh dóibh go bhfuil gréasán iomlán daoine amuigh ansin atá sásta tacú leo. B’iriseoir é Mike a raibh an-chion ag daoine air.”

Deir Keith Kelly chomh maith go raibh nóta faighte aige faoin ócáid ar ghlac sé leis mar “mholadh an-ard go deo”.

“Tá ríomhphost díreach faighte agam ó thuismitheoirí Mike. Dúirt siad liom gur mheas siad go mbainfeadh Mike an-sult as a leithéid de chóisir.”

Shiúil Keith Kelly suas Fifth Avenue i bparáid mhór na Féile Pádraig le baintreach Mike Kelly and a cuid mac óg. D’íoc “Mr. Apprentice” é féin, The Donald, as na heitiltí a thug an teaghlach go Nua-Eabhrac ní ba luaithe an tseachtain sin.

Tharraing Trump, O’Reilly agus daoine eile neart airde orthu féin nuair a shroich siad Michael’s an oíche sin, ach bhí an 150 nó níos mó duine eile a bhí i láthair don ócáid bhailithe airgid seo sásta a n-aird a dhíriú ar theaghlach Mike Kelly.

Bhí seanchara Kelly, colúnaí an *New York Times *Maureen Dowd, i measc na ndaoine a labhair faoin chuimhne a bhí acu air agus a léigh óna shaothar.

Nuair a chuala Dowd faoi bhás tragóideach Kelly anuraidh, chuimhnigh sí ar Pat Moynihan agus an méid a dúirt sé tar éis fheallmharú JFK: “Ní dóigh liom gur fiú duit a bheith i d’Éireannach mura bhfuil a fhios agat go bhfuil an saol seo chun do chroí a bhriseadh sa deireadh.”

Timpiste san Iaráic

Maraíodh Kelly i mí Aibreán anuraidh nuair a d’imigh an fheithicil ina raibh sé ag taisteal le 3ú Rannán Cos-Slua an Airm san Iaráic ón bhóthar. Ba é an chéad iriseoir Meiriceánach a fuair bás sa chogadh.

Bhí an méid a bhí le rá ag an mhac is sine, Tom, ar cheann de bhuaicphointí ócáid na Féile Pádraig. In ainneoin go raibh an oíche brónach go leor, bhí an slua sna tríthí ag gáire agus iad ag éisteacht leis ag léamh as cuid de na litreacha a sheol a athair as an Iaráic, agus d’fhoghlaim siad faoi chuid de na mionsonraí a bhain leis na nósanna caite fo-éadaí a bhí ag a athair.

Thug an damhsa agus an phíobaireacht bhríomhar ardú meanman don slua chomh maith.

Nuair a fuair sé bás, bhí Kelly - a d’fhás aníos i Washington DC - ag obair mar eagarthóir fánach an Atlantic Monthly *agus ag scríobh colúin don *Washington Post. Roimhe sin d’oibir sé mar eagarthóir ar an New Republic agus an National Journal.

Roinnt blianta roimh a bhás ceapadh é ina eagarthóir ar *The Atlantic *agus thuill sé an-mholadh de bharr gur éirigh leis an iris 150 bliain seo a athbheochan; d’athraigh sé é ó irisleabhar tur go foilseachán imeachtaí reatha, ina raibh béim ar an litríocht chomh maith, agus a raibh an-tóir uirthi.

Thosaigh an Kelly Gang go neamhfhoirmeálta thart ar chúig bliana ó shin, timpeall an ama a ceapadh Jim Kelly mar eagarthóir ar *Time *agus Ed Kelly mar uachtarán ar American Express.

Thosaigh coimisinéir na bpóilíní Ray Kelly - a bhí i láthair ag an ócáid, lena mhac Greg, comhfhreagraí de chuid Fox News - ag léiriú suime sa Kelly Gang chomh maith agus go tobann ba dhream iad a raibh an-aird á tabhairt orthu agus a bhuail le chéile go rialta.

Gan amhras, ba lá tábhachtach don ghrúpa seo Lá Fhéile Pádraig.

Bhí Mike Kelly ina chónaí i Washington agus i mBostún, ach bhuail sé leis an Kelly Gang cúpla uair i Nua-Eabhrac agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór orthu.

Is cinnte gur cuidiú mór a bhí ann gur rugadh é ar an 17 Márta.

Bhí sé beartaithe ag Kelly a bheith i láthair ag cruinniú na Féile Pádraig in 2003, ach chaill sé é de bharr go ndeachaigh sé chun na hIaráice leis an chogadh a chlúdach. Trí seachtaine ina dhiaidh sin, maraíodh é.

Cé go raibh obair mhór le déanamh acu siúd a d’eagraigh an ócáid, bhí áthas ar Keith Kelly go raibh deis aige cabhrú le muintir Cheallaigh.

Dúirt sé: “An rud is deise faoi seo uilig ná go raibh daoine nach dtiocfadh le chéile de ghnáth, ag teacht le chéile. Bhí daoine ansin nach mbeadh sé de nós acu dul amach Lá Fhéile Pádraig de ghnáth. Agus ní clann Cheallaigh ná Éireannaigh ar fad a bhí iontu,” a dúirt sé, agus luaigh daoine mar eagarthóir an *New Yorker *David Remnick agus go leor daoine eile. Mar sin féin, bhí roinnt mhaith de chlann Cheallaigh ansin. Agus Mike Kelly ina measc, ag baint suilt as gach nóiméad den ócáid.

Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an *Irish Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é. Foilsíodh a leabhar is déanaí, Coming to America: Irish Americans (Barron’s), anuraidh.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.