CÚINNE NA nEALAÍON
Ag caomhnú an cheoil agus an tseanchais do na glúnta atá le theacht
Eithne Ní Ghallchobhair Eithne Ní Ghallchobhair

Labhair Eithne Ní Ghallchobhair le beirt a bhfuil baint acu le tionscadal tábhachtach in iardheisceart Dhún na nGall a bhfuil sé mar sprioc aige traidisiún ceoil agus seanchas an cheantair a chaomhnú.

Íomhá
Fidléir clúiteach Dhún na nGall, Johnny Doherty
Íomhá
Íomhá

Gnó ann féin atá sa turasóireacht ghníomhaíochta le tamall anuas agus de réir mar atá sí ag teacht chun aibíochta tá dream i nDún na nGall ar a seacht ndícheall ag díriú isteach ar lucht ceoil, seanchais agus staire a mhealladh go hiardheisceart an chontae. Tá Cartlann Cheol Thír Chonaill lonnaithe in Áislann Chill Charthaigh, foirgneamh a bhfuil gnátháiseanna poiblí ar fáil ann do bhunadh na háite. Caomhnú ceoil agus seanchais an cheantair atá mar phríomhchúram fhoireann na Cartlainne.

Cuireadh tús leis an tionscadal anuraidh nuair a shocraigh Mícheál Mac Giolla Easbuic, gur as an cheantar dó, rud inteacht praiticiúil a dhéanamh leis an ábhar a bhí bailithe aige féin thar na blianta ionas go mbeadh sé ar fáil go forleathan agus go furasta do dhuine ar bith ar suim leis ceol agus seanchas Dhún na nGall. Bhí an-mhórán taifeadtaí bailithe ag Mícheál don chlár raidió “Ón tSeanam Anall” agus thuig sé gur mhór an baol go gcaillfí oidhreacht luachmhar cheoil an iardheiscirt amach anseo muna ndéanfaí rud inteacht leis na téipeanna go luath.

Is é Mick Brown bainisteoir an tionscadail. Is ceoltóir é Mick a bhfuil iomrá air mar dhuine de na fidléirí is fearr atá ag cur faoi sa cheantar faoi láthair, mar fhidléir a thóg air féin stíl Thír Chonaill a chleachtadh agus a mháistriú faoi thionchar ceoltóirí éagsúla, leithéidí James Byrne agus Con Cassidy. Cé gur as Baile Átha Cliath ó dhúchas dó tá áit lárnach aige sa phobal agus an ceol á sheinm go rialta aige. Tá tuiscint thar na bearta ag Mick don cheol áitiúil agus is suimiúil uilig dul chun cainte leis chun stádas an cheoil sa cheantar a phlé. Deir sé go bhfuil ceol Thír Chonaill, i láthair na huaire, á sheinm níos minicí ná ba ghnách lasmuigh den iardheisceart. “Tá an ceol ag spré ar dud an domhain,” a deir sé, “Thiocfaí a rá nach bhfuil ceol agus todhchaí an cheoil thraidisiúnta i seilbh bhunadh na háite a thuilleadh. Is mór an trua sin.”

Cuireadh tús le scéim thraenála FÁS ag tús mhí Iúil 2005. Ochtar a bhí ar an scéim i dtosach báire agus bhí triúr mac léinn ceoil as Ollscoil Luimnigh, a bhí ar thaithí oibre, mar chuid den fhoireann. Is mór an dúshlán a théann lena leithéid de shainobair. Scríobhadh clár ríomhaireachta ar leith don phróiséas ar dtús, ina dhiaidh sin seoladh an t-ábhar ó na seancheirníní go ríomhaire agus as sin go dlúthdhiosca.

Glacann sé idir sé agus ocht n-uaire an chloig oibre uair an chloig ceoil a sholáthar do dhlúthdhiosca. Nítear trí chóip d’achan taifeadadh – ceann amháin don chartlann féin, ceann eile don té gur leis/léi an bhunchóip agus an tríú ceann do dhaoine a thig isteach le héisteacht leis an cheol agus le taifeadadh a dhéanamh de, más mian leo.

Luachmhar

Cé go bhfuil cáil ar iardheisceart Dhún na nGall mar cheantar mór fidléireachta, is beag ceol traidisiúnta atá le cluinstin sa dúiche a thuilleadh, go háirithe i rith an gheimhridh; is luachmhaire, dá bharr sin, saothar na cartlainne.

Ní nach ionadh, fidléireacht den chuid is mó atá ar fáil - taifeadtaí baile de cheoltóirí áitiúla, den ghnáthbhunadh a d’fhás aníos leis na damhsaí baile agus le stíl shainiúil cheoil nach bhfuil cloiste ach ag scaifte beag daoine. De réir an bhainisteora, tá tuairim is míle uair an chloig de cheol nach bhfuil curtha ar ríomhaire go fóill agus níl iarracht ar bith déanta ábhar a bhailiú go dtí seo! Agus aidhm an tionscadail i mbéal an phobail, tháinig daoine chun tosaigh le taifeadtaí s’acu féin a bhronnadh ar an Cheartlann.

Tá sé mar sprioc ag Cartlann Cheol Thír Chonaill go mbeidh daoine in innimh dul isteach chucu roimh i bhfad agus am a chaitheamh go socair ag éisteacht leis na seancheoltóirí nó na seanchaithe agus iad i mbun a gceirde. Go fadtéarmach, is mian leo tionscadal turasóireachta a bhunú ar cheol an cheantair. Ba mhaith leo go gcuirfí gníomhaíochtaí bunaithe thart ar an cheol (ranganna, léachtaí, ceolchoirmeacha agus seisiúin) ar fáil do dhaoine aonair nó do ghrúpaí ar leith.

Is cinnte gur mór is fiú an saothar seo agus tá moladh mór ag dul do Mhícheál Mac Giolla Easpuic, a bhailigh an t-ábhar seo as a stuaim féin sna blianta nuair nach raibh trealamh fóirsteanach ar fáil nó, in amanna fiú, an oiread sin measa ar an obair a bhí ar bun.

“Tháinig an tionscadal seo amach as ceo na mblianta, ó thraidisiún ceoil na ndaoine atá curtha ar théip ó thús na seascaidí,” a dúirt sé féin liom, ach, ina theannta sin, fáisceadh an tionscadal as fís agus fuinneamh fir a thóg air féin rud inteacht a dhéanamh ionas go mbeadh na glúnta atá le theacht in innimh sult a bhaint as seancheol agus seanchas iad siúd atá imithe agus foghlaim uathu.

Chonachtas do Mhícheál gur mhór an trua an oidhreacht luachmhar a ligint amú. Nuair a cuireadh tús leis an tionscadal an chéad lá riamh, ceannaíodh an trealamh ab fhearr a bhí ar fáil. Cinnteoidh sé seo go mbeidh na taifeadtaí agus anam an cheoil, na teanga agus an tseanchais thart go lá Thadhg na dTadhgann!

Is as Ard an Rátha i nDún na nGall í Eithne Ní Ghallchobhair. Bhain sí dochtúireacht amach sa Mheán-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh anuraidh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.