CÚINNE NA nEALAÍON
Ag briseadh thar teorainn amach!
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Tá cúpla mí caite ag Antaine Ó Faracháin ag eagrú Sheachtain na Gaeilge, a bheas ar siúl idir 10-17 Márta. Tugann sé eolas anseo faoi na príomhimeachtaí a bheas ar siúl i mBaile Átha Cliath i mbliana.

Íomhá

Tá sí buailte linn arís agus í níos mó agus níos leithne ná má a bhí sí riamh! Tá sí méadaithe agus tá sí ag tarraingt airde ó chuile cheard! Tá sí gealgháireach, dána, machnamhach, ceolmhar, ealaíonta, gnéasach, bríomhar, spraíúil, ciúin, uasal, éirimiúil, drámatúil, fileata, sultmhar, scigiúil, cruthaitheach, dúchasach, ilteangach, uileghabhálach, scléipeach, deisbhéalach agus beo!

Cé hí an aisling seo ar a bhfuil mé ag trácht? Seachtain na Gaeilge, ar ndóigh!

Ag tarlú, mar a bhíonn sí i gcónaí, idir 10 Márta-17 Márta, déanfaidh an fhéile seo réimse leathan d’imeachtaí spraoi a sholáthar do phobal na Gaeilge ar fud na hÉireann agus thar lear. Ach ní ar “phobal na Gaeilge” amháin atá sí dírithe. Ceann de phríomhaidhmeanna na féile ná “gnáthphobal” na hÉireann a mhealladh agus a spreagadh chun an méid Gaeilge atá acu a úsáid agus a úsáid chomh minic agus is féidir le linn na seachtaine sin agus ina diaidh.

Chun an gnáthphobal seo a mhealladh leis sin a dhéanamh tá iarracht déanta an comhthéacs a chruthú inar féidir le daoine a bheith páirteach in ócáidí taitneamhacha a thabharfaidh deis dóibh an teanga a úsáid ar bhealach an-nádúrtha. Is cuma mar sin an duine a bheith líofa sa teanga nó ar bheagán Gaeilge, beidh rud éigin ann dó nó di.

Féile thrastíre atá i gceist le Seachtain na Gaeilge agus is féidir a rá, go fiú, go bhfuil an pobal Gaelach ar fud an domhain á ghríosadh chun páirt a ghlacadh inti. Ag an tráth seo den bhliain bíonn Éireannaigh sa bhaile agus ar fud na cruinne ag ceiliúradh agus is ag ceiliúradh na ngnéithe is tábhachtaí d’ár ndúchas agus d’ár n-oidhreacht a bhímid. Ceann de na gnéithe is bunúsaí den dúchas sin ná ár dteanga féin - an Ghaeilge. Is teanga álainn, shaibhir, sholúbtha, láidir, bheo í atá breá ábalta meon ár linne a chur in iúl. Is fíor go bhfuil nua cumarsáide buailte linn ach ní gá dúinn a bheith faiteach fúithi, mar tá bua na cainte fós againn! Níl le déanamh againn i ndáiríre, mar sin, ach an comhthéacs a chruthú leis an mbua seo atá againn a scaoileadh amach agus sin go díreach an rud atá i gceist le Seachtain na Gaeilge.

Réimse leathan

Mar a bhí anuraidh, tá réimse an-leathan rudaí ar siúl agus iad á n-eagrú go háitiúil ar fud na tíre. Le fáil amach go díreach cad atá ar siúl i do cheantarsa bí ag faire ar an bpreas áitiúil agus ar na meáin chumarsáide nó ar www.cnag.ie, an suíomh gréasáin atá ag Conradh na Gaeilge, nó cuir teachtaireacht chuig seachtain@eircom.net.

Tá clár na féile ar fáil freisin ar an tseirbhís atá ag Radio Teilifís Éireann nó ar an teilifís: Aertel, Network 2, leathanach 490. Tá an scéala á scaipeadh ar fud an domhain freisin, ar ndóigh, ar an ngréasán de sheoltaí ríomhphoist.

Agus mé ag suí chun boird le mo rogha de bhéile a phiocadh ón gclár leathan atá ar fáil le linn Sheachtain na Gaeilge tá uisce le mo ghialltrachaí le dúil! Ach ní fhéadfainn gan an choirm cheoil mhór in Break for the Border (i lár chathair Bhaile Átha Cliath) a bheas ar siúl Dé Céadaoin, 13 Márta a lua libh. Cinnte is féidir a rá go bhfuil Seachtain na Gaeilge ag briseadh thar teorainn amach leis an gceolchoirm seo, ag cur bannaí ceoil na Gaeilge i lár an aonaigh! Beidh an banna iontach reggae Gaeilge, Bréag as Béal Feirste, ag seinm agus ina ndiaidh beidh Cajun agus Tex-Mex againn ón Máimín Cajun Band. Agus ansin dioscó de cheol domhanda go dtí 2.30 a.m.

An oíche roimhe sin, Dé Máirt, 12 Márta, beidh daoine tar éis a bheith ag an bhfile Louis de Paor agus an t-amhránaí John Spillane in Óstán an Russell Court, Sráid Fhearchair. Arís oíche go maidin a bheas ann mar nuair a bheidh Louis agus John críochnaithe leanfaidh an tsiamsaíocht ar aghaidh leis an mbanna snagcheoil An Snag Breac go dtí 2.30 a.m. Agus beidh ceol tango agus go leor eile le cloisteáil ag an gclub Sult ar an Déardaoin, 14 Márta.

Tá ticéad speisialta, an Ticéad Seamróige, ar fáil a chlúdaíonn na trí oíche seo ar phraghas atá craiceáilte amach is amach: €15! Ní fhaca mise margadh chomh maith leis sin le fada.

Tá sé in am duit, mar sin, do chuid Ginseng a ghlacadh! Beidh sé ag teastáil!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.