AR NA SAOLTA SEO
Adele – Cé hÍ Féin?
Muireann Ní Bhaoill Muireann Ní Bhaoill Muireann Ní Bhaoill

Chuaigh Adele i bhfeidhm go mór ar Mhuireann Ní Bhaoill, Gaillimheach óg a bhain duais na hógiriseoireachta ag Gradaim Liteartha an Oireachtais i mbliana.

Íomhá
Leona Lewis
(le David Skinner ar Flickr)
Íomhá
Adele i Seattle arú anuraidh
(le Niko D. ar Vicipéid)
Íomhá
Adele
(le Christopher Macsurak ar Vicipéid)
Íomhá
Jessie J i Nua-Eabhrac
(le Richard & Sons Theater ar Vicipéid)
Íomhá
Scoil BRIT i gCroydon
(le Editor1000 ar Vicipéid an Bhéarla)

Tá Adele i ndiaidh cuid den domhan a mhealladh lena cumas agus lena ceol draíochtúil. Is léir go bhfuil bua na hamhránaíochta aici. Ach cé hí Adele, le fírinne?

Is amhránaí cáiliúil í Adele a bhfuil clú agus cáil bainte amach aici ar fud na cruinne mar gheall ar an nguth mín, cumhachtach atá aici. Cé nach bhfuil sí ach 25 bliana d’aois, tá go leor duaiseanna ceoil bainte amach aici. Bhuaigh sí duaiseanna ó MTV agus bíonn sí le cloisteáil ar bharr na cairteacha go rialta.

Tá meas agam uirthi mar amhránaí, mar cheoltóir agus mar dhuine daonna. Creidim gur duine iontach í, agus go gcruthaíonn sí dea-íomhá do na daoine thart timpeall uirthi. Rugadh í ar an 5ú Bealtaine 1988 i Tottenham, Londain do mháthair dhíomhaoin. Thosaigh sí ag canadh agus í ceithre bliana d’aois agus thaitin an amhránaíocht go mór léi ó shin. Bhog sí lena máthair go deisceart Londain nuair a bhí Adele sé bliana déag d’aois. Taca an ama chéanna, scríobh sí agus thaifead a céad cheirnín darbh ainmHometown Glory’ i ndeisceart Londain, cé nach raibh sí ach sé bliana déag d’aois. D’fhreastail sí ar ‘BRIT School for Performing Arts and Technology’ agus bhain sí céim amach i 2006. Bhí sí sa rang céanna leis na hamhránaithe Jessie J agus Leona Lewis.

Amhráin Adele

Ceithre mhí i ndiaidh di a céim a bhaint, chroch a cara físeán di suas ar an suíomh idirlínMySpaceagus í ag canadh. Bhí an-tóir ar an bhfíseán seo agus níorbh fhada go bhfuair sí glaonna ó na comhlachtaí taifeadtaXL Recordings’ agus ‘Virgin Recordsag iarraidh uirthi ceirnín a dhéanamh leo. As sin amach, d’éirigh thar cinn le Adele.

dhá dhíolam eisithe ag Adele, dhá dhíolam iontacha! Tá siad thar barr, na hamhráin ag plé le cúrsaí grá agus briseadh croí. Creidim go bhfuil an-bhrí ag baint leis na lirící, agus í ag déanamh cur síos ar an bhfulaingt is ar an doghrainn a bhí sa bhriseadh croí seo. Tá glór fíor-chumhachtach aici agus is cosúil go gcuireann sí a croí is a hanam sna amhráin a chanann sí.

Is cinnte go bhfuil an-mheas ag daoine ar Adele as ucht a cuid mothúchán a chur trasna ina cuid amhrán. Is rud an-deacair é seo a dheánamh agus mothaím go bhfuil sé ar nós a dialann phearsanta a oscailt don saol mór agus go léann sí na sonraí uile amach os ard do gach éinne!

A Saol Gairmiúil

Ó shin i leith, tá dhá cheirnín taifeadta aici. D’eisigh sí ceirnín darbh ainm ‘19’ agus í naoi mbliana déag d’aois. Díoladh 2.2 mhilliún cóip den cheirnín seo ar fud na cruinne. Sheol sí ceirnín eile darbh ainm ‘21’ agus í bliain is fiche d’aois. Díoladh 3 mhilliún cóip den cheirnín seo. Bhain sí breis clú agus cáile amach ar na mallaibh leis an amhrán ‘Skyfall’ a thaifead sí go speisialta don scannán is déanaí le James Bond.

Tá an-tallann ag Adele, gan amhras, óir ní hé amháin go mbíonn sí ag canadh ach seinneann sí an pianó, an giotár, an dordghiotár, an méarchlár agus an celeste chomh maith. Taispeánann Adele gur féidir le héinne a bhrionglóidí a bhaint amach má oibríonn siad go crua.

Bíonn Adele le feiceáil ar an teilifís anois agus arís, í i gcónaí sásta agus gealgháireach.

Cé go bhfuil sí go mór os comhair an phobail, coinníonn sí a saol pearsanta di féin. Tá a fhios ag an domhan mór gur saolaíodh leanbh di an fómhar seo caite ach coinníonn sí formhór na scéalta seo faoi rún. Is maith an rud é go gcoinníonn sí smacht ar na meáin toisc go léiríonn sé an meas atá aici uirthi féin agus ar a teaghlach. Tuigeann sí nach gá di a bheith sa nuacht i gcónaí agus ní ligeann sí d’iriseoirí cur isteach ná amach uirthi.

Léaró Dóchais agus Misnigh

Creidim gur eiseamláir í Adele, do ghlúin óg an lae inniu. Feictear dom nach mbíonn sí róbhuartha faoina ‘híomhá’, íomhá shamhailteach úd na linne a chuireann as do go leor daoine óga, cailíní ach go háirithe. Tuigeann sí gur fadhb mhór atá ann agus go gcuireann sé isteach go mór ar shaol daoine agus iad ag iarraidh a bheith ‘foirfe’, ‘togha’ nó cibéard. Mar sin, ní ligeann sí d’aon rud ná d’aon duine cur isteach ná amach uirthi.

Is cosúil go bhfuil Adele an-socair mar dhuine. Cruthaíonn sí “ceol do chluasa, ní do shúile”. Ciallaíonn sé seo go gcuireann sí níos mó béim ar an gceol a chasann sí, ar an amhrán agus ar na lírící in ionad a bheith imníoch faoi céard atá á chaitheamh aici (nó i ndáiríre, cad nach bhfuil á chaitheamh aici). Is rud é seo gur féidir linn ar fad foghlaim as.

Is féidir léi ceacht nó dhó a mhúineadh dúinn go léir faoi chúrsaí grá agus is é mo bharúil go bhfuil sé cabhrach éisteacht leis an gceol agus brí a bhaint as na lírící uaithi.

Cé go bhfuil sí tar éis go leor duaiseanna a bhuachan cheana féin, creidim nach bhfuil ann ach an tús agus go bhfuil rudaí maithe go leor eile le baint amach aici go fóill. Cluinfimid neart eile fós ón amhránaí cumhachtach seo!

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Gaillimheach í Muireann Ní Bhaoill. Tá sí san Idirbhliain faoi láthair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.