CÚINNE NA nEALAÍON
Acadamh Oidhreachtaí Cultúrtha na hÉireann
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

acadamh nua bunaithe i nDoire a bhfuil spriocanna ardaidhmeannacha leagtha amach aige. Tuairisc ó Chiara Nic Gabhann.

Íomhá
Coláiste Mhig Aoidh, Doire

Thosaigh clár spéisiúil imeachtaí ar an 29 Meán Fómhair chun bunú Acadamh Oidhreachtaí Cultúrtha na hÉireann, foras nua ollscoile sa Tuaisceart, a cheiliúradh.

Chuir an Nobel Laureate, Seamus Heaney, tús leis na himeachtaí le hóráid a bhí lán de mhachnamh agus de ghreann géarchúiseach. Ag caint i gColáiste Mhig Aoidh d’Ollscoil Uladh i nDoire , rinne cur síos ar an fhocalothernessagus ar an tslí a n-úsáideann eolaithe agus lucht léinn é chun labhairt faoi dhifríochtaí idir daoine - difríochtaí náisiúnaíocha, creidimh, etc. - nuair a bhíonn taighde oidhreachta agus cultúir tíre i gceist. Maidir leis an Tuaisceart, áfach, mhol gur arthroughothernessan phobail ab fhearr an bhéim a chur.

Is éard atá i gceist leis an Acadamh foras léinn arb é taighde ar oidhreachtaí agus thraidisiúin chultúrtha na hÉireann is cúram . Den chéad uair riamh beidh clár cuimsitheach forbhartha chun taighde idirdhisciplíneach a dhéanamh ar an Stair, an Léann Ceilteach agus Litríocht na hÉireann agus na hAlban, an Béaloideas, Staidéar Cultúrtha, an Ultais, Tíreolaíocht Chultúrtha chomh maith le réimsí gaolmhara eile.

Beidh téamaí áirithe ag treorú na hoibre, mar chuimhne, ionannas agus suíomh, chomh maith le bainistíocht oidhreachta. Is é is cuspóir don fhoras clár taighde a thionscnamh ar fhéiniúlacht: Cad is brí léi? Cad é mar a chruthaíonn daoine a scéal féin? etc. Bainfidh an taighde seo cuid mhaith le saol scealptha an tuaiscirt, ach bainfidh chomh maith le saol agus pobal iomlán an oileáin agus leis an phobal Gaelach timpeall an domhain.

Aithníonn an tAcadamh go bhfuil athruithe ollmhóra cultúrtha ag tarlú taobh istigh chomh maith le taobh amuigh den tír agus mar sprioc aige iniúchadh a dhéanamh ar na hathruithe seo agus a dtionchar ar shochaí na hÉireann a mheas.

Cruthóidh an tAcadamh ardán nua le taighde agus scoláireacht a bhunú ar stair oidhreacht na hÉireann chomh maith le staidéar ar leith ar theangacha agus ar thraidisiúin liteartha na tíre. tosaíocht tugtha i gclár tionscnaimh taighde an Acadaimh don Stair, an Léann Ceilteach agus an Béarla agus foireann - triúr ollúna, seachtar léachtóirí, agus roinnt oifigeach taighde - i mbun oibre ann cheana féin. an tAcadamh lonnaithe i gColáiste Mhig Aoidh, campas Dhoire den Ollscoil.

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.