AR NA SAOLTA SEO
A Uachtaráin, a Chara
Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail

Stocaireacht PNAC agus FPI is ábhar cíortha do Mhaidhc Ó Cathail ina alt an iarraidh seo. Is dhá dhream iad ar féidir leo slad idirnáisiúnta a dhéanamh le scríob den pheann.

Is minic ráite gur treise cleite claíomh. Ar ndóigh, botún a bheadh ann a cheapadh go mbíonn an rud de shíor ag teacht salach ar a chéile. Óir is iomaí uair a bhain duine feidhm as an mbua a bhí aige leis an bhfocal scríofa le daoine eile a spreagadh chun troda ar údar amháin ar ábhar eile.

Bunaithe i 1997 ag beirt nuachoimeádach, William Kristol agus Robert Kagan, lebeartas eachtrach nua-Riagánacha chur cinn, beag an fhreagracht a bhí ag an Tionscadal um Aois Mheiriceánach Nua (PNAC) as an gcogadh tubaisteach san Iaráic. Cúig bliana roimh Oibríocht Shaoirse na hIaráice, scríobh PNAC litir oscailte chuig Uachtarán Clinton ag impí air deireadh a chur le réimeas Saddam Hussein mar gheall ar bhagairt na n-arm ollscriosúil nárbh ann dóibh. Bhí slándáil an domhain ag brath ar fhreagairt na Stát Aontaithe, dar leo.

gur thug Clinton an chluas bhodhar don chomhairle sin, d’éirigh níos fearr leis an dara litir a chum siad an bhliain chéanna. D’fhoilsigh PNAC agus trí dhream eile fógra nuachtáin sa New York Times ar an 20 Meán Fómhair faoin teideal, Mr. President, Milosevic is the Problem.” Bhainfeadh deoir as an gcloich an cuntas a bhí ann ar chruachás phobal Albánach na Cosaive a léamh. Mhaígh siad nach mbeadh síocháin socracht pholaitiúil sna Balcáin go mbeadh deireadh curtha le réimeas Slobodan Milosevic. Is beag faoiseamh a bhí ag Seirbiaigh na Cosaive, ámh, ó thugbuamáil ar son na síochánade chuid ECAT stát nua do Hashim Thaçi agus a chuidArm Saoirse na Cosaive,” an eagraíocht choiriúil atá, de réir thuarascáil Chomhairle na hEorpa, ag gáinneáil ar dhrugaí, airm agus ar orgáin an duine féin.

Is Olc an Ghaoth ...

Chuaigh PNAC i mbun pinn arís naoi i ndiaidh uafáis 9/11 le tacaíocht a thabhairt don Uachtarán Bush as an gcogadh in éadan na sceimhlitheoireachta a fhógairt. Fiú mura raibh aon bhaint ag rialtas na hIaráice leis na hionsaithe, dúirt siad nár mhór do na Stáit Aontaithe tacú go huile is go hiomlán leis na daoine a bhí ag cur in aghaidh Saddam Hussein, mar atá, a gcairde i gComhdháil Náisiúnta na hIaráice faoi cheannas Ahmed Chalabi, an bréagadóir cruthanta agus coirpeach díotáilte ar thug Eoghan Harris s’againne oiliúint chumarsáide .

An bhliain dár gcionn, scríobh PNAC litir eile chuig Bush le comhghairdeas a ghabháil leis as a chuid ceannaireachta misniúla sa chogadh in éadan na sceimhlitheoireachta go dtí sin. Ach d’impigh siad ar an uachtarán brostú leis na beartanna chun deireadh a chur le réimeas Hussein sula ndéanfadh tuilleadh dochair gcairde Iosraelachaagus do Mheiriceá féin. Níor chóir do SAM leanúint lena bheartasgéillte is síthei leith Saddam agus na dtíoránach eile sa Mheánoirthear, dar leo. B’fhearrsaoirse agus rialtas daonlathach sa domhan Ioslamacha chur chun cinn. (B’shin é foinse an Earraigh Arabaigh, b’fhéidir).

Leis na milliúin ina dteifigh marbh san Iaráicsaoraithe,” d’éirigh PNAC as a chuid scríbhneoireachta i 2006. Ach le neart daoine fós le saoradh, trí bliana ina dhiaidh, chuir Kristol agus Kagan tús le PNAC a , an Tionscnamh um Bheartas Eachtrach (FPI). Ar nós a réamhtheachtaí, níor leasc le FPI comhairle a thabhairt don fhear sa Teach Bán. Anuraidh, sheol siad litir oscailte chuig Uachtarán Obama ag tathant air srian a chur ar fhoréigean an stáit sa Libiaba chuma leo faoi fhoréigean nareibiliúnach.” Ag tagairt aitheasc Dhuais Nobel na Síochána – “Inaction tears at our conscience and can lead to more costly intervention later” – mhol an litir deireadh a chur le réimeas Muammar Qaddafi gan a thuilleadh moille.

Le hanord agus ainrialtacht fágtha i ndiaidh na hidirghabháladaonnúlasan Afraic Thuaidh, dhírigh FPI a aird ar Shiria. An mhí seo caite, scríobh siad chuig Obama uair amháin eile agus is beag an difear a bhí idir an litir seo agus ceann na bliana seo caiteseachas ainm Bashar al-Assad a bheith curtha in ionad Qaddafiagus iad araon sínithe go príomha ag lucht tacaíochta Iosrael, agus dornán beag Arabach atá sásta oibriú ar a shon. Agus nuair a chuirtear mósáic il-eitneach na Siria san áireamh, is cinnte nach mbeidh toradh níos fearr ar an gcomhairle seo ach oiread.

Ach nuair a smaoiníonn ar a ndúthracht neamhleithleach ar son na síochána ar feadh na mblianta ar fud an domhain, go háirithe i dtíortha Arabacha thart timpeall ar an stát Giúdach, is ait an rud é nach raibh Kristol agus Kagan ainmnithe don Duais Nobel go fóill. Níl aon amhras, áfach, ach go mbeadh an domhan i bhfad níos síochánta gcuirfí an bheirt agus a gcuid leathbhádóirí chun na Háige.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.