AR NA SAOLTA SEO
‘A Rí, a chara…’
Diarmuid Johnson Diarmuid Johnson

A Rí na bhfeart, tá Diarmuid Johnson tar éis litir a scríobh chuig rí saolta na Rómáine faoina fhidil, fidil an rí, atá ar buanchoimeád in Iarsmalann sa bPolainn.

Íomhá
Macasamhail de chiotóig Chopina
Íomhá
Fidil Rí na Rómáine
Íomhá
Codladh Mochua ar mhacasamhail Chopin i bPoznań
Íomhá
Snas na ceirde
Íomhá
Scríobh an cheoil

Trí huaire a tharla baint ag Rí na Rómáine le mo shaol i mbliana. An chéad uair, cois Abhainn na Réine sa nGearmáin, ó dheas de chathair Bonn, is ag rothaíocht liom a bhíos le bruach na habhann nuair a chonaic mé leacht. Sheas mé:

Is anseo a mhair Michael I, Rí na Rómáine le linn dó a bheith ar deoraíocht sa nGearmáin tar éis an Chogaidh Mhóir.

B’iontach liom gan dáta air. Bhreathnaigh mé uaim suas ar an teach mór áirgiúil a bhí i gceist. Bhí túr ar an teach, agus fuinneoga arda spréite ann.

Ní fada ina dhiaidh sin go bhfaca mé tagairt eile don rí céanna. Le blianta beaga anuas, tá leabhra go leor á bhfoilsiú i nGearmáinis faoin tréimhse a lean an Dara Cogadh Mór. Baineann cuid mhaith den ábhar le hoirthear na hEorpa agus leis an athlonnú a rinneadh ar lucht labhartha na Gearmáinise nuair a cloíodh Hitler agus an tríú Reich. Duine de na cainteoirí Gearmáinise deiridh as ceantar Dobrogea ar chósta na Mara Duibhe in oirthear na Rómáine, tharla ag deireadh an chogaidh ina cailín aimsire í sa teach a raibh Micheal 1 ar a choinneáil ag na Cumannaigh. Nuair a théadh an Rí ag spaisteoireacht cois farraige tráthnóna, chuirtí Martha Panchici suas staighre leis na seomraí a ghlanadh.

Michael D. agus Michael Rí

An tríú huair a tháinig Rí na Rómáine i gceist dom, thuig mé go gcaithfinn a dhul go domhain sa scéal. Ní sa nGearmáin – ná sa Rómáin – a tharla an tríú ní seo, ach i bPoznań na Polainne, áit a raibh leabhar de mo chuid á seoladh. Ó bhí comórtas sacair na hEorpa ann i mbliana, is beag duine in Éirinn nár chuala trácht ar an gcathair úd. Go deimhin thug Uachtárán na hÉireann Mícheál D. Ó hUiginn cuairt ar Phoznań i mbliana. Agus le linn a chuarda, chuaigh sé chuig an iarsmalann uirlisí ceoil.

Is díol suntais atá san iarsmalann uirlisí ceoil i bPoznań na Polainne, ní hamháin de bharr gur sheas Uachtarán na hÉireann ann, ach de bharr gur iarsmalann náisiúnta atá ann agus gan é suite sa bpríomhchathair i Vársá. Tá seoda go leor ann idir mhúnla de láimh dheas Frederic Chopin, agus na veidhlíní luachmhara a rinne Marcin Groblicz i Kraków thart ar an mbliain 1600. Ach tá rud eile fós ann, cé nach dóigh liom gur chuir Michael D. suntas ann. I gcása gloine ar an tríú hurlár, tá veidhlín maisithe, é i gcása deas adhmaid, agus brat dearg scartha faoi. Pictiúr ar an mbrat – buachaill óg. Scríbhinn ar an gcása – Do Michael 1, Rí na Rómáine, bronntanas ó mhuintir na Polainne ar a lá breithe.

D’fhiosraigh mé scéal an veidhlín le stiúrthóir na hiarsmalainne. Dúirt sé liom nach bhfuair an rí óg a bhronntanas riamh. Leis an gcorraíl a bhí san Eoraip sna tríochaidí, cuireadh cúrsaí cumarsáide agus cúrsaí taistil in aimhréidh.

“An bhfuil seans ar bith an veidhlín a thabhairt dó fós?” arsa mise.

“Tá sé 90 bliain d’aois!” arsa an stiúrthóir.

Rí go bhFreasúra

Bhí cuid den cheart ag an stiúrthóir. Rugadh Michael 1 sa mbliain 1921. Agus gan é ach ina pháiste sé bliana d’aois, cuireadh coróin na Rómáine ar a cheann i 1927. Níor mhair an chéad réim ach trí bliana, ach bhí an dara réim ann ó 1940 go dtí 1947. Le linn bhlianta an Chumannachais, mhair Michael 1 ar deoraíocht, i Sasana agus san Eilvéis, agus sa nGearmáin ar feadh tamaill sa teach a chonaic mé féin cois na Réine. D’fhill sé ar a thír dhúchais i 1992, ach bhí fáilte chomh croíúil ag an slua roimhe gur chuir an rialtas thar teorainn ar an iasacht arís é ar fhaitíos na réabhlóide. Ach ó 1997, tá áras aige i mBúcairist, agus gan bac ná laincis ag cúrsaí polaitíochta ar a shaol.

San óstán dom an oíche sin i bPoznań, rinne mé staidéar dom féin. Agus shocraigh mé litir a scríobh. Mar seo: ‘A Rí, a chara, tá mé ag scríobh chugat maidir le veidhlín a rinne muintir na Polainne duit ar do lá breithe i 1930, sílim. Tá an veidhlín breá seo in Iarsmalann Náisiúnta na nUirlisí Ceoil, Poznań, An Pholainn. Tá scríbhinn agus pictiúr in aon chása leis an veidhlín a thugann le fios gur leat féin é an veidhlín agus gur duit a rinneadh é. Dá mba mhian leat an bronntanas seo a rinne muintir na Polainne seo duit fadó a fháil anois, deir stiúrthóir na hiarsmalainne liom gur dóigh gur féidir sin a shocrú’.

Chuir mé tuilleadh eolais sa litir, agus an seoladh cuí. Ní raibh le déanamh agam ansin ach glaoch ar oifigí an rialtais i mBúcaraist, rud a rinne mé, le seoladh an árais ríoga a fháil. Chuir mé an litir chun bealaigh agus í cláraithe, maraon le cóip chuig stiúrthóir na hiarsmalainne, agus cóip chuig Ambasáid na Rómáine sa bPolainn. Beidh lá breithe Michael 1 ann arís ar an 25ú Deireadh Fómhair. Dhá bhliain déag agus cheithre fhichead a bheas sé. Tá súil agam go bhfaighidh mé freagra ar mo litir roimhe an dáta sin.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Gaillimheach é Diarmuid Johnson a bhfuil blianta caite aige ag obair i dtíortha thar lear.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.