AR NA SAOLTA SEO
A Dhreapadh, nó gan a Dhreapadh, sin í an Cheist
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Turasóireacht go lár na hAstráile, nó sotal an fhir ghil? Ní féidir líon mór de na ‘fámairí’ a choinneáil anuas de Uluru, ionad naofa Mhuintir Anangu. Caithfidh siad satailt air agus is measa an scéal le tamall anuas, mar is eol do Bhearnaí Ó Doibhlin.

Íomhá
Uluru, i gceantar mhuintir Anangu
Vicipéid
Íomhá
Fonn dreaptha ar Kevin Rudd i dtólamh
Íomhá
Ealaín airt
Peter Woodward a tharraing ar Vicipéid
Íomhá
Uluru
Ar Vicipéid

Tá Uluru, nó Carraig Ayers, ar cheann de na seoda aiceanta is cáiliúla san Astráil a mheallann turasóirí chucu, ach tá stair chontúirteach bainteach léi beagnach ón lá a chonaic an fear geal í de chéaduair. Tugtar an Charraig uirthi sa ghnáthchaint abhus agus is áit an-íocónach í Uluru do mhuintir na hAstráile.

Tá an charraig i gcroílár na tíre - an croí dearg mar a thugann muintir na hAstráile air - agus tá sí ar cheann de na liagáin is mó ar domhan. Tá sí 348 méadar in airde agus tá imlíne de 9.4 ciliméadar timpeall uirthi. Níl ach 3% den charraig le feiceáil os cionn talún agus meastar go síneann sí síos tuairim is cúig chiliméadar faoin talamh.

Chonaic fear geal an liagán cáiliúil seo de chéaduair beagnach céad is ceathracha bliain ó shin, nuair nach raibh ach tuiscint dhoiléir ag na coilíneachtaí Eorpacha ar lár na hAstráile. Tá baint ag muintir dhúchais na hAstráile le ceantar na carraige le deich míle bliain anuas ar a laghad, de réir fianaise na seandálaíochta. Tugtar Anangu ar mhuintir dhúchais an cheantair agus thug siadsan an logainm Uluru uirthi. Níl a fhios ag éinne cad a chiallaíonn an t-ainm, ach is ionad naofa í an charraig do mhuintir dhúchais na háite.

William Gosse ab’ ainm don taiscéalaí a bhí ar an gcéad fhear geal a chonaic Uluru, thiar sa bhliain 1873. Thug seisean an t-ainm Carraig Ayers uirthi, in ómós don Ridire Henry Ayers, a bhí ina Ard-Rúnaí na hAstráile Theas ag an am. Níor bhuail an smaoineamh Gosse an t-ainm a bhí ag an mhuintir dhúchais a lorg! Dhreap Gosse an charraig agus ba léir go ndeachaigh sí i gcion go mór air ón méid a scríobh sé fúithi ag an am: “This rock is certainly the most wonderful natural feature I have ever seen.”

Tréada an Ampla Isteach

Ní raibh sé i bhfad i ndiaidh thaiscéalaíocht Gosse go dtí gur tháinig na chéad choilínigh gheala chuig ceantar Uluru agus bhunaigh siad tionscal an tréadaigh ann. Thóg siad eallach isteach agus rinne innilt na n-ainmhithe seo an-dochar do na foinsí traidisiúnta bia a raibh an mhuintir dhúchais logánta ag brath orthu, go háirithe nuair a thit triomach amach sa limistéar tirim seo.

D’éirigh coimhlint idir an dá bhuíon i dtaca le hacmhainn bia an cheantair agus ní raibh aon leisce ar na coilínigh dul i muinín an fhornirt lena ngabháltais agus a n-ainmhithe a chosaint. Ba iad an mhuintir dhúchais a bhí thíos leis an gcoimhlint ag deireadh an lae, mar a tharla arís agus arís eile i stair na gcoilíneach sa tír seo. Bhí a ndúichí seilge traidisiúnta caillte ag an mhuintir dhúchais agus dá bhrí sin léirscriosadh a slí mhaireachtála agus a saíocht.

Tá cion agus meas ag muintir na hAstráile ar an gcarraig. Ba dheasghnáth aistrithe saoil é d’ógra geal na hAstráile le blianta fada an t-achar fada intíre a thaisteal leis an gcarraig a dhreapadh. Tá leac chuimhneacháin ag bun an chosáin ar Uluru, le hainmneacha na ndaoine a fuair bás nuair a thit siad uaithi, agus ní hionadh é gur fir óga a bhformhór acu.

Ní hiad ógra na tíre seo amháin a thugann aghaidh ar Uluru agus an dúshlán í a dhreapadh. Tá an charraig ar na nithe is díol spéise do thurasóirí is coitianta san Astráil agus tugann tuairim is 400,000 duine cuairt uirthi gach bliain. Is as tíortha thar lear cuid nach beag díobh agus déanann beagnach 40 faoin gcéad de na turasóirí seo iarracht an charraig a dhreapadh.

Maslú Pobail le Cúpla €uro a Tharraingt

D’iarr muintir dhúchais an cheantair ar chuairteoirí gan an charraig a dhreapadh blianta fada ó shin, ach thug go leor acu neamhaird ar a n-achainí. Is ionad naofa é an charraig do mhuintir dhúchais an cheantair, mar a luaigh mé thuas, agus tuigeann cuid de na cuairteoirí go maslaítear a saíocht nuair a dhreapann daoine í. Tarraingíodh aird an phobail ar an gceist achrannach seo arís cúpla mí ó shin nuair a rinne turasóir Francach, darb ainm Alizee Sery, rince ar bharr Uluru inar bhain sí an chuid ba mhó dá cuid éadaí di. Chuaigh iompar na mná Francaí go smior i muintir dhúchais na háite. Mhaígh sí nach raibh aon bheagmheas ar a saíocht i gceist aici, ach ní fheadar an ndéanfadh sí amhlaidh ar altóir ardeaglaise i bPáras?

Athraíodh logainm oifigiúil na carraige sa bhliain 1993 go Ayers Rock/Uluru, le haitheantas a thabhairt do mhuintir dhúchais an cheantair. Athraíodh an t-ainm go Uluru/Ayers Rock go hoifigiúil naoi mbliana ní ba dhéanaí le céad áit sa logainm a thabhairt do chéad mhuintir na tíre, agus cuireadh tús le feachtas nua le toirmeasc a chur ar dhreapadh na carraige. (Ar Facebook thíos)

Tá Uluru i bpáirc náisiúnta agus dá bhrí sin tá an rialtas náisiúnta freagrach as riar na carraige. D’eisigh bord bainistíochta na páirce dréachtphlean riaracháin bliain ó shin inar luadh na fadhbanna éagsúla a bhí ag cur isteach ar an gcarraig: na daoine ag fáil bháis uirthi, an bruscar a fágadh uirthi agus an creimeadh a bhí ag tarlú uirthi. Mhol siad go gcuirfí deireadh le dreapadh na carraige le dul i ngleic leis na fadhbanna seo.

Saoirse chun Satailte

Ba léir láithreach nach mbeadh aon toirmeasc i gceist nuair a cháin an freasúra náisiúnta an moladh agus dúirt an príomhaire ag an am, Kevin Rudd, go mbeadh sé féin “brónach” dá mbeadh cosc ar chuairteoirí an charraig a dhreapadh. Fuair an bord bainisteoireachta 172 aighneacht mar fhreagra ar an dréachtphlean, 153 acu mar thoradh ar an moladh faoi dhreapadh na carraige. Bhí 78 aighneacht i bhfabhar an toirmisc agus 75 acu ina choinne.

Dhiúltaigh an rialtas náisiúnta an moladh i mí Eanáir i mbliana, ach dúirt an tAire Comhshaoil, Peter Garrett, go raibh sé “dóchasach” go laghdófaí líon na dturasóirí a dhreapann Uluru sna blianta beaga amach romhainn. Chuir sé maoiniú ar fáil don tionscal turasóireachta le nithe nua is díol spéise do thurasóirí a bhunú sa cheantar, ionas nach mbeadh dreapadh na carraige ar an bpríomhchúis a thugann daoine cuairt ar an bpáirc.

Tugann an rialtas náisiúnta aitheantas do mhuintir dhúchais Uluru mar “úinéirí traidisiúnta” na talún, agus táthar ag súil go mór go mbeadh a saíocht ina cuid lárnach de na nithe nua is díol spéise do thurasóirí sa pháirc. Thabharfadh a leithéid deiseanna fostaíochta do chomhphobal ina bhfuil fadhbanna uafásacha sóisialta le sonrú le blianta fada anuas. Feictear dom go dtabharfadh a leithéid rud eile dóibh a bheadh i bhfad níos tábhachtaí - cuid dá ndínit ar ais don bhunadh atá ag fulaingt go géar beagnach ón lá a bhí Gosse ar an gcéad fhear geal a dhreap Uluru.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.