CÚINNE NA nEALAÍON
91 céim, 4 urlár agus cupán tae ...
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar Queen Street Studios i mBéal Feirste agus labhair le Susan McKeever, duine de na healaíontóirí atá ag obair ansin, faoin taispeántas saothar sa Waterfront Hall an mhí seo.

Íomhá
Saothar de chuid Susan McKeever
Grianghraf: Ciara Nic Gabhann
Íomhá
Susan McKeever ar dhíon Queen's Street Studios
Grianghraf: Ciara Nic Gabhann
Íomhá
Íomhá
An Waterfront Hall, áit a mbeidh saothar Susan McKeever le feiceáil i rith na míosa seo
Grianghraf: Ciara Nic Gabhann

Ag siúl suas na 91 céim a thóg chun na stiúideonna ealaíne ar Shráid na Banríona i mBéal Feirste a bhaint amach bhí furasta stair an tseanfhoirgnimh sin a mhothú. Ba stiúideonna priontaí é fadó agus ón taobh amuigh agus istigh go leor den charachtar go fóill le brath ann. Seanfhoirgneamh brící suite i gcroílár na cathrach atá ann agus na stiúideonna ar an cheathrú hurlár.

Bhí ann le labhairt leis an phéintéir Susan McKeever faoina taispeántas a bheas le feiceáil an mhí seo sa Waterfront Hall, an t-ionad ildisciplíneach ealaíon a d’oscail sa chathair cúig bliana ó shin.

Bhí Susan ag cur bailchríche ar a saothar nuair a bhuail léi agus, thar cupán tae, thug píosa beag cúlra féin domh chomh maith le heolas ar stair na stiúideonna.

Is as Béal Feirste ó dhúchas í agus luigh isteach ar an ealaín i ndiaidh di blianta a chaitheamh ag déanamh cineálacha éagsúla oibre i Johannesburg na hAfraice Theas agus sa Bhruiséal. Mhínigh domh go raibh a croí i gcónaí san ealaín agus go raibh deacair aici socrú isteach i ngnáthphost. In ainneoin go raibh deas tuarastal rialta a bheith aici bhí an glao róláidir agus b’éigean di pilleadh ar ais ar shaol na healaíne.D’fhreastail ar an choláiste ealaíne i mBéal Feirste agus bhain céim amach sa phéintéireacht sa bhliain 2000. Mhinígh domh go ndearna iarracht leanúint ar aghaidh lena cuid péintéireachta óna teach féin i ndiaidh di an coláiste a fhágáil ach nach raibh praiticiúil ó thaobh spáis de. Nuair a tháinig stiúideo saor chun cinn ar Shráid na Banríona raibh leisce ar bith uirthi bogadh isteach.

Bunú na stiúideonna

Cuireadh tús le Queen Street Studios sa bhliain 1984 nuair a shocraigh roinnt ealaíontóirí a bhí ag teacht le chéile mar ghrúpa comhchoiteann go raibh tábhachtach go mbeadh áit acu féin le bheith ag obair. Fuair siad deontas beag ón Chomhairle Ealaíon agus d’éirigh leo an spás ar an cheathrú hurlár den fhoirgneamh a ghlanadh amach agus a roinnt suas ina spásanna éagsúla.

In ainneoin deacrachtaí airgid thar na blianta na stiúideonna oscailte ó shin i leith agus ealaíontóir is fiche ag obair iontu anois. riarthóir fostaithe acu a choinníonn smacht ar chúrsaí, chomh maith le clár na bhfógraí a choinneáil suas chun dáta maidir le taispeántais, deontais, srl. spás dánlainne san fhoirgneamh, áit a mbíonn taispeántais mhíosúla ag na healaíontóirí ó na stiúideonna. stádas carthanachta ag na stiúideonna, agus seo an áit as a dtagann fórmhór an airgid a bhíonn de dhíth chun an áit a choinneáil oscailte. Lena chois sin, bíonn imeachtaí ar siúl i rith na bliana, ar nós ceardlanna ealaíne do dhaltaí scoile, a chuireann cúpla pingin sa chuntas chomh maith.

An tírdhreach agus an fharraige atá mar fhoinsí ionsparáide ag Susan McKeever ina cuid péintéireachta. Oibríonn le dathanna láidre ola i stíl theibí. deis faighte aici go dtí seo a saothar a thaispeáint i Nua-Eabhrac, chomh maith le dánlanna éagsúla i dtuaisceart agus i ndeisceart na hÉireann agus i Sasana.

D’úsáid sceitseanna agus cuimhní a bhí bailithe aici i ndiaidh di am a chaitheamh ar chósta Chonamara mar fhoinse don chnuasach pictiúr a bheas le feiceáil sa Waterfront Hall an mhí seo. Beidh 20 píosa ar fad ar taispeáint agus iad 1m x 1m cearnach agus stíl spleodrach theibí i ndathanna dearga agus gorma i gceist.

Osclóidh an taispéantas ar an 2 Meán Fómhair agus beidh le feiceáil go dtí an 27 Meán Fómhair.

Eolas: Adam Turkington, Comhordaitheoir Ealaíon agus Pobail, Waterfront Hall (028) 9033 4400; TurkingtonA@waterfront.co.uk

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.