AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
2011: Annus Horribilis ag Príomh-Aire Julia Gillard
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Míníonn Bearnaí Ó Doibhlin an dóigh a bhfuil Príomh-Aire na hAstráile ag snámh in aghaidh easa ó chuaigh sí siar ar ráiteas réamhthoghcháin a bhí tugtha aici.

Íomhá
An Príomh-Aire Gillard
(le Adam Carr ar Vicipéid)
Íomhá
Tony Abbott ag caint ar cháin charbóin Iúil 2011
(le Djack Manson ar Vicipéid)
Íomhá
Teach na Parlaiminte
(le Franz ar Picasaweb)

Tháinig sé aniar aduaidh ar mhuintir na hAstráile nuair a thug feisirí Pháirtí an Lucht Oibre bata agus bóthar do Kevin Rudd, a bhí ina Phríomh-Aire ag an am, i mí an Mheithimh 2010 (Eagrán 111, Iúil 2010). Cheap siad Julia Gillard d’aon ghuth i gcomharbacht air, an chéad Phríomh-Aire mná i stair na tíre, agus cuireadh tús láithreach bonn leis an líomhain nach raibh a ceapadh dlisteanach de bharr nach raibh Gillard tofa ina Príomh-Aire ag lucht vótála na hAstráile.

Tá an córas rialtais abhus bunaithe ar chóras Westminster de chuid na Ríochta Aontaithe agus ní thoghann lucht vótála an príomh-aire go díreach, sa chaoi ina dtoghtar, go hiondúil, Uachtarán na hÉireann, cuirim i gcás. Ceapann móramh sa teach íochtar, Teach na nIonadaithe, an príomh-aire tar éis olltoghcháin, ach mothaíonn na vótálaithe go gceapann siadsan an príomh-aire de bharr go mbíonn a fhios acu roimh olltoghchán cé a bheas ina phríomh-aire nuair a vótálann siad.

Cháin dreamanna éagsúla an dóigh ar ceapadh Gillard a luaithe is a bhain sí an post amach. Maíodh go raibh ceannairí na ndrong i bPáirtí an Lucht Oibre agus ceannairí áirithe ar na ceardchumainn taobh thiar dá ceapadh, seachas an lucht vótála. Mhothaigh daoine go leor eile nár tugadh cothrom na Féinne do Rudd, an chéad phríomh-aire i stair na tíre a fuair a thópar le linn a chéad téarma. Tugadh feallmharfóir ar Gillard sna meáin, a mhaígh gur sháigh sí Rudd sa droim.

Móramh Sceach i mBéal Bearnan

Cuireadh go mór leis an líomhain go raibh rud éigin mídhlisteanach i dtaca le réim Gillard nuair a theip uirthi tromlach a bhaint amach san olltoghchán a reáchtáladh dhá mhí tar éis a ceaptha. Tá 150 suíochán sa teach íochtar agus níor bhuaigh a páirtí ach 72 acu, an líon céanna is a bhuaigh an freasúra. D’éirigh léi tacaíocht a mhealladh ó cheathrar de na trasbhinseoirí, an t-aon fheisire de chuid an Pháirtí Ghlais ina measc. B’éigean don rialtas feisire a ainmniú ina cheann comhairle sa teach agus a chloígh leis an gcleachtadh seanbhunaithe nach mbeadh vóta aige/aici. Bhí tacaíocht ag teastáil ón gceathrar go léir thuas le haon reachtaíocht a rith, dá bhíthin sin.

Measadh go forleathan ag deireadh na bliana 2010 go dteipfeadh ar an gcomhaontú idir Gillard agus na trasbhinseoirí sul i bhfad, ach gheall Gillard go hurrúsach go mbeadh 2011 ina “year of decision and delivery” aici. Rinne sí dianiarracht cur lena briathar cé go raibh deacrachtaí go leor aici mar gheall ar rialtas mionlaigh a bheith i gceist. Thar aon ní eile, tharraing dúnghaois amháin dá rialtas an t-uafás feannadh uirthi i gcaitheamh na bliana: an tAcht um Fhuinneamh Glan.

Reachtaíodh an t-acht deiridh i mí na Samhna le dul i ngleic le fadhb an athrú aeráide agus tugadh an Cháin ar Charbón go forleathan air. Tiocfaidh sé i bhfeidhm i mí Iúil le meicníocht a bhunú a ghearrfas praghas ar astaíocht charbóin. Beidh cúiteamh ann dóibh siúd a bheas thíos leis an gcáin, idir thomhaltóirí agus thionscail.

Dul Siar ar a Focal

An rud is mó a ghoill orthu siúd atá i gcoinne na cánach ná gur gheall Gillard go neamhbhalbh go díreach roimh an olltoghchán deiridh nach mbeadh a leithéid ann. Dúirt sí ag an am, “There will be no carbon tax under the government I lead”, bíodh is go raibh dúnghaois ag a páirtí le scéim trádála astaíochta a chur i bhfeidhm. Ní hionadh é mar sin go raibh ceannaire an fhreasúra, Tony Abbott, in ann feachtas fíochmhar in éadan na cánach a chothú.

Nuair a d’fhógair Gillard i mí Feabhra anuraidh go molfadh a rialtas reachtaíocht le praghas a ghearradh ar charbón, thug Abbott an “toxic tax” air. Mhaígh sé go ndéanfadh a leithéid an-dochar do gheilleagar na hAstráile agus go mbeadh “people’s revolt” i gcoinne na cánach de bharr gur inis an Príomh-Aire bréag chorpanta dóibh. Thug seisean “Ju-liar” uirthi agus mhol sé do dhaoine teacht amach ar na sráideanna lena míshásamh a chur in iúl.

Reáchtáladh léirsithe móra fud fad na tíre agus labhair Abbott ag cuid mhór acu, ag maíomh nach raibh sa reachtaíocht ach gotha gan bun ná barr air leis an Páirtí Glas a shásamh. Maígh sé freisin go raibh na hantoiscigh sa pháirtí sin ag díriú an rialtais, go raibh Taidhgín ina mháistir ar Thadhg – nó go raibh an t-eireaball ag croitheadh an mhadra, mar a deirtear sa Bhéarla. Chuir aithisc Abbot an lasóg sa bharrach, ach measadh go ndeachaigh sé thar fóir nuair a sheas sé ag léirsiú amháin agus an mana “Ditch the Witch” scríofa ar chlár taobh thiar de.

Ceist Ama

Foilsíodh pobalbhreitheanna go leor i rith na bliana 2011 a léirigh titim shuntasach ar thacaíocht don cháin ar charbón agus do Pháirtí an Lucht Oibre dá bharr sin. Thug na rannpháirtithe le fios gurb é an bhréag a d’inis Gillard i ndáil leis an gcáin a ba chionsiocair a n-athrú intinne.

Mar bharr ar an donas, léirigh na pobalbhreitheanna freisin go gcuirfí go mór le tacaíocht don pháirtí dá mbeadh Kevin Rudd ar ais ina cheannaire. Tá Rudd ina Aire Gnóthaí Eachtracha agus cé gur mhaígh sé arís is arís eile go raibh sé lánsásta leis an bpost sin, bhí ráflaí sna meáin tar éis fhoilsiú gach pobalbhreithe go raibh lucht tacaíochta Rudd sa pháirtí ag cuimhneamh ar dhúshlán Gillard a thabhairt.

Bhí Gillard i sáinn faoi dheireadh na bliana 2011, gan aon agó, agus tá tráchtairí áirithe den tuairim go mbeidh deireadh lena réim go luath. Bhí bua beag amháin aici ar na mallaibh, ámh, a thóg an cian dá cuid tacaithe. Chuir sí ina luí ar fheisire de chuid an fhreasúra an post mar cheann comhairle a ghlacadh agus ciallaíonn sé sin go bhfuil vóta sa bhreis aici sa teach íochtarach. Ciallaíonn sé freisin nach mbeidh ach tacaíocht ó thriúr de na trasbhinseoirí le haon acht a rith dá bhíthin sin, agus go bhfuil sé níos dóchúla anois go mairfidh an rialtas i gcumhacht go dtí deireadh a théarma, in earrach na bliana seo chugainn.

Chuir Gillard athrú airí i bhfeidhm i mí na Nollag le hiarracht a dhéanamh cuma úrnua a chur ar a rialtas agus aird an phobail a dhíriú ar na hearnálacha a mheasann sí a mheallfadh ar ais an tacaíocht atá caillte aige. Beidh le feiceáil má éiríonn leis an gcleas, nó nach bhfuil ann ach athchóiriú chathaoireacha deice an Titanic.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.