CAINT AN tSRÁIDBHAILE
2003: bliain rathúil do lucht na Gaeilge

Tharla go leor rudaí dearfacha i saol na Gaeilge sa bhliain 2003 ach caithfear a chinntiú go dtógfar ar an mhéid a baineadh amach, sa bhliain atá romhainn.

Is dócha go bhféadfaí a rá go raibh bliain mhaith ag lucht na Gaeilge in 2003. Rinneadh an Bille Teanga a achtú sa deireadh, ceapadh an Coimisinéir Teanga, fuarthas réiteach ar cheist liúntas cánach na mban tí Gaeltachta agus bunaíodh Acadamh na Gaeilge le dlús a chur leis an ollscolaíocht trí Ghaeilge.

Bhí bliain mhaith ag na meáin chumarsáide Gaeilge chomh maith. Cuireadh tús le foilsiú laethúil an nuachtáin *Lá *i mBéal Feirste; tháinig méadú ar líon lucht féachána TG4; agus tugadh aitheantas do Raidió na Gaeltachta mar stáisiún a dhéanann freastal cuimsitheach ar lucht na Gaeilge in Éirinn agus ar fud an domhain.

Tá an Stát, go háirithe trí Fhoras na Gaeilge, ag tabhairt tacaíocht láidir do scéimeanna pobail, d’fhoilseacháin mar *Beo! *agus ag maoiniú fhorbairt an fhoclóra Gaeilge - Béarla, tionscadal ina mbainfear úsáid as na modhanna oibre is éifeachtaí atá ar fáil i réimse na foclóireachta.

Agus bliain eile romhainn anois, caithfear a chinntiú go mbeidh bliain chomh rathúil céanna againn agus go dtógfar ar an bhunsraith atá leagtha síos le tamall anuas.

Thar aon rud eile, is dócha go mbeidh daoine ag súil le toradh a fheiceáil ar chuid oibre an Choimisinéara Teanga. Is cinnte gur dúshlán a bheas ann dó na ranna stáit a mhealladh le seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil go forleathan agus le dea-mhéin. Tá an reachtaíocht ansin anois mar thacaíocht láidir don Choimisinéir ina chuid iarrachtaí agus caithfear a chinntiú chomh maith go mbeidh an t-éileamh ansin ón phobal don tseirbhís.

Tá a fhios ag Gaeilgeoirí go rímhaith an leisce a bhíonn ar lucht seirbhísí stáit freastal a dhéanamh orainn i nGaeilge. Go dtí seo, is minic a caitheadh le lucht na Gaeilge mar chustaiméirí den dara grád, agus ar féachadh orainn mar chrá croí nuair a d’éiligh muid bunseirbhísí inár dteanga dhúchais.

Cé mhéad príomhoide scoile, mar shampla, a ghlaoigh ar an Roinn Oideachais, a fuair an freagra “Fan nóiméad” agus a raibh air/uirthi fanacht ar an líne a fhad is a bhíothas ag lorg duine le Gaeilge leis an ghlao a thógáil?

Shílfeá, mar shampla, go mbeadh sé éasca go leor deasc amháin le seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil in Ard-Oifig an Phoist ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath. Níor deineadh gníomh chomh simplí sin riamh, cé go bhfuil aithne ag go leor againn ar státseirbhísigh atá báúil leis an Ghaeilge agus atá breá sásta í a labhairt am ar bith. Ní leis na gnáth-státseirbhísigh atá an fhadhb, mar sin, ach leis an chóras ceannasaíochta nár ghlac leis riamh go raibh cearta teanga chomh tábhachtach céanna le cearta eile daonna.

Tá fáilte mhór curtha ag pobal na Gaeilge roimh cheapadh an Choimisinéara Teanga agus meas curtha in iúl ar an duine atá roghnaithe. Ní éireoidh leis, áfach, mórán a bhaint amach muna socraíonn na heagraíochtaí Gaeilge uilig, mar thosaíocht, go dtabharfar tacaíocht iomlán don oifig sin agus, níos tábhachtaí fós, go n-éileoidh lucht na Gaeilge an tseirbhís atá ag dul dúinn.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.