CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
“I loves th’ oul’ songs!”
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Ag Scoil Samhraidh Joe Mooney i nDroim Seanbhó i gContae Liatroma an mhí seo caite, bhuail Antaine Ó Faracháin trí thimpiste le beirt den lucht siúil a raibh an-dúil acu sna hamhráin agus fuair sé amach gur ó mhuintir duine acu a bailíodh roinnt amhrán a cuireadh amach ar albam dar teideal Songs of the Irish Travellers (1983).

Íomhá
Íomhá

Teach tábhairne ciúin folamh faoi dheireadh! Éalú ón slua, an raic, an rúille búille, an torann, an gleo, an brú daoine. Áit le suí. Coirnéal le dul ag seinm. Faoiseamh! Shiúil muid isteach, an triúr againn, uirlisí inár lámha againn. Beirt nó triúr a bhí san áit romhainn agus iad ag ól go ciúin. Bhí an teilifís ar lasadh os íseal sa choirnéal.

“Ah,” a dúirt bean a raibh folt fada gruaige ar dhath an airgid uirthi, a bhí suite léi féin, “Sing us a few songs. I’ve been waiting all night for a few songs. Sing us a few songs before the taxi arrives.”

“Maybe you’ll sing one yourself too,” *a dúirt mé féin ar ais léi. Las a haghaidh. D’ardaigh a croí. Bhog a cosa ar an urlár. Chroith sí a folt fada ar dhath an airgid agus dúirt, *“Ah sure I’m not able to sing at all, but I loves th’oul’ songs!” Bhí a fear céile ina shuí go ciúin ag an gcúntar. Chas sé a chloigeann thart amhail is go raibh sé féin ag iarraidh an rud céanna a rá. D’ardaigh sé a chluas, ach ní dúirt sé tada.

D’ordaigh mé cúpla deoch agus d’fhiafraigh mé den chomhluadar ar mhiste leo dá múchfainn an teilifís. Ní raibh duine ar bith ag breathnú uirthi ar aon chaoi. Níor mhiste. Bhrúigh mé an cnaipe agus laghdaigh an pictiúr go dtí spota beag bídeach bán i lár an scáileáin. Faoiseamh arís. Leis an ngníomh beag sin a rinne mé le mo chorrmhéar níorbh fhada gur thosaigh an chaint agus an comhluadar i gceart. Ach bhí an tacsaí le teacht ag meán oíche! Ní raibh mórán ama ag bean na gruaige airgid ná ag a fear céile. B’fhearrde dúinn tosú ag seinm.

Thóg an bheirt bhan a bhí in éindí liom na cansairtíní amach agus thóg mise an fhidil amach. Chuir muid téacs chuig cara eile linn a bhí ag ceolchoirm sa halla. Bhí an cheolchoirm beagnach thart. Bheadh feadóg mhór linn ar baillín beag.

Cúpla port éasca le tús a chur le rudaí mar sin. Ní raibh muid tar éis a bheith ag seinm le chéile le bliain b’fhéidir agus bhí muid tuirseach tar éis a bheith ag siúl thart ag lorg áite. Theastaigh cúpla tiúin éasca uainn le tús a chur le rudaí. Ceol deas simplí, mall le socrú síos, mar sin. Sheinn muid cúpla port agus bhí cúpla ríl againn ansin ar an dóigh chéanna. Comhrá arís agus cúpla tiúin eile. De réir a chéile tháinig duine i ndiaidh duine isteach ón mbóthar ar chloisteáil an cheoil dóibh agus shuigh siad síos ag éisteacht. Bhí an beár ag éirí ní ba ghnóthaí. Tháinig an fheadóg mhór isteach agus, tar éis tamaillín, cúpla ceoltóir eile fós. Bhí muid faoi lánseol anois. Bhí na tiúineanna ag teacht i ndiaidh a chéile anois gan mórán stró. Tar éis tamaill bhí seal beag ciúnais againn.

“Sing me a song, will ye,” *a deir bean na gruaige airgid, í ag tapú an deis nuair a bhí an ciúnas ann. *“I loves th’oul’ songs.” *Amhrán den lucht siúil a shocraigh mé i m’intinn a chasadh, mar bhí a fhios agam gur den lucht siúil í an bhean seo agus a fear céile. Smaoinigh mé ar cheann a d’fhoghlaim mé ó théip darb ainm *Songs of the Irish Travellers, ceann a bhí ag bean den lucht siúil ón taobh sin tíre, Mary McDonagh, ó Mhothail i gContae Liatroma, agus thosaigh mé:

“Were ye ever down at the tri-coloured houseWhere every rose grows merry and fine.’Tis there you will meet with a neat bonny lassWill ye tell her she’ll be a true love of mine.

Tell her to make me a nice new shirtWhere every rose grows merry and fine.Without any seams nor seamage workAnd then she will be a true love of mine.

Tell her to wash it in yon spring wellWhere every rose grows merry and fine.Where water never sprung nor never fellAnd then she will be a true love of mine.”

Bhreathnaigh mé anonn uirthi le linn dom a bheith ag casadh an amhráin. Bhí sí ag casadh os íseal in éindí liom, na focail ag teacht ar ais chun cuimhne di de réir a chéile, a cuid beola á dtarraingt aníos ó dhuibheagán na hintinne. Bhí a fear céile ag féachaint orm anois agus a shúile ar lasadh. Bhí a bheola siúd ag bogadh freisin agus é ag stánadh orm, go dtí gur tháinig mé go deireadh an amhráin.

“And when that he’s done and finished his workWhere every rose grows merry and fine.Let him come to me for his Cambrick shirtAnd then he will be a true love of mine.”

*“Ah,” *a deir bean na gruaige airgid, *“me mother-in-law used to sing that one.” *

Bhreathnaigh mé ar a fear céile ag an gcúntar. Bhí sé ina shuí suas go hard ar a stól anois.

“That was me mammy’s song,” *a deir sé. “Ah. And me granny used to sing it too.” *

Bhí a bhéal ar leathadh agus bhí deoir bheag ina shúile.

“I loves th’ oul’ songs ye know,” *a deir sé, “I loves th’ oul’ songs.” *

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.