CÚINNE NA nEALAÍON/AG LÉAMH DOM
The end of literature is at hand’
Antain Mag Shamhráin Antain Mag Shamhráin

Féachann Antain Mag Shamhráin ar shaothair chritice de chuid a Bhéarla nach bhfuil a leithéid le fáil sa Ghaeilge, rud atá cur baic ar fhorbairt na litríochta, dar leis.

Íomhá
Hillis Miller, údar an leabhair On Literature
Íomhá
Régis Debray, údar Dieu, un itinéraire

Thagair do J. Hillis Miller an t-am deireanach a bhí ag scríobh sa cholún seo, agus go háirithe don leabhar aige On Literature *(2002). Thrácht go speisialta ar an méid a deir fán tábhacht a bhaineann leis an tús i saothar litríochta agus fán dóigh a dtéann an tús i bhfeidhm go cinniúnach ar phróiseas na léitheoireachta. Níor mhiste dom a gur cuid suntais an tús atá ar leabhar sin Miller féin agus níor mhiste tamall a chaitheamh ag meabhrú a chuid focal, is orthu a bhí ag brath mo scéal a tharraingt san alt dheireanach sular dhírigh ar chás an eagarthóra (Beo!*, Lúnasa 2004).

Deir Miller sa chéad pharagraf leabhar:

The end of literature is at hand. Literature’s time is almost up. It is about time. It is about, that is, the different epochs of different media. Literature, in spite of its approaching end, is nevertheless perennial and universal. It will survive all historical and technological changes. Literature is a feature of any human culture at any time and place. These two contradictory premises must govern all serious reflectionon literaturethese days. (On Literature, lch 1) Is é atá a mhaíomh, an rud a dtugaimidnelitríochtair, agus a dtugtar a leithéid chéanna d’ainm air i dteangacha eile na hEorpa, an coincheap sin den saothar cruthaitheach scríofa a mbíonn áilleacht foirme agus éifeacht mhothaitheach ag baint leis, is rud nua i stair an iarthair é. Le forbairt an chló agus le leathadh na litearthachta a tháinig an coincheap sin den litríocht chun cinn, agus is i gcuideachta na saoirse cainte, an daonlathais agus an náisiúnstáit a tháinig . Leis an náisiúnstát a tháinig an nóisean den litríocht náisiúnta agus buanaíodh sin in institiúid na hollscoile nua-aimseartha taighde a tháinig chun cinn sa naoú haois déag. Dhá chúram a bhí ar an ollscoil, “an fhírinnea fhionnachtain agus saoránaigh a oiliúint. Ón am sin amach ba í an litríocht an gléas oiliúna par excellence le luachanna agus fiúntais an náisiúin a sheachadadh ó ghlúin go glúin; leis an ghlúin óg a oiliúint ionas go neartófaí na luachanna agus na fiúntais chéanna, agus an náisiún féin thoradh sin (lgh 1-7).

Ach deireadh leis an sin anois, dar le Miller. uathúlacht agus aontacht an náisiúnstáit á gcreimeadh i rith an ama; an t-iolrachas, an t-ilchineálachas, an t-ilchiníochas, an t-ilteangachas fiú, ag dul i dtreis taobh istigh d’fhormhór na náisiúnstát; deireadh ag teacht de réir a chéile le críochdheighilt na litríochta ina litríochtaí náisiúnta in institiúid na hollscoile; deireadh ag teacht leis na cúrsaí traidisiúnta litríochta; deireadh le príomhpháirt na litríochta in oiliúint na saoránach; agus deireadh le príomhaíocht an chló. cúram na hoiliúna á chomhlíonadh anois ag meáin eile chumarsáide, dar leis; ag na meáin chraolta, an raidió, an teilifís, na scannáin is na físeáin, agus ag an ghréasán dhomhanda. chuireann an t-athrú sin ann féin imní mhór ar bith ar Miller gur dóigh leis go bhfuil baint aige le géarchéim airgeadais na ranna litríochta sna hollscoileanna sa atá inniu ann. mheastar an céanna a bheith leo ó deireadh le cúram oiliúna úd na litríochta (lgh 8-12).

Is é cúis nach rómhór an imní atá ar Miller dheireadh na sin gur sa dara cuid den chéad pharagraf úd a chuireann seisean suim; sa litríocht faoina gné uilíoch shíoraí. Deir :

[Literature] is a certain use of words or other signs that exists in some form or other in any human culture at any time. Literature in the first sense, as a Western cultural institution, is a special, historically conditioned form of literature in the second sense. In the second sense, literature is a universal aptitude for words or other signs to be taken as literature. (lch 13) Cruthúchán atá sa litríocht sa dara ciall sin a bhaineann leas as teanga ar bhealaí éagsúla tráthanna éagsúla i sochaithe éagsúla le saothair a chur ar fáil a mheastar an tráth sin sa tsochaí sin a bheith ina litríocht. Is é sainchomhartha na litríochta de dhóigh Miller an cumas atá inti réaltachtaí samhalta a chruthú trí mheán na teanga. Leis an teanga chéanna a chuireann lucht a labhartha eolas ar an domhan iomlán ina maireann siad, rud a fhágann an saothar litríochta ina thrasghearradh den iliomad dioscúrsaí a thiteann amach sa teanga.

An fhealsúnacht teanga a bhfuil saothar critice Miller bunaithe uirthi, an díthógáilan smaointeoireacht a bhunaigh Derridadéanann iarracht ar dhul i ngleic le hiolracht sin na ndioscúrsaí mar mhaithe le próiseas comhdhéanta na n-ilbhríonna sa saothar litríochta a thabhairt chun solais. Léiríonn thoradh sin, de dhóigh lucht leanúna na díthógála, nach féidir le téacs liteartha luachanna agus fiúntais dheifnídeacha a iompar mar a mhaígh bunaitheoirí agus buanaitheoirí institiúid sin na litríochta bhfuil Miller ag tagairt. In áit a bheith ag díriú ar nóisean démodé den litríocht, dar le Miller agus lena chomhghleacaithe, ba chóra a bheith ag díriú ar shainchomhartha úd na litríochta a iniúchadh; ar chumas sin na litríochta na réaltachtaí samhalta a chruthú gan aici ach na focail.

Fuinneog eile

Le linn a bheith ag obair ar an alt seo léigh léirmheas le Brian Rotman in The London Review of Books *ar leabhar dar teideal *God: An Itinerary, aistriúchán ar Dieu, un itinéraire *a scríobh Régis Debray, comrádaí Che Guevara, comhairleoir speisialta Mitterand (LRB*, 17 Feabhra 2005). D’oscail an léirmheas sin fuinneog eile ar eolas dom agus nach í an litríocht atá faoi chaibidil sa leabhar ag Debray níl a chuid smaointeoireachta gan baint a bheith aici le héirim a bhfuil le ag Miller.

I Lúnasa na bliana 1999 d’fhoilsigh Debray alt dar teidealQu’est-ce que la médiologie?” ar Le Monde diplomatique. ( ar fáil ar an ghréasán sa bhun-Fhraincis agus sa Bhéarla.) Ag forbairt a bhí ar smaoineamh a luaigh den chéad uair fiche bliain roimhe sin i leabhar eile leis. Debray féin a chum an focalmédiologie”. “Meáneolaíochtis dócha a thabharfaí air i dtéarmaíocht Ghaeilge an lae inniu ach mhaíonn Debray gur eolaíocht atá ag iarraidh a fhorbairt. Staidéar anailís atá i gceist aige. ar na meáin chumarsáide atá ag caint i gciall chúng an lae inniu den fhocalmeáin”. ag caint ina áit sin aranailís ar an ghaol idir nafeidhmeanna arda sóisialta (an reiligiún, an idé-eolaíocht, an ealaín, an pholaitíocht) agus meáin is ócáidí [milieux] a seachadta is a n-iompartha’. Lena chur i bhfocail eile, ar idirghníomhaíocht na teicneolaíochta agus an chultúir atá ag caint, go háirithe ar fhorbairt an chultúir de thoradh na teicneolaíochta a bhíonn ar fáil ag am ar leith.

In *God: An Itinerary *tugann Debray faoi staidéar meáneolaíochta ar bhreith, ar fhás agus ar bhás an Ghiúd-Chríostaí. Tchítear go bhfuil an t-aistear sin fite fuaite leis an scríbhneoireacht. Níorbh fhéidir an Dia sin a shamhlú gan forbairt na scríbhneoireachta, dar leis. hann don fheidhm ard roimh mhodh a seachadta; leis an cheann scríbe a thig an bunphointe ris. Scrúdaíonn Debray forbairt an choincheapa den dia aibítreach, mar a thugann air, trí mheán sraith de mhaitrísí struchtúraitheacha, idir Ghiúdacha, Héilléanacha agus Rómhánacha, a dhealbhaigh agus a chódaigh tógáil éifeachtach pholaitíochta agus diagachta in imeacht na n-aoiseanna. Rianaíonn an t-aistear ón mhona-adhradh atá i gceist sna deich n-aitheanta (adhradh an aon amháin gan a mhaíomh nach bhfuil ann ach an t-aon dia) ionsar an aondiachas atá i réim níos faide anonn sa Sean-Tiomna, agus a dhaingnítear sa chonradh scríofa san áirc.

Rianaíonn fosta an dóigh ar fhás agus ar leath an Chríostaíocht amach as seict áitiúil de thoradh na bhforbairtí ar theicneolaíocht na scríbhneoireachta a chuir ar chumas *élite *sagartúil téacsanna beannaithe a iompar agus a shíolteagasc ach iad a choinneáil faoi smacht an tionscadail láir i rith an ama. Le forbairt an chló tháinig casadh mór eile sa scéal. Cuireadh an Bíobla ar fáil go forleathan agus spreag sin an léitheoireacht phearsanta a shaor idirmhíniú an bhriathair bheannaithe ó smacht na sagart. Lean an Reifirméisean sna sála air sin.

teicneolaíocht an fhocail scríofa á claochlú arís i seo an eolais dhigitigh agus na dteicneolaíochtaí cumarsáide, agus lena chois sin príomhaíocht an téacs aibítrigh á treascairt ag iomadú na n-íomhánna luaineacha, rud a shonraigh Miller chomh maith le Debray. na feidhmeanna arda sóisialta á gcroitheadh athuair agus á gcur i gceist, agus impleachtaí tromchúiseacha ag baint leis sin. Deir Rotman:

For Debray, theobsolescence of the media of the alphabetical Godin contemporary digital culture is marked by a shift from linear narrative and the conquest of time to an instantaneously occupied space, from collective accomplishment within history predicated on future deferment to a here/now culture of personal fulfilment. Thus, the death of the God of letters and the weakening of the religions organised around Him, far from producing a spiritual void or a new rationalist order, is facilitating a resurgence of mysticism, an era of superstition and eclectic spirituality, where pagan ceremonies dedicated to the earth-goddess Gaia mix with ecological science; astral fluids sit happily alongside Zen; kabala blends with witchcraft, yogic meditation and Sufi mysticism; where belief in Buddhist reincarnation coexists with Christian burial; where aliens from the cosmos surround us; where the dead are channelled on a daily basis; and so on. Proliferatingtraffic jams of meaning’ are ushering in what Debray regards, by no means negatively, as a re-enchantment of the world. Contrariwise, he could have cited Allah, no less a God of the alphabet than his Judeo-Christian relatives, as still alive and kicking because Islamic civilisation has yet to plunge into the videosphere and the textual mayhem of the digital age. Beidh a thuairim féin ag gach duine de sin ar fad ach scéal cinnte gur sa chomhthéacs sin, sa ghuairneán sin, a chaithfear amharc ar litríocht agus ar scríbhneoireacht na Gaeilge faoi láthair. scríbhneoirí na Gaeilge le hurraim na léitheoirí a thuilleamh beidh orthu freagairt do dhálaí saoil na linne seo ar bhealaí a aithneoidh na léitheoirí a bheith nua-aimseartha agus ag teacht leis an taithí atá acu féin ar an saol. feidhm le cineálacha éagsúla scríbhneoireachta, idir an úrscéalaíocht thraidisiúnta, a chuimseodh in insint sholéite smidiríní na seanchinnteachtaí is dán doiligh dúinn, agus aistí liteartha is intleachtaí sin a thabharfadh dúshlán daingean ár dteanga agus ár dtuisceana.

go bhfuilimid gann ar fad ar iarrachtaí leithéid faoi láthair ach táimid gann ar an dioscúrsa atá riachtanach le tacaíocht a thabhairt don litríocht agus le ligean di forbairt. bith rud aontú le Hillis Miller le Régis Debray gan aontú leo, is beag scoláire Gaeilge na laethanta seo a scríobhfadh saothar chomh mionchúiseach, bhí a leithéid riamh ann. An a bheadh sa tóir ar anailís bhunúil ar an choinníoll dhaonna i mblianta tosaigh seo na haonú haoise is fiche, ar éigean a tharraingeodh chuige leabhar Gaeilge. Sin é ár ndúshlán trí shaol na saol.

Tagairtí

Debray, Régis, 2001. Dieu, un itinéraire: Matériaux pour l’histoire de l’Éternel en Occident, Páras: Odile Jacob.

Debray, Régis, 2004. God: An Itinerary, Londain: Verso.

Miller, J. Hillis, 2002. On Literature, Londain & Nua-Eabhrac: Routledge.

Is é Antain Mag Shamhráin údar *Litríocht, Léitheoireacht, Critic *(1986), agus ba é comheagarthóir an irisleabhair bhliantúil Oghma (1989-98). Ba bhall é d’fhoireann eagarthóireachta an Ghúim ó 1980 go dtí an mhí seo caite ach post nua faighte aige anois le Coimisiún na Scrúduithe Stáit.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.