« » 1 2
tabhair freagratabhair freagra #4 April 6 Meitheamh 2014, 13:50 GMT
A Harp, céard a tharla do do chuid Gaeilge! Ar imigh sí uait!?
tabhair freagratabhair freagra #5 Harp 7 Meitheamh 2014, 17:36 GMT
A Harp, céard a tharla do do chuid Gaeilge!

...ar saoirse!!...ar ais go luath!!

Is mise,
tabhair freagratabhair freagra #6 April 8 Meitheamh 2014, 21:45 GMT
San áit céanna a bhfuil Fearn, is dóigh liom. : )
tabhair freagratabhair freagra #7 Fearn 10 Meitheamh 2014, 20:50 GMT
Alt spéisiúil eile uait, a Bhearnaí, GRMA
tabhair freagratabhair freagra #8 Bairneach 14 Meitheamh 2014, 12:27 GMT
Faraor a April tá géarghá lena leithéid san Astráil ach go h-áirithe le smacht éigin a chur ar an maslú cine agus an íde béil ciníoch atá coitíonta go leor anseo .
tabhair freagratabhair freagra #9 April 15 Meitheamh 2014, 10:52 GMT
Níl sé riachtanach ariamh ceartana diúltacha daoine eile a sharú. Ní chuireann ceartanna diúltacha isteach ná amach ar dhuine ar bith agus ní chuireann siad iachall ar dhuine ar bith chun iad a comhlíonadh. Ní féidir le focla ceartanna duine ar bith a sharú, is cuma cé chomh maslach is atá siad.

Go hairithe mar nach bhfuil an ceart ag duine ar bith gan a bheith 'offended'.

Níl gearghá le do leithéid go PC Politeness Brigade ariamh.

I mo thuairimse féin, tá lucht na heite chlé offensive. Sóisialaithe ach go hairithe. Cé atá níos measa na daoine a bhíonns ag gríosú ar son idé-eolaíochta a sharaíonn ceartanna daoine agus a mharaigh 200.000,000+ daoine? Agus níl na daoine a bhfuair siad bas mar gheall ar an mbochtanas agus ar an nganntanas agus ar an salachar san aireamh san uimhir sin. Is féidir liom a rá go bhfuil géarghá rud éigean a dhéanamh fúibhse. B'fhéidir gur cheart dúinn toirmisc a chur ar aon rud a bhaineanns leis an Sóisialachas. Is féidir liom a chruthú go daingean dá mbeadh bhur saoirse cainte saraithe fadó , ní bheadh Hitler agus Jim Crow Laws ann ariamh. Nach mbeadh an domhan seo i bhfad níos fearr as dá mbeadh cosc iomlán ar an Sóisialachas? Ar lucht idé-eolaíochtaí na heite chlé ar fad? Agus nach mbeadh sé sin i bhfad níos faireailte, ceartanna na daoine nach creideann siad féin sna ceartanna dúiltacha a sharú?

So..céard a cheapann tú? Meas tú ba cheart dúinn tosóidh libhse agus leatsa ach go hairithe? Ba cheart dúinn smacht a chur ar fhear atá ag gríosí in aghaidh cirt bunúsaigh, nar cheart?
tabhair freagratabhair freagra #10 Bairneach 15 Meitheamh 2014, 23:20 GMT
Seafóid dearg a chrúdán creimheach April,a steall buinnigh,a bhollamán bréan.téigh ar ais chuig do thír inár rugadh thú a mheall puitigh,a leibide dúr nach labhrann Béarla ar bith.Cloistear a leithéid de mhaslaí minic go leor san Astráil a April Sin samplaí (aistrithe) den chineál droch íde béil atá coitianta agus fáth go bhfuil géar ghá le 12 C san Astráil.
tabhair freagratabhair freagra #11 Bairneach 15 Meitheamh 2014, 23:28 GMT
April
18 C a bhí i gceist ní 12C mar a lua mé níos túisce.
tabhair freagratabhair freagra #12 April 16 Meitheamh 2014, 10:22 GMT
Ní maith liom féin argóintí ad hominem páistiúla de chineáil ar bith, ach mar nach bhfuil aon cheart sáraithe ag na focal sin, cén dochar?

Siad an fhadhb na daoine nach bhfuil aon fhadhb acu ceartanna bunúsacha a shárú. Tá d'fhaisisteachas i bhfad níos measa ná drochíde béil ar bith. Agus ní thagann as ach olcas i gcónaí.

Ar thug tú faoi deara nach bhfuil meas madra agat féin ar dhuine ar bith eile, a Bhairtigh? Síleann tusa go bhfuil cibé céard atá ardmheas agat air nó atá luachmhar dhuitse an rud is luachmhara agus is cirte agus tá an ceart agat é a bhrú ar 'chuile dhuine eile tríd an stát gan díospóireacht ar bith, ar nós 'chuile dhuine eile de d'idé-eolaíochta.

Nuair atá meas ag duine ar dhaoine eile, táthar in ann breathnú ar dhaoine eile agus indibhidiúil a fheiceáil a bhfuil an ceart aige nó aici a rogha rud a dhéanamh i dtaobh céard atá ceart agus luachmhar dó nó di féin. Níltear ag iarraidh á gceartanna a shárú nuair atá meas ag duine ar dhaoine eile. Ní bhreathnaítear orthu mar meatsticks ar do stáitse féin a bhfuil an ceart agat smacht a chur orthu de réir do chreidimh mhíloighciúil féin.

An gceapann tú go bhfuil do mhothúcháin faoin name-calling thuas níos tábhachtaí ná ceartanna bunúsacha daoine eile? I ndairíre?

Agus rud amháin eile, a Bhairtigh...Má tá an rialtas i mbun social engineering ar a son féin agus ag iarraidh inimircigh a ligeann isteach atá ar son reachtaíochta agus polasaithe a bhíonns ag sárú ceartanna daoine eile nó a chruthaíonns fadbhanna ar nós na bhfadbhanna a chruthaíonns Dialathaithe Moslamacha, b'fhéidir go bhfuil cúis mhaith ann don fhearg atá ar chuid na hAstráilaithe.
Ag an nóiméad seo, tá á gceartanna caidrimh agus á gceartanna cainte agus á gceartanna maoine sáraithe ag an rialtas. Nach bhfuil an ceart acu a bheith feargach faoi sin?
tabhair freagratabhair freagra #13 April 16 Meitheamh 2014, 14:30 GMT
Brón orm, a Bhairnigh, thug mé Bhairtigh ort. Úps.

Is léir nach bhfuil mo shúile chomh maith is a bhíodh. : /​
« » 1 2
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!