« » 1 2
tabhair freagratabhair freagra #1 Tom 2 Bealtaine 2014, 00:46 GMT
Rugadh mé i Sasana, ach is mo thuismitheoirí as an Gaeltacht iad. Tá beagánín Gaelic agam ach tá a fhios agam go bhfuil mo chuid gramadach bocht. Níl aon deis agam ariamh Gaeilge a fhoghlaim i gceart nuair a bhi mé i scoil.

I Londain anois tá éicint ranganna bunusach ar fáil i nGaeilge agus dreamanna comhrá le scata mór daoine á bhfreastal. Tá suim sa teanga i Sasana ach tá sé uilig reáchtáilte le dheoraithe agus daoine as sliocht Éireannach. Níl aon tacaíocht as eagraíochtaí Gaeilge ar bith as Tuaisceart Éireann, fiú go bhfuil muid ina gcónaí sa tír céanna.

Bhfuil sé cothrom go bhfuil easpa deiseanna agus achmhainní i gcoirnéal amháin an Ríocht Aontaithe agus tá go leor i gcoirnéal eile? Fiú go bhfuil an líon eitneach Éireannaigh i bhfad níos mó i mBreatain ná Tuaiceart Éireann, ní chuireas an céanna béim ar an teanga a chur chun cinn ar an ár bpobal ar chor ar bith.

Níl an locht ar an rialtais na Breatain ach ar an eagraíochtaí Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Tá freagracht orthu an leasa cultúrtha a chur chun cinn i dtaobh an pobal eitneach Éireann sa Ríocht Aontaithe. Tá teip orthu ar fad ar an dualgas seo. Ba chóir náire orthu, cén chaoi a d'feidfidís níos lú a dhéanamh do pobal Éireannach anseo?
tabhair freagratabhair freagra #2 Tom 3 Bealtaine 2014, 00:11 GMT
Cén fáth nach bhfuil Gaelscoil amháin i Londain? Tá pobal mór Éireannach ann agus tá neart daoine le Gaeilge acu. Tá scoil lán-Breatnais ann as na 1950ú, tuige nach bhfuil ceann againn?
tabhair freagratabhair freagra #3 Peadar O'Donnell 3 Bealtaine 2014, 13:21 GMT
Cad is bri le Sasana san alt seo? An Bhreatain - Alba 7 An Bhreatain Bheag san aireamh - no fior-Shasana?

Tom: dheineadh iarracht Gaeilscoil a bhunu i mBrixton - chuala me go raibh go leor tuismitheoiri ann a raibh suim acu ann - ach amhain go rabhadar ro scaipthe ar fud na cathrach.
tabhair freagratabhair freagra #4 Brian Ó Ruairc 4 Bealtaine 2014, 11:48 GMT
Céard faoina bhunú i Learpholl mar sin? Caithfidh go bhfuil dlús daonra Gael sách ard ansin.
tabhair freagratabhair freagra #5 Fearn 6 Bealtaine 2014, 12:18 GMT
Ceist spéisiúil, cé gur truamhéileach nach raibh ach beirt ag seasamh scrúdaithe i Sasana. Ní anch ionadh go bhfuil siad ag cur deireadh leis.
Sílim go bhfuil sé faoi Roinn Oideachais Thuaisceart Éireann tathaint ar na húdaráis chuí i Sasana na scrúdaiteh a chur ar fáil go héasca.
Ach is faoi na Éireannaigh, agus sliocht na nÉireanach ranganna a chuir ar fáil a fhreastalódh ar an lucht foghlama. Tuige nach bhfuil Éireannaigh Shasan ag éileamh a gcearta oideachais?
tabhair freagratabhair freagra #6 Traolach Mac Suibhne 7 Bealtaine 2014, 19:07 GMT
Cheapas fein go raibh borradh faoi fhoghlaim na Gaeilge i Londain le tamall. Tuigim go bhfuil craobh de Chonradh na Gaeilge ann, agus go bhfuil suim nach beag ag dlus maith daoine sa Ghaeilge.
« » 1 2
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!