« » 1 2 3
tabhair freagratabhair freagra #13 Concubhar 18 Eanáir 2014, 13:31 GMT
Ar ndóigh tá an ceart glan agat Philip. Sin é an slí a oibríonn na h-údaráis, is cosúíl. Dheinfeá gáirí nó gol.
tabhair freagratabhair freagra #14 Donncha 21 Eanáir 2014, 11:47 GMT
tabhair freagratabhair freagra #15 seá-en pá-drig 22 Eanáir 2014, 22:34 GMT
Cibé réiteach a roghnófar ba bhfearr liom seirbhís nuachta a bheadh i láthair go leanúnach, bliain i ndiaidh bliain, tóirneach, báisteach agus griannmhar. Ní maith liom seirbhís a bheidh bainte nuair a bhíonn cúlú beag san gheilleagar nó rud mar sin.
tabhair freagratabhair freagra #16 AnFearGanAinm 24 Eanáir 2014, 07:46 GMT
Cá bhfios ach go mbeidh an nuachtán ar líne nua lonnaithe ó thuaidh óir níor éirigh le heagras ar bith ann stádas a bhaint amach mar cheann de na sé cheanneagraíocht nua atá roghnaithe ag Foras na Gaeilge faoin scéim nua maoinithe. Beidh sé suimiúil súil a choimeád air sin...
tabhair freagratabhair freagra #17 S Ní C 26 Eanáir 2014, 15:05 GMT
Done Deal dhéarfainn. Nuachtán as Béal Feirste
tabhair freagratabhair freagra #18 Fearn 27 Eanáir 2014, 12:12 GMT
> Done Deal dhéarfainn. Nuachtán as Béal Feirste

Tá súil agam nach Ben Dunne Deal é!
tabhair freagratabhair freagra #19 Cuairteoir 27 Eanáir 2014, 18:24 GMT
Nuacht ar líne, sin an t-aon bhealach chun tosaigh. Agus is cuma cén áit a mbeadh sé lonnaithe, 'fhad is go bhfuil sé maith.
tabhair freagratabhair freagra #20 Donncha 29 Eanáir 2014, 14:11 GMT
'Nuacht ar líne, sin an t-aon bhealach chun tosaigh.' Ní hé a cheap na daoine a thug a dtuairim sa phróiséas comhairliúchán a reachtáil an Foras níos túisce i mbliana. Nuachtán ar líne amháin a theastaigh ó 17% nó duine as seisear. Deirtear liom go bhfuil se iarratas faighte ag an bhForas. Táimse dóchasach fós go mbeidh nuachtán ar líne agus nuachtán clóite ar fáil dúinn, le nach mbeidh an seirbhís teoranta don 17% de dhaoine a mb'fhearr leo gur ar líne amháin a bheadh sé.
tabhair freagratabhair freagra #21 AnFearGanAinm 31 Eanáir 2014, 09:55 GMT
Chuile sheans a Dhonncha nach dteasaíonn ón 17% sin nuachtán ar líne amháin amach is amach ach an oiread, ach is dóichí go bhfuileadar ar an tuiscint tar éis blianta fada de 'ghnáthnuachtáin' Ghaeilge ag dul in éag nach ann a thuilleadh ach an t-aon bhealach amháin chun tabhairt faoin tógra seo - agus sin leis na meáin nua mar a déarfá - le nuachtán ar líne. B'iontach an rud é nuachtán Gaeilge clóite den scoth a bheith ann ach an gceannófaí é chomh méid sin lena thabhairt slán?
tabhair freagratabhair freagra #22 Eoin Ó Loingsigh 31 Eanáir 2014, 13:49 GMT
Tá 90 rud éigin % de mhuintir na hÉireann ar son caomhnú na Gaeilge ach is fíorbheag an líon a chaomhnós í. 5% nó mar sin, cheapfainn. An rud céanna faoi nuachtán clóite. Fanfaidh breis is 90% de na cóipeanna ar an tseilf. Deir na hÉireannaigh rud amháin atá uaillmhianach, ach níl baol ar bith go gcuirfidh siad i gcrích é. Coinneoidh siad an t-airgead ina bpóca agus siúlfaidh siad ón tseilf le nuachtán Sasanach ina ngleic. Íocfaidh siad as sin ceart go leor mar gur spéis leo sacar nó saol duine 'mór le rá'. Is ionann 'mór le rá' agus Béarlach, Sasanach nó Montrosach.
« » 1 2 3
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!