« » 1 2 3
tabhair freagratabhair freagra #1 Fearn 11 Iúil 2013, 11:53 GMT
@An rud is iontaí faoin scéal seo uilig ná a laghad suime atá pobal Mheiriceá ag cur ann.

B'fhéidir nach bhfuil meas ag an ghlúin suas ar an phríobháideachas!
tabhair freagratabhair freagra #2 April 12 Iúil 2013, 11:24 GMT
Tá suim go leor ag daoine go leor i ngach scannal an riaracháin lofa seo. An scannal NSA agus Snowden san aireamh. Ar ndóigh, bheadh muide sach ionraic go mbeadh chuile fíric luaite againn, mar shampla, is 'comhlacht príobháideach' é Booze Allen Hamilton a bhfuil 99% á dteacht isteach ag teacht ón rialtas.

Ar ndóigh, tá scéalta níos nua ann. Go hairithe na scealta i dtaobh an Solyndra de reachtaíocht Obamacare agus á cur-ar-ceal sealadach agus araile. Ba mhaith le cuid is mó dinn sa tír seo é a chur ar ceal go deo na ndeor do chuile dhuine. Scéal eile, na bréag a d'inis na meáin faoi chás Zimmerman an Hispanic agus an ladar a chuir Obama agus Holder ann. Agus ar ndóigh, tá na hexecutive orders ag Obama ar son Global Warming agus á War on Coal a bhíonns ag ardu costaisí fuinnimh. Tá suim ag daoine chomh maith sa méid airgid a gcosnaíonns laethanta saoire na hObama's agus insan airgead atá ár rialtas ag caitheamh ar an mBraithreachas Moslamach, agus iad ag rá linne nach bhfuil siad in ann ár dTeach Bán a choinneáil oscailte ná tinte ealaine a chur ar fail do na saighdiúirí ar 4ú lá d'Iúil agus seirbhísí eile a chur ar fáil mar gheall ar seqestration. Agus níos mó nach iad.

Iontas na niontas, níl aon fhianaise ann go bhfuil suim agatsa sna scéalta seo. Tá na rudaí nach mbíonn tú ag deanamh trácht orthu i gcónaí níos suimiúla ná na rudaí a mbionn tú ag scríobh futhu.
tabhair freagratabhair freagra #3 Fearn 13 Iúil 2013, 13:00 GMT
@ bheadh muide sach ionraic go mbeadh chuile fíric luaite againn, mar shampla, is 'comhlacht príobháideach' é Booze Allen Hamilton a bhfuil 99% á dteacht isteach ag teacht ón rialtas.

Cad é an pointe agat? Luann an t-iriseoir: "B’fhéidir an rud is mó nach ndearnadh suntas de go fóill ná go raibh an tUasal Snowden ag obair do chomhlacht príobháideach spiaireachta, Booz Allen Hamilton,,"
tabhair freagratabhair freagra #4 April 13 Iúil 2013, 14:20 GMT
Tá 99% á dteacht isteach ag teacht ón rialtas, mar sin, cé nach bureau den rialtas é go díreach nó go hoifigiúil....gan an rialtas, ní bheadh an comhlacht seo ann. Níl aon bhaint ag an gcomhlacht seo leis an earnáil phríobháideach ná leis an margadh saor.

Uimhir a dó..is ollamh é Briain Ó Broinn. Níl sé ina iriseoir. Agus níl a fhios ag an ollamh seo ceard é go díreach a dtugann daoine suim ann nó a ndéannann siad suntas de.

DAS Smaoinigh faoi seo...Má chreideann 25% de phobal Mheiriceá gur ceart é a chúiseamh as tréas, ciallaíonn sé sin nach gcreideann 75% gur cheart é a chúiseamh sa tréas. Agus cén fáth nar fhiafraigh tú de cén phointe a bhí aigesean?
tabhair freagratabhair freagra #5 Fearn 13 Iúil 2013, 19:33 GMT
> Tá 99% á dteacht isteach ag teacht ón rialtas, mar sin, cé nach bureau den
> rialtas é go díreach nó go hoifigiúil....gan an rialtas, ní bheadh an
> comhlacht seo ann. Níl aon bhaint ag an gcomhlacht seo leis an earnáil
> phríobháideach ná leis an margadh saor.

Cad a b'fhiú duit an pointe seo a dhéanamh nuair nach mbaineann sé le eithne na hargóinte?

> Uimhir a dó..is ollamh é Briain Ó Broinn. Níl sé ina iriseoir. Agus níl a
> fhios ag an ollamh seo ceard é go díreach a dtugann daoine suim ann nó a
> ndéannann siad suntas de.

Scríobhann sé d'iris!!

> DAS Smaoinigh faoi seo...Má chreideann 25% de phobal Mheiriceá gur ceart é
> a chúiseamh as tréas, ciallaíonn sé sin nach gcreideann 75% gur cheart é a
> chúiseamh sa tréas. Agus cén fáth nar fhiafraigh tú de cén phointe a bhí
> aigesean?

Nach bhfiafrófa ós rud é go bhfuil sé ag déanamh scime dhuiit?
tabhair freagratabhair freagra #6 April 13 Iúil 2013, 21:49 GMT
Scríobhann sé d'iris!!>>>>

Tá tú thar a bheith greannmhar uaireanta. : )

An feirmeoir mé anois agus mé ag obair sa ngairdín?
Bhain mé an féar. An garraíodóir mé?
Réitigh mé lón. B'fhéidir gur cocaire mé anois.
Ceard a cheapann tusa , a Fhirn?
tabhair freagratabhair freagra #7 Fearn 14 Iúil 2013, 16:10 GMT
> Scríobhann sé d'iris!!>>>>
> Tá tú thar a bheith greannmhar uaireanta. : )
> An feirmeoir mé anois agus mé ag obair sa ngairdín?
> Bhain mé an féar. An garraíodóir mé?
> Réitigh mé lón. B'fhéidir gur cocaire mé anois.
> Ceard a cheapann tusa , a Fhirn?

Tá d'éagannacht go dona inniu, nach bhfui?
tabhair freagratabhair freagra #8 Fearn 14 Iúil 2013, 18:31 GMT
> Scríobhann sé d'iris!!>>>>
> Tá tú thar a bheith greannmhar uaireanta. : )
> An feirmeoir mé anois agus mé ag obair sa ngairdín?
> Bhain mé an féar. An garraíodóir mé?
> Réitigh mé lón. B'fhéidir gur cocaire mé anois.
> Ceard a cheapann tusa , a Fhirn?

Tá d'éagantacht go dona inniu, nach bhfuil?
« » 1 2 3
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!