« » 1 2
tabhair freagratabhair freagra #5 Seán Ó Riain 4 Bealtaine 2013, 18:23 GMT
Cén torann a dhéanann teanga ar tí báis?
"Bhí mo smartphone ag bottom mo handbag ach tá sé lost!!"
"Níl sé lost! There it is, ar an mbord!"
tabhair freagratabhair freagra #6 Páid Ó Donnchú 4 Bealtaine 2013, 22:24 GMT
Seans go raibh sé seo uilig oibrithe amach ag Fennell tríocha cúig bliana ó shin....
tabhair freagratabhair freagra #7 Ciarán Ó Coigligh 4 Bealtaine 2013, 23:19 GMT
Tá údar marana go deimhin sa bpíosa seo le Donncha.
B'éalú ar bhealach a bhí sa nGaeltacht agus sa nGaeilge domsa ar feadh scaithimh agus mé ag iarraidh a theacht chun réitigh leis an éiginnteacht a cothaíodh ar fud dhomhan an iarthair i ndeireadh na 60idí. Ach ar ndóigh, b'fhilleadh ar mo dhúchas a bhí ann freisin. D'fhág mé cuid den dúchas sin ar leataobh ar feadh blianta - an Creideamh Críostaí, cuirim i gcás. Bheadh sé spéisiúil a fháil amach cén glacadh atá ag an dream óg sa nGaeltacht leis an gCreideamh.

Shíl Gaeilgeoirí go leor le mo linnse nár mhór dóibh a bheith tiomanta don phoblachtánachas radacach. B'in dearmad. Féach an chaoi a bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn anois in Oirthear Bhéal Feirste i measc an phobail Dhílsigh. Freisin tá gné an éacúiméineachais ag gabháil chun cinn go tréan i measc lucht labhartha na Gaeilge i mBéal Feirste go háirithe. Bíonn Anglacánaigh, Preispitéirigh agus Caitlicigh ag guí le chéile agus ag léamh an Bhíobla le chéile go háirithe. Tá tábhacht mhór mhillteach le lucht labhartha Ghaeilge na hAlban sa gcás seo. Tá sé seo fíoríorónta nuair atá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil an teanga agus an Creideamh á gcaitheamh i gcártaí ag sciar mór de phobal an Deiscirt.

Ar ndóigh tá togha na gcainteoirí, idir óg is sean, i ngach uile cheann de na ceantair Ghaeltachta, ar fud na hÉireann agus thar lear. Ar ndóigh, tá ceal misnigh ar go leor acu. Dá mb'fhéidir go leor de na cainteoirí dúchasacha a thabhairt abhaile as Boston, as Londain, agus as cathracha agus bailte na hÉireann, ní áirím áiteanna eile, agus iad a lonnú sa nGaeltacht an athuair, ba mhór an ní é.

Rud eile de: go fiú nuair a thógtar gasúir le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht, is minic nach gcleachtann siad comhluadar Gaelach. Ní mó ná sin a phósas siad Gaeigeoirí agus is iarracht amú go leor den iarracht ó thaobh na teanga de.

Ní móide gur leor an teanga le daoine a thabhairt le chéile agus a choinneáil le chéile. Go hiondúil, ní mór go mbeidh an creideamh céanna nó an cultúr leathan céanna ag lánúin le go mbeidh rath ar an bpósadh acu.

Tá aicmí sóisialta sa nGaeltacht agus sa nGalltacht. Ní hionann tuiscintí ná mianta na n-aicmí éagsúla. Tá idé-eolaíochtaí éagsúla ag gabháil i gcion ar chainteoirí Gaeilge agus tá idé-eolaíochtaí atá contráilte le chéile á gcur chun cinn ag daoine aonair agus dreamanna eagraithe i measc lucht páirte na Gaeilge.

Níor mhór go mbeadh duine in ann gach ar mhian leis a rá a chur in iúl go líofa cumasach i dteanga sula mbeadh sé ar a chomporad leis an teanga sin agus sásta í a labhairt a oiread agus ab fhéidir - mura fear cúise go díreach é.

Ar ndóigh is iad na mná is tábhachtaí uile ó thaobh na teanga de. Cén teanga is mian le mná na Gaeltachta a labhródh a gcuid gasúr? Más í an Ghaeilge í beidh sí acu in ainneoin an tsaoil. Más é an Béarla é beidh sé acu de bhuíochas ghluaiseacht na Gaeilge agus an stáit.

Is dúshlán é a chur ina luí ar dhaoine gur sa nGaeilge atá teacht ar ghaois na mílte bliain agus ar thuiscintí Críostaí arb astu a fáisceadh na tuiscintí is fiúntaí i dtaobh dhínit an duine.
tabhair freagratabhair freagra #8 páid s. ó donnchú 5 Bealtaine 2013, 20:00 GMT
Tá briseadh croí ag baint leis mar chúram. Cuireann sé fearg agus brón agus mearbhall orm. Bhí mise ag fanacht i dteach i gCarna a raibh Gaeilge álainn á labhairt ag muintir an tí ann (2006) agus iad bródúil aisti.
Cúrsa oiliúna san aistriúchán faoi choimirce Europus a thug ann sinn. Bhí stádas (de shórt éigin) bronnta ar an teanga an uair sin agus tuigeadh go mbeadh poist le gnóthú as a los sin
Mhíníomar é sin do mhuintir an tí. Ach in ainneoin sin is uile is Béarla a labhraítí leis an ngarchlann a thagadh chun dinnéir gach Domhnach. Déagóirí (millte) ab ea iad sin agus gan aon bheann acu ar an teanga.
Ní thuigim canathaobh gur labhraíodh Béarla leo. Bhfuil aon staidéar déanta ar an gceist seo? Ar cuireadh an cheist riamh?Glactar leis gurb in mar atá, ach cén fáth?
Bítear ag caint ar an 'sráidbhaile domhanda (global village)' , chun a thabhairt le fios go bhfuil léargas i bhfad níos leithne agus níos tuisceanaí againn ar an saol anois seachas mar bhí.
Ach is aineolaí agus is boichte go mór sinn muna bhfuil aithne againn ar ár gceantar, ár 'sráidbhaile' féin, ar ár logainmneacha ar ár dtimpeallacht inár dteanga féin.
Buailim le déagóirí a chaitheann an t-uafás ama ar an idirlíon agus níl fhios acu faic mar gheall ar a n-áit dúchais féin, faoi na luibheanna, na liosanna, na lochanna, ainmneacha na gcrann, na gcnoc, na gcuanta, na gcaiseal.
Agus is beag leo iad.
Ach fiafraigh díobh cén ainm atá ar bhean chéile David Beckham.
Tá an níochán intinne curtha i gcríoch go huile is go hiomlán in Éirinn ag deireadh thiar, againn féin orainn féin, tabula rasa ag na meáin agus ag na polaiteoirí.
Tá i bhfad níos mó i gceist le himeacht teanga ná urlabhra a chailliúint.
tabhair freagratabhair freagra #9 Fearn 10 Bealtaine 2013, 15:47 GMT
B'fhéidir nach nach bhfuil meas riamh ag daoine amach sna blianta ar an dream óg.

Nach bhfuil rud éigin mar gheall ar mholadh agsu tiocfaidh siad?
tabhair freagratabhair freagra #10 Bónapárt 11 Bealtaine 2013, 13:25 GMT
Tá muintir na gaeltachta díreach cosúil le gach duine eile sa tír, agus is dócha go bhfuil siad ag labhairt béarla sa chaoi céanna a thosaigh ár muintir féin ag labhairt béarla sa ghalltacht.

Táim buartha faoi céard 'tá ag tarlú sa ghaeltacht ach ní Reservation nó iarsmalann nó zú atá ann le haghaidh an cuid eile den tír.

Níor thosnaigh athbheochán teanga faoin tuatha riamh. Cosúil le Prág, Helsinci agus Réceaibhíc beidh orainn brath ar muintir Áth Cliath, faraor.
tabhair freagratabhair freagra #11 páid s. ó donnchú 14 Bealtaine 2013, 17:46 GMT
Tá ardmheas agamsa ar gach AOISGHRÚPA a léiríonn meas ar a n-oidhreacht, ar chultúr na hÉireann agus go háirithe agus thar aon rud eile ar theanga na hÉireann mar is í sin dlúth agus inneach chultúr ár dtíre. Bhí mise im oide páirtaimseartha Ollscoile agus thriail mé gach uile chleas dá raibh ar eolas agam chun na daltaí a mhealladh chun an Ghaeilge a LABHAIRT.
Bhí fuar agam, taobh amuigh de mhionlach fíor bheag ar fad, dhiúltaíodar glan í a labhairt fiú dá mba chainteoir dúchais a bhí suite in aice leo nó mar pháirtí acu.
Cén tsáimhríocht agus marbhántacht intinne agus anama a bhaineann le haos óg na tíre seo seachas aon ghlúin eile a tháinig rompu?
An bhfuil baint ag an 'ríomhaireacht' as cuimse a bhíonn ar siúl acu?
tabhair freagratabhair freagra #12 Sean File Tuirseach 15 Bealtaine 2013, 14:49 GMT
B'fhéidir gurb é atá i gceist ná NACH bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis - tá sí á dúnmharú! Cad thuige nach mbítear ag plé le cúrsaí áitiúla leithéid logainmneacha 7c seachas bladar faoin Phd seo agus eile?
tabhair freagratabhair freagra #13 Lughaidh 19 Bealtaine 2013, 02:45 GMT
Muna bhfuil Gaeilg mhaith ag páistí na Gaeltachta ná ag páistí na nGaelscoltach, goidé a thiocfadh a dhéanamh ionas go mairfidh Gaeilg cheart beo? Ba mhaith liom Gaeilg a labhairt le mo pháistí (nuair a bheas páistí agam), gidh go bhfuil mé 'mo chónaí i dtír eile, ach an mbeidh siad ag iarraidh a labhairt muna bhfeiceann siad Gaeilgeoir óg ar bith eile, in Éirinn féin?
tabhair freagratabhair freagra #14 Réaltán 19 Bealtaine 2013, 12:42 GMT
mar a dúirt Ciarán thuas, is ar an fhear nó an bhean a phríomhthugann aire don pháiste an cúram is láidre anseo sa chéad dul síos, agus an teanga a labhrann siad leis na leanaí. Is deacair páiste dátheangach ábalta Gaeilge/​Béarla a thógáil gan seo.
« » 1 2
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!