« » 1 2
tabhair freagratabhair freagra #1 Concubhar 4 Márta 2013, 17:36 GMT
Bhí lochtanna ar Gaelscéal mar a bhionn lochtanna ar gach iris nó nuachtán. Samhlaim dá mbeadh cead tugtha do Inniu bheith beo go dtí inniu go mbeadh nuachtán le dealramh againn. Gan aon locht a fháil ar lucht foilsithe Gaelscéal nó an foireann, bhí lochtanna nach beag ar an gcóras faoinar roghnaíodh an nuachtán. Bhíos féin páirteach sa phroiseas sa mhéid is go raibh mé páirteach le Gael eile a raibh ag iarraidh nuachtán a chur ar fáíl. Bhí pairtíocht againn leis an Irish Examiner. Nuair a chuamar ós comhair an choiste agallaimh ní raibh aon duine le saineolas nuachtáin ós ár gcomhair. Cúpla craoltóir, ceart go leor. Bhí nuachtán clóite againn ag dul isteach ar chlóigh an Irish Examiner dúinn, saor in aisce, ach an t-aon cheist a cuireadh orainn faoi an raibh sé i gceist againn iriseoirí eile a fhostú seachas an iriseoir eile a raibh luaite i le-líne ar go leor scéalta. Chuir an cheist alltacht orm. An é nár thuig an t-é a chuir an cheist gur 'dummy run' abea é seo - lenár gcumas a léiriú agus le deis a thabhairt don bpainéal 'cuma' an nuachtáin, Nuacht 7, a fheiscint. Ar aon nós, bhí an scéal amuigh roimh an chruinniú boird go raibh an conradh le bronnadh ar chomhlacht i gConamara. I gcead do Thorann na dTonn, ní raibh an saineolas cuí acu ar an mhargadh seo, margadh na nuachtán Gaeilge. Ach b'é Foras na Gaeilge a bhronn an chonradh orthu, seachas ar aon dhream eile, agus ní raibh an saineolas ag an gcoiste a rinne an moladh sin ach an oiread. Bhí comhartha ceiste agam faoi Gaelscéal ón dtús ach rinne mé mo dhícheall, tar éis tamall a chaitheamh ar an dtaobh líne, bheith ag cuidiú leo. Nior éirigh leis - agus ní eireoidh le Foras na Gaeilge comharba a aimsiú. Ní fhéadfadh an Fhoras buidéal bainne a aimsiú i ndéirí. Tá go leor den fhírinne searbh sa mhéid a deir Donnchadh thuas - tá pobal na Gaeilge patuar go minic nuair a iarrtar orthu a lámh a chur ina bpóca chun tacú leis an dteanga ar shlí phraicticiúil. Ach ní treith é sin a bhaineann le pobal na Gaeilge amháin ach le gach pobal....an cheart ag Donncha freisin faoi chomh leamh is atá Comhar. Ní áirim Feasta de bhrí gur iris eagrais é sin agus, dar liom, gur cheart é bheith á mhaoiniú ó acmhainí an Chonartha. Nior mhaith liom go mbainfí maoiniú d'aon iris mar ní fheictear dom go ndéanfaidh an Fhoras aon rud a bheadh ar leas na teanga leis an t-airgead, seachas ar leas an eagrais é féin.
tabhair freagratabhair freagra #2 Harpic 5 Márta 2013, 08:50 GMT
Is iriseoir maith é Concubhar. Bíonn fiúntas sa mhéid a deireann sé i gcónaí agus b'fhéidir gur sin atá ag cur cantail ar Shinéad srl. Sé jab an fho-eagarthóra slacht a chur ar a chuid scríbhneoireachta. Ná meascaimíd suas post an iriseora le post an fho-eagarthóir. Maith thú a Choncubhair. Fear cróga
tabhair freagratabhair freagra #3 Laoiseach 6 Márta 2013, 20:38 GMT
An sampla de chaighdeán na Gaeilge atá coiteanta na laethanta seo an méid seo thuas - 'focmi?, maigh hól etc de chuid Shinéad nó an bhfuil mise sean fhaiseanta. Ritheann sé liom go bhfuil an cáinteoir níos measa ná an duine atá cáinte.
tabhair freagratabhair freagra #4 Anaithnid 6 Márta 2013, 21:03 GMT
Tá an ceart agat, a Laoisigh. Is measa i bhfad "Sinead" ná duine ar bith eile, agus nach aisteach gur ise atá ag clamhsán faoi chaighdeán!
tabhair freagratabhair freagra #5 LFMista 7 Márta 2013, 09:07 GMT
Cáineadh macánta a bhí I gceist agamsa ach measaim go ndeachaigh
Sinéad thar fóir leis na maslaí. Ba cheart a cuid postálacha a bhaint ón gclár plé
tabhair freagratabhair freagra #6 Antaine 7 Márta 2013, 20:56 GMT
Ní gá ach dhá fhocal a chur le chéile ar líne as Gaeilge agus tiocfaidh na Gaeil amach ag ionsaí a chéile dá bharr.

Cáinteoirí dúchais abú!
tabhair freagratabhair freagra #7 gasuirlegaeilge 8 Márta 2013, 16:19 GMT
Ceist: cén céatadán de phobal an Bhéarla a cheannaíonns nuachtán Béarla go rialta? Sin uasmhéid an díolacháin a d'fhéadfaí a bheith ag súil leis as nuachtán Gaeilge, dar liomsa.
« » 1 2
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!