« » 1 2 3
tabhair freagratabhair freagra #1 Léitheoir 4 Márta 2013, 23:50 GMT
Tá an ceart ar fad agat, a Bhreandáin, tá géarghá le cúrsa suimiúil dúshlánach do chainteoirí dúchais agus do lucht Gaelscoileanna nó ní bheidh aon duine ábalta ar Ghaeilge a scríobh i gceart amach anseo.

Ach cá bhfuil na polaiteoirí?
tabhair freagratabhair freagra #2 Pól 5 Márta 2013, 00:07 GMT
Tá sé ráite agam cheana – ba cheart go mbeadh dhá chailíocht dhifriúla ann do Ghaelcholaistí agus do Scoileanna Bhéarla, go háirithe ag leibhéal onóracha. A luaithe a tharlaíonn sé – is amhlaidh is fearr.

Ach ní aontaím go hiomlán le moltaí Fiontar DCU. Níl moltaí s’acu ag teacht go hiomlán leis an gcóras sa Bhreatain Bheag. Bheifeá fós ag súil go mbeadh daoine ag teacht amach ó scoileanna Bhéarla le hardscileanna teanga sa Ghaeilge agus ag iarraidh dul ar aghaidh le staidéar a dhéanamh uirthi ag an tríú leibhéal. Ní chiallaíonn dhá cháilíocht dhifriúla ísliú céime anseo.

An rud is tábhachtaí ná daltaí á mhúineadh agus á scrúdú ag an leibhéal ceart.
Dá mbeimis á mhúineadh scoláirí ag leibhéal ceart bheadh níos mó suime acu sa Ghaeilge, bheidís in ann a phiocadh suas i bhfad níos fearr agus bheadh scileanna teanga i bhfad níos fearr acu mar thoradh.
Dá mbeadh níos mó ama ann le hobair labhartha agus scríofa a dhéanamh in áit marcanna a bhronnadh ar aistí a fhoghlaim de ghlanmheabhair, agus dá mbeadh scrúdú béil éigeantacht ann ag leibhéal an teastais shóisearaigh, bheadh sé ina tús.

Ní fhoireann an córas reatha do cheachtar den dá dhream - "Ní féidir leis an ngobadán an dá thrá a fhreastal" ar ndóigh.

Is maith liom na píosaí seo ar an ábhar:

http:/​/​www.independent.ie/​opinion/​letters/​tongue-twisted-26843341.html

http:/​/​www.foinse.ie/​eagarfhocal-a-litreacha/​litreacha/​3722-na-fadhbanna-a-bhaineann-le-teagasc-na-gaeilge
tabhair freagratabhair freagra #3 Pól 5 Márta 2013, 00:29 GMT
tabhair freagratabhair freagra #4 Turner 9 Márta 2013, 11:20 GMT
An tríú sraith ar beo. AR dtús tháinig sraith Dhiarmuid faoi a chuid laethe saoire, ansin sraith Phat faoi na scannáin a chonaic sé agus anois sraith Bhreandán faoin gcos ar bolg atá á ndéanamh ar lucht na Gaoluinne sa gcóras oideachais. Cén chéad sraith eile: tuairimí Bhrian faoi Mheiriceá, tuairimí Dhonnchadha faoi na páipéir as Gaoluinn a chuaigh go tóin poill nó tuairimí Tony faoi na hÉireannaigh i Liverpool?
« » 1 2 3
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!