« » 1 2 3
tabhair freagratabhair freagra #15 Óigí 13 Márta 2013, 07:36 GMT
An é sin a bhí Malta ag Fiontar? Thug mise nach mbeadh dead agat an dá ábhar a dhéanamh
tabhair freagratabhair freagra #16 Óigí 13 Márta 2013, 11:43 GMT
mo leithscéal ' molta' seachas 'Malta' a bhí i gceist agam. an t-iphone mallaithe ba chúis le mo sciorradh.
tabhair freagratabhair freagra #17 S Ní C 13 Márta 2013, 12:05 GMT
Bhíos ag breathnú ar Phrimetime agus ar an díospóireacht faoin nGaoluinn aréir. Bhí go leor daoine ag caitheamh anuas ar a laghad Gaoluinn a bhíonn ag an ngnáthdhuine cé go gcaithtear an t-uafás airgid ar mhúineadh na teangan. Mheasas go ndearna Dinny an-chosaint go deo agus luaigh sé an 40% atá ar fáil don scrúdú cainte anois. Bhí gach éinnne ar aon tuairim leis gur maith an rud é seo. Meas tú mar sin, agus an comhthéacs frith-Ghaoluinn náisiúnta curtha san áireamh, an bhfuil an t-alt seo ró-ghéar agus éadóchasach? Nach cosaint mhaith ar an scéal é go bhfuil níos mó marcanna ar fáil anois don scrúdú cainte?
tabhair freagratabhair freagra #18 Pól 13 Márta 2013, 18:29 GMT
Níl a fhios agam faoi mholtaí Fiontar, ach sin mar a dhéantar sa Bhreatain Bheag leis an mBreatanais (agus sa Tuaisceart leis an nGaeilge ag leibhéal GCSE freisin). Sin mar ba cheart a dhéanamh i mo thuairim cibé.
tabhair freagratabhair freagra #19 Donncha O hEallaithe 13 Márta 2013, 19:27 GMT
'Bhíos ag breathnú ar Phrimetime agus ar an díospóireacht faoin nGaoluinn aréir... Mheasas go ndearna Dinny an-chosaint go deo agus luaigh sé an 40% atá ar fáil don scrúdú cainte anois' a deir S Ní C thuas. Rinne sé 'an chosaint' ar dhroch pholasaithe agus ar dhroch stáitéis agus ar dhroch reachtaíocht mar nach raibh caoi ar bith ar an mbeirt eile ar an bpainéal! Seo é an rialtas is measa ó thaobh na Gaeilge ó bunaíodh an stát agus tá Dinny Mc Ginley íontach ar na meáin nuair nach bhfuil aon fhreasúra aige atá ar an eolas faoin seafóid atá ar bun faoi Phleanáil Teanga sa Ghaeltacht agus faoin Stráitéis atá ar pháipéar ach nach gcuirfear i bhfeidhm go deo.
tabhair freagratabhair freagra #20 Galt Barber 13 Márta 2013, 20:49 GMT
Ar an iphone téigh go dti settings, general, keyboard chun auto-correction agus auto-capitalization a chur as.
tabhair freagratabhair freagra #21 S Ní C 14 Márta 2013, 11:00 GMT
Is ea a Dhonncha ach tá jab deacair ag an Aire McGinley mar is léir ó lucht cáinte na teanga a ghlac páirt i Primetime. Caithfidh sé iarracht a dhéanamh na daoine sin a cheansú ar mhaithe leis an nGaoluinn. Is céim chun tosaigh mar sin an córas marcála nua san Ardteist
tabhair freagratabhair freagra #22 A 14 Márta 2013, 15:18 GMT
Hmmm. Níls am an bhfuil aon rud logiciúil faoi t-argóint
tabhair freagratabhair freagra #23 Páid Ó Donnchú 18 Márta 2013, 13:57 GMT
Níl Dinny McGinley ag tabhairt faoina jab go cneasta ar chor ar bith. Tá a fhios aige agus a Roinn go bhfuil an Ghaeltacht ag fáil bháis, agus nach bhfuil aon Straitéis fhiúntach ann, ach tá sé á cosaint é féin, an Roinn agus an Rialtas. Ba cheart náire a bheith air, ach níl sé éasca náire a chuir air. Fear beag lag atá ann.
tabhair freagratabhair freagra #24 Bosco 29 Márta 2013, 04:30 GMT
Fear beag lag atá ann.
Nil sin fior faoi Dinny le bheith cothrom leis. Ta an rialtas seo ag iarraidh bealach oibre eile a aimsiu le stop a chuir le meath na Gaeilge sa Ghaeltacht. Ta an da thaobh ar an sceal - damned if you do and damned if you don't no mar a dearfa i gConamara F......ailte mar ata agus F.....ailte muna bhfuil..................
« » 1 2 3
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!