« » 1 2
tabhair freagratabhair freagra #1 séamus mac séain Béal Feirste 5 Samhain 2012, 20:29 GMT
is beag a d'athraigh rudaí i gcúrsaí Teilfíse le daichead bliain anúas de réir cosùlachta. Cúpla bliain roimhe a bhás tugadh foirm Bhéarla do Mháirtín Ó Cadhain le síniú agus é ag dul ar chlár de chuid RTÉ. Dhiúltaigh sé glacadh leis an cheann Bhéarla agus rinne siad ceann ar leith dó féin a chlóscríobh amach ach nuair a thairig siad sin dó dhiúltaigh sé sin fosta ag rá gur mhaith leis foirim snásta chlóbhuailte a bheith aige cosúil leis an cheann Bhéarla agus ní dheachaidh ar an chlár.
tabhair freagratabhair freagra #2 Anon 6 Samhain 2012, 16:54 GMT
Aontaíonn mé go hiomlan leis an píosa. De gnáth, ní cuireann an corrfhocal Béarlá i measc comhrá Gaeilge, nó má tá duine greamaithe agus tá an focail a lorg acu, isteach orm, ach le déanaí tá an clár "Jockey Eile" feicithe agam ar TG4 agus ní clár le Gaeilge mar an príomh teanga atá ann ar choir ar bith! Níl a fhíos agam cén doigh go raibh cead acu an maoiniú a bhfuair siad don clár GAEILGE seo a léiriú a choinneail fiú, leis an méid Béarlá a úsáidtear ann ... Tá a fhios agam, (mar tá mé fhéin ceann acu) go bhfuil a lán teicneoirí ceamara, fuaim, léiriú srl le traenáil ceart acu agus iad líofa ann agus iad ag cuartú obair. Amharc ar na cúrsaí sna Acadaimh i nGaoth Dobhair agus an gCeathrú Rua...cúrsaí den scoith, le leachtóirí atá taithí acu i bhfad níos fearr ná a lán leachtóirí i gcoláistí eile ag muineadh na cúrsaí. Bá choir go mbeidh TG4 ag déanamh an chuid is mó dén áis seo is atá siad ábalta. Níl mise i mo saineolaí ar an teanga, ach déanann mé mo dhícheall an méid atá agam a úsáid agus a feabhasadh.
tabhair freagratabhair freagra #3 Tá an ceart ag Donncha 6 Samhain 2012, 17:54 GMT
An fhoirm Bhéarla a sháigh Adare Productions - mar chomhléiriú le TG4 - faoinár smut anuraidh, chuir ceathrar ina haghaidh caol díreach agus chuardaigh leagan Gaeilge. "But it has to be in a language that everyone understands" an freagra 'réasúnta' a tugadh orthu. Is beag nár bhain sé sin deoir as fear amháin a mhínigh (i mBéarla mar ba ghá do Adare) 'tá muid ag déanamh iarrachta anseo (i gceantar Ghalltachta) agus teastaíonn tacaíocht uainn ó dhaoine mar sibhse. Is leathanach A4 é. Tá sé bán ar an taobh eile. Nach bhféadfadh sibh Gaeilge a chló ar thaobh amháin agus an Béarla ar an taobh eile?' Ba shin deireadh an comhrá.
Bhí an dream eile seo de Ghaeilgeoirí Ghalltachta i ndiaidh níos mó Béarla a labhairt an lá sin (ar son na Gaeilge) ná mar a theastaigh uathu, agus nuair a bhailigh Adare leo bhí siad in ann caint i nGaeilge arís mar ba ghnách leo.
tabhair freagratabhair freagra #4 Aisteach 6 Samhain 2012, 19:38 GMT
Tharla rud mar an gcéanna dom nuair a cuireadh foirm chugam le h-iarraidh díom cead a thabhairt do mo mhac bheith pairteach i An G Team anuraidh. Dhiultaigh mé síniú ar an mbonn go raibh sé i mBéarla agus d'iarr mé leagan Ghaeilge. Nior tháinig an chomhlacht ar ais chugam ó shin. Rinne mé gearán le lucht TG4 faoi agus deirtear liom gur cuireadh ceisteanna ar an gcomhlacht faoin iompar teanga seo. Ceist tabhachtach é cosaint teanga oibre i gcomhlachtai léiriúcháin Ghaeilge ach tá sé fíor go bhfuil go leor comhlachtaí Galltachta - arb í an Béarla an teanga oibre iontu - ag iarraidh tarraingt as pota TG4 chomh maith. Agus is í an Bhéarla teanga 'idirnáisiúnta na teilifíse'. Ar ndóigh is toradh é an leithscéal everyone has to understand it, maidir le na foirmeacha seo, a léiríonn go bhfuil an fadhb seo níos leithne i bhfad ná TG4 agus go bhfuil sé fánach bheith ag ceistiú físe TG4 faoi. Tá - nó ba cheart go mbeadh - Gaeilge ag dlíodóirí na tíre. Is cuimhin liom go raibh scrúdú Gaeilge mar chuid den phroiseas cáilithe agus mise ag dul le dlí tamall de bhlianta siar. Ach ba léir gur chuma go raibh tú i ndán don scrúdú seo mar ná raibh ann ach béal cráífeacht agus tá go leor a raibh i mo rang nár rinne aon mhaith sa scrúdú céanna ach atá ag déanamh go maith as an dlí mar sin féin anois.
tabhair freagratabhair freagra #5 Rob Mac G 8 Samhain 2012, 14:04 GMT
Uaireanta bím ag déileáil le R na G agus TG 4 i gcomhair gnó a bhaineann le heagras stáit agus caithfidh mé a rá bíonn an dream in R na G ana-phrofisiúnta ach níl mé in ann an rud céanna a rá maidir le TG4 ar chor ar bith.
tabhair freagratabhair freagra #6 Séamus Mac Sassanach 9 Samhain 2012, 19:35 GMT
Aon uair a bhí mé ag deighealáil le RnaG is as Gaeilge a bhí an comhrá ar fad (seachas uimhreacha guthán ar fá eigean). Ní bhíonn mé ag deighealáil le TG4 an méid sin, ach cúpla uair dúradh liom.. 'You will have to say that in English, I don't understand'.
« » 1 2
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!