« » 1 2
tabhair freagratabhair freagra #1 Páid Ó Donnchú 2 Meitheamh 2012, 11:32 GMT
Ní thuigim cén fáth nach bhfuil an tÚdarás in ann a rá don bhainistíocht na comhlachtaí - Cruthaígí dúinn go bhfuil Gaeilge á labhairt ag an fhoireann oibre agus gheobhaidh sibh an deontas cuí.
tabhair freagratabhair freagra #2 Harpic 6 Meitheamh 2012, 11:35 GMT
An ceart ar fad agat a Pháid. Níor thuig mé gurb é an tÚdarás a bheidh i bhfeighil na straitéise. Mura féidir leo a chruthú go bhfuil Gaeilge á labhairt ag meitheal oibre a gcuid gcliantchomhlachtaí, n'fheadar an bhféadfaimis a bhrath orthu don straitéis.
tabhair freagratabhair freagra #3 Seán P 6 Meitheamh 2012, 14:56 GMT
Maith an buachaill a Bhreandáin. Bhí tú 'ar an airgid' mar a dhéarfá faoin bhFóras agus an Samhail Nua Maonaithe. Tháinig do thuair chun cinn inniu buíochas mór le Dia. Tá súil 'am gur sin deireadh an scéal anois. Alt maith eile anseo
tabhair freagratabhair freagra #4 Concubhar 7 Meitheamh 2012, 16:17 GMT
Ní h-aon tairbhe a bheith ag iarraidh iachaill a chur ar chomhlachtaí Gaeilge éigeantach a bhrú ar a gcuid oibrithe. Ní mór iad a mhealladh i dtreo na Gaeilge a úsáid. Má shéanann tú deontas fostaíochta ar chomhlacht sa Ghaeltacht mar gheall ar easpa Ghaeilge, gach seans nach sa Ghaeltacht a lonnófar an chomhlacht. Cur chuige éagsúil atá ag teastáil seachas an cur chuige seanfhaiseanta 'báta agus cairéad' atá á mholadh ag Páid thuas. Táimíd ag scaipeadh nuacht litir i Múscraí, www.imuscrai,com, ag iarraidh an Ghaeilge a chur ós comhair an phobail i slí tarraingteach agus ag iarraidh na comhlachtaí a mhealladh mar sin. Obair mhall atá ann - ach tá dul chun cinn áirithe á dhéanamh. Tuilleadh fós le déanamh.
« » 1 2
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!