« » 1 2
tabhair freagratabhair freagra #7 Páid Ó Donnchú 16 Aibreán 2012, 19:09 GMT
Feictear dhomsa gurb í an fhadhb is mó a bhaineann leis an méid sin eagraíochtaí ná an easpa trédhearcacht maidir le róil, spriocanna, agus cur i bhfeidhm.
Caithfear go bhfuil dúbailteas ann agus neadracha déanta ag cuid de na daoine - sin an nádúr. Idir an dá linn, tá an Ghaeilge féin thíos i saol an náisiún dá bharr.
Creidim féin go cheart an phróiséas a bheith críochnaithe, agus pacáiste a chuir ar fáil dóibh siúd nach mbeidh in ann maireachtáil sna laethanta dúshlánach atá amach romhainn.
tabhair freagratabhair freagra #8 An Brádach 17 Aibreán 2012, 13:57 GMT
Míníonn an alt seo go leor domsa. Tá an Fhoras lofa le hairgead ach tá an gravy train ag fágáil an stáisiún agus Comhluadar, Glór na nGael, Gael Linn agus na siopaí caint eile i mbaol. Choo Choo
tabhair freagratabhair freagra #9 Seán Ó Muireagáin 18 Aibreán 2012, 09:51 GMT
Aontaím leis an dearcadh a léirítear san alt seo ach go fóill beag níl fáth an athbhreithnithe pléite ag pobal ná eagrais dheonacha na Gaeilge. Is léir go bhfuil go leor airgid ag dul ar strae nó ar a laghad á úsáid go mí-éifeachtach amuigh ansin. Tá sár-oibre á déanamh ag cuid mhór de na heagrais Ghaeilge ar an talamh ach caithfidh muid a cheist a thógáil; an bhfuil scrúdú cuí déanta ar an obair a dhéanann mór-eagraíochtaí na Gaeilge? Téann bunús an airgid chuig na mórghrúpaí sin agus déanta na fírinne, tá i bhfad níos mó oibre déanta ag leibhéal an phobail ag grúpaí ina bpobail féin! Ba chóir iniúchadh ceart a dhéanamh ar obair na ngrúpaí seo agus más fiú a gcuid oibre, na hathraigh an córas maoinithe ach más a mhalairt atá fíor; tabhair an t-airgead do na grúpaí pobail sin atá ag déanamh na hoibre!
tabhair freagratabhair freagra #10 An Brádach 20 Aibreán 2012, 08:28 GMT
All aboard? Comhluadar, Glór na nGael, Gael Linn, Áis, an Comhdháil? Tá an gravy train ag fágáil an stáisiún. Ná deinigí dearmad aistriú ag Cúl an tSúdaire! Choo choo
tabhair freagratabhair freagra #11 Páid Ó Donnchú 20 Aibreán 2012, 12:55 GMT
An Brádach - Tá sé sin 'ruainne beag thar fóir, sílim. Níl me féin nó mo chlann fostaithe ag aon eagras Ghaeilge ach fuair mé tacaíocht iontach ón Chomhdháil nuair a bhí grúpa beag againn ag troid ar son na Gaeilge sa chóras pleanála.
Cinnte, ta ath-eagrucháin de dhíth ach fós féin tá daoine díograsacha sna heagraíochtaí thuasluaite.
tabhair freagratabhair freagra #12 An Brádach 21 Aibreán 2012, 09:54 GMT
Níl mórán acu ann a Pháid. Caitheann siad a gcuid ama ag ithe cáis agus ag ól fíona ag seoltaí éagsúla ar fud na tíre. Choo choo chukka chukka chukka choo choo
tabhair freagratabhair freagra #13 Páid Ó Donnchú 21 Aibreán 2012, 21:36 GMT
mara miste leat, tsiú tsiú tiocfá tiocfá tiocfá tsiú tsiú
tabhair freagratabhair freagra #14 Harpic 22 Aibreán 2012, 10:13 GMT
Ní deacair an rud é a bheith ag caitheamh anuas ar an SNM ach cad é an t-alternatíbh? Leanacht mar atá? Ní cheapfhainn é. Níl freagra na ceiste agam ach má chaitheann tú anuas ar phlean nár cheart duit a mhalairt phlean a bheachtú? Ní fheicim aon rud ag teacht ó na heagraíochtaí Gaolainne ach diúltú don SNM. Ok mar sin, cén chaoi gur cheart na grúpaí seo a mhaoiniú? Gan moltaí ó na heagraíochtaí, dhéarfhainn gur cheart dul ar aghaidh leis an SNM. QED
tabhair freagratabhair freagra #15 S Ó Donnghaile 26 Aibreán 2012, 11:31 GMT
Anailís fhíor mhaith ar chonspóid atá ag dó an chroí as muide atá ag saothrú go dian ar son na teanga. Gan dabht, táimid ag saothrú airgid as ár gcuid saothair ach éinne a cheapann gur é sin an chúis go bhfuil muid ag obair san earnáil bhuel tá dul amú air nó uirthi. Tá cúraimí clainne ar go leor againn agus is buille trom é nuair a fheiceann tú do shlí maireachtála ag imeacht le sruth de bharr maorlathais míchóir. Tá muide sna heagrais dheonacha sásta dul chun cainte leis an bhForas faoin 'dúbláil' oibre a chuireann siad inár leith ach caithfidh siadsan an bhagairt dífhostú a tharraingt siar. Tá sé cruthaithe ag an alt seo nach bhfuil saoi gan lucht agus go mbíonn an Foras fhéin 'mí-fheidhmiúil' ar uairibh. Mar sin, impímid orthu a bheith staidéarach nuair a bhíonn siad ag caint linne - na daoine a choinníonn splanc sa tine sa gcaolface mar a déarfá. Tá mo dhóthain ráite agam. Comhghairdeachas le Beo. Tá's am go bhfaighinn sibh deontas ón bhForas agus tréaslsím bhur misneach libh.
tabhair freagratabhair freagra #16 Harpic 26 Aibreán 2012, 18:40 GMT
Ó a Shiarcuis. Bí cúramach. Is baolach an beart é 'splanc' a choinneáil 'sa tine sa gcaolface.' N'fheadaraíos canathaobh go bhfuil do chroí bocht dóite. Ambaiste!
« » 1 2
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!