« » 1 2
tabhair freagratabhair freagra #3 Niall Gòrdan 4 Nollaig 2011, 11:25 GMT
Aontaím go hiomlán le Tony - is masla é nach eilear ag míniú logainmneacha na hAlban i gceart sa lá atá inniu ann, idir go mbíonn siad ar na sléibhteanna ná ar na sráideanna is mar sin de. Ní chóir go mbeadh daoine ar bith ag tabhairt 'ceannaire' ná 'stiúrthóir' orhu féin agus iad neamheolach ar an gcuspóir acu!
tabhair freagratabhair freagra #4 An File Albannach 4 Nollaig 2011, 16:37 GMT
Blas Ùr (4.12.11)

Beag iongnadh
nach gabh daoine ri blas ùr
sa bhad
as bith dè an rud a tha iad ris.

Soighne
Comharradh -
Tha iad mar aon.

Tuigidh mi seo
agus m' athair fhèin
a' toirt ùine nach bu bheag
gabhail ri biadh ùr na h-Eadailte:
am Pàidh Eadailteach
seach an t-Seana-Phàidh Albannach!

Saoil a bheil seo a cheart cho fìor
a thaobh blas ceart na Gàidhlig
a nochdas air mapa
air soighne
air dreach na tìre
san tìde ri teachd?

'S dòcha gur rud e
nach tig ri càil a h-uile duine.

An File Albannach.
tabhair freagratabhair freagra #5 Máirtín Ó Muilleoir 6 Nollaig 2011, 12:22 GMT
Alt iontach!
tabhair freagratabhair freagra #6 Acsail Koehler 6 Nollaig 2011, 18:05 GMT
Bhuel, is minic a tharla an rud céanna dom, is mé ag fanacht i nAlbain - agus is cuma an raibh mé i mo chónaí i nObar Dheathain nó i nDún Éideann. Caithfidh mé rá, áfach, gur minic a chas mé ar Sasanaigh eile i nAlbain sna cearcaill chómhrá Gaeilge na hAlban a ghlacfainns' páirt iontu a raibh Gaeilge Albanach líofa acu - mar atá agam féin, is mé i mo Ghearmánach...agus táim ag múineadh Gaeilge na hAlban i lár na Gearmáine faoi láthair: https:/​/​sites.google.com/​site/​acsailognanron/​clasaichean-gaidhlig, is mé ag athneartú mo chuid Gaeilge na hÉireann ag an ám céanna a bhus ar Ollscoil Mharburg i ranganna Dhónaill MhicPháidín as Co. Mhaigh Eo...
tabhair freagratabhair freagra #7 Gavin Ó hEaghra 9 Nollaig 2011, 10:53 GMT
Bhí tú rothrom orthú Tony, ní raibh iontu ach Sasanaigh. Tá an Ghaeilge rodheacair dóibh. Ar labhair tú go mallchainteach?
tabhair freagratabhair freagra #8 Fearn 24 Nollaig 2011, 13:58 GMT
"Oh, so you can make sense of the crazy Gaelic placenames, can you?"

Ghoill sé go trom orm an ráiteas sin a chloisteáil.

I gcead duit, a antaine, ní ráiteas a bhí ann, ach ceist, céist reitriúil, b'fhéidir.
Cinnte bheadh cead aighnis agat, ach cad a bheadh túag súil leis ó aineolaithe ach aineolas : Cúrsa sléibhteoireacht a bhí ann.

Molaim duit má tú tú ar son aighnis, go ndéanfá é le lucht cásmhar é.
tabhair freagratabhair freagra #9 Breandán 28 Nollaig 2011, 18:27 GMT
Údar fonóide & aoire caint an tSasanaigh. Tugann sé 'crazy' ar na hainmneacha (Gaeilge) a bhfuil ciall fheidhmiúil agus brí shoiléir sho-thuigthe leo, in áit 'crazy' a thabhairt ar na 'nonsense syllables' Béarla a úsáideann sé féin i leith na n-áiteanna céanna!
tabhair freagratabhair freagra #10 Fearn 29 Nollaig 2011, 00:19 GMT
> Údar fonóide & aoire caint an tSasanaigh. Tugann sé 'crazy' ar na
> hainmneacha (Gaeilge) a bhfuil ciall fheidhmiúil agus brí shoiléir
> sho-thuigthe leo, in áit 'crazy' a thabhairt ar na 'nonsense syllables'
> Béarla a úsáideann sé féin i leith na n-áiteanna céanna!

fonóid & aoir??
Ní hé, ach aineolas agus neamhshuim
tabhair freagratabhair freagra #11 John 31 Nollaig 2011, 18:15 GMT
údar = ábhar
tabhair freagratabhair freagra #12 Fearn 31 Nollaig 2011, 18:47 GMT
> údar = ábhar

E = MC cearnach.
« » 1 2
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!