« » 1 2
tabhair freagratabhair freagra #3 The Idle Buachaill 4 Meán Fómhair 2011, 13:24 GMT
Pairti na nOibri os mo chionn
Lenin romham is Harris liom.
tabhair freagratabhair freagra #4 Seán Ó Confhaola 7 Meán Fómhair 2011, 18:38 GMT
Ta sé in am ag Josie éirigh as a chuid rambláil faoi córais anseo is ansiúd á justifyáil é féin. Ta sé ag maireachtáil sna seachtóidí. É féin a bhíonns ag casadh na requests ar RnaG, agus ag spúfáil faoi dream óg na Gaeltachta. Ag tógáil jab duine óg ansin, chomh maith lena jabanna eile atá aige. Níos glice ná aon sionnach i bhFianna Fáil
tabhair freagratabhair freagra #5 Bean a' Leasa 8 Meán Fómhair 2011, 16:39 GMT
well, a Sheáin, nach tú atá cantalach? Seachain nó géarfaidh an bainne. Cad ina thaobh ná beadh Joe ag seimint iarratas? An é atá tú a rá ná ná fuil aon chearta ach ag daoine óga? Caith ciall leat féín.
tabhair freagratabhair freagra #6 Lillis Ó Laoire 8 Meán Fómhair 2011, 19:11 GMT
Lucht chúl an chlaí beidh siad ag gearradh ach ní aithneofar iad.
tabhair freagratabhair freagra #7 pádraig ó donnchú 8 Meán Fómhair 2011, 20:47 GMT
agallamh macánta a cheapasa agus níl aon aithne agam ar an bhfear; cloisim ar an raidió é agus 'is binn lem chluasa é'. An amhlaidh gur chuir duine óg éigin isteach ar an bpost sin agus gur eitíodh é? Tá an ceart ar fad aige faoi Ros na Rún;briolla bhrealla agus niúidí neáidí tríd síos cé is moite de na 'leaids'. níl aon teora le doicheall na gcomharsan.
tabhair freagratabhair freagra #8 pádraig ó donnchú 9 Meán Fómhair 2011, 07:11 GMT
céard atá i gceist ag Harpic sa chéad iontráil ansin thuas?nach in í an stuif a úsáidtear le haghaidh leithrisí a sciomradh?
tá an gearradh céanna ina theanga siúd go cinnte.
tabhair freagratabhair freagra #9 Harpic 9 Meán Fómhair 2011, 10:08 GMT
Cá raibh Josie seaimpín na cosmhuintire an tseachtaine seo nuair a dhún MFG. Cé gur bhall den bhórd é dhiúltaigh sé aon ráiteas a dhéanamh faoi. Mar a dúirt Seán thuas 'Níos glice ná aon sionnach i bhFianna Fáil'
tabhair freagratabhair freagra #10 Donncha O hEallaithe 9 Meán Fómhair 2011, 11:00 GMT
Ní maith liom na ionsaithe pearsanta a déantar faoi ainm chleite ar dhaoine ar an suíomh seo, mar atá déanta ag "Harpic" agus ag "The Idle Buachaill" thuas. Tá aithne pearsanta agam ar Sheosamh Ó Cuaig ó tháinig mé go Conamara. Sna seachtóidí bhí raidiciúlachas agus idéalachas ag baint lena chuid oibre ar son a mhuintire, nach raibh ag mórán eile. An uair sin bhí sé sásta cinnireacht mhisniúl a thabhairt dá phobal agus seasamh cróga a thógáil, rud a rinne sé to minic.

Tá cuid mhaith den agallamh thuas ag breathnú siar ar na laethanta glórmhara na seachtóidí, nuair a d'eagraigh grúpa daoine óga i gConamara iad féin faoi bhrat Cearta Sibhialta na Gaeltachta agus thug siad misneach agus cinnireacht do phobal a bhí buailte le fada ag imirce agus a raibh cluain curtha ortha ag Fianna Fáil. Tá fhios agam go bhfuil cuid mhaith den creidiúint ag dul do Joe as an méid a deineadh an uair sin agus ní féidir le "Harpic" ná aon ionsaitheoir gan ainm, é sin a bhaint uaidh.

Maidir le bheith "níos glice ná aon sionnach i bhFianna Fáil", ní thuigim cén caoi a fhéadfadh sin a bheith ina locht ar dhuine ar bith, an fhad is go seasann siad i gcónaí lena gcuid prionsabail polaitíochta.

Sa chéad chuid eile den agallamh tá súil agam go mbreathnófar ar thréimhse Sheosaimh mar bhall den Comhairle Chontae agus go gcuirfear an cheist an bhfuil na prionsabail polaitíochta, a bhí aige siar sna seachtóidí, fós dá threorú nó an ball compórdach de chlub na bpolaiteoirí é, nach bhfuil sásta a thuilleadh creathadh a bhaint as an gcóras?
tabhair freagratabhair freagra #11 Harpic 19 Meán Fómhair 2011, 07:01 GMT
Gabh mo leithscéal
tabhair freagratabhair freagra #12 Fearn 22 Meán Fómhair 2011, 14:54 GMT
Tá mé ag dréim leis an tarna leath.

Ach, cogar, tuige nach gcuireann sibh achoimre bheag ar a shaol thuas, go háirid a shaol poilitiúil?
« » 1 2
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!