« » 1 2
tabhair freagratabhair freagra #1 aonghus 4 Eanáir 2011, 13:14 GMT
Seift spéisiúil. Ach tá an amhras orm go nglacfar leis.
tabhair freagratabhair freagra #2 Colin Ryan 5 Eanáir 2011, 06:02 GMT
Tá ciall leis an méid sin (labhraím mar eachtrannach) ach ba bheag an tairbhe d’aon duine Gaeilge a dhéanamh riachtanach do státseirbhísigh arís, ós beag duine a n-éireodh leis sa scrúdú. Go fiú sa seansaol bhí an scrúdú céanna bog go leor, más fíor. B’fhearr aonad Gaeilge a chur ar bun i ngach Roinn.
tabhair freagratabhair freagra #3 Róise 5 Eanáir 2011, 13:45 GMT
Is maith an litir í. Meas tú an bhfaighimis an deis é sin a rá leis agus éisteacht a fháil uaidh...
tabhair freagratabhair freagra #4 Peadar 5 Eanáir 2011, 16:13 GMT
Theip ar an éigeantacht i bhfad ó shin. Lig d'Enda a smaointí féin a dhéanamh suas.Faoiseamh dom sa státseirbhís na laincisí a scaoileadh i 1973. Grá don teanga is cead a chinn i bhfad níos fearr do scoláirí is do bheidh rath ar an teanga.
tabhair freagratabhair freagra #5 Sibéal 5 Eanáir 2011, 17:57 GMT
Ní ceart aon chinneadh a dhéanamh faoi éigeantacht na Gaeilge san Ardteist nó a mhalairt gan polasaí oideachais iomlán a phlé nó gan polasaí Gaeilge a phlé.
tabhair freagratabhair freagra #6 Peadar 6 Eanáir 2011, 11:10 GMT
Caitear na milliúin ar tionscail na Gaeilge. An bhfuil cúntas tairbhe á dhéanamh? Ní fheicim toradh ar bith air. Níl na h-acmainní ann a thuille is caifear a bheith realaioch anois.
tabhair freagratabhair freagra #7 Irial 6 Eanáir 2011, 12:16 GMT
Tá ciall ag baint le moladh Dhonncha - sin an fáth nach nglacfar leis
tabhair freagratabhair freagra #8 Eoghan 8 Eanáir 2011, 12:38 GMT
A pheadair ní bhaineann seo le acmhainní. Ceist eile í sin. A Dhonncha is eagal liom go bhfuil tú tar éis géilleadh do Enda an Bhéarla. Caithfear tuiscint nach seo an t-aon pholasaí frtihGhaeilge a bheidh acu, déanfar seo agus leanfar ar an mbóthar ceanna i ngach aon reimse. Nárbh fhearr, a Dhonncha an Ghaeilge bheith éigeantach in Éirinnn fiú ó thaobh stáidais, is leis go bhfeabhsófaí an módh múinteoireachta, thabharfadh sin an 60% duit, ach 60% den 90% a bheadh ann. Ma ghlacann éinne againn leis an bpolasaí seo in aon chor nó fiú bealach ceadaithe mar atá déanta agat thuas tá buaite acu orainn. Ná bíodh aon éiginnteacht orainn, príomhdhúnghaois de chuid an Fhine Gall é seo, buille i gcoinne na Gaeilge, mura mbeimid láidir ina choinne scriosfar muid Gaeil.
Féach thíos;

'Tá Conradh na Gaeilge i bpáirt le Guth na Gaeltachta ag eagrú cruinnithe maidir leis an nGaeilge a bheith mar phríomhábhar don Ardteist agus an baol atá ann go ndéanfar iarracht ísliú stádais a thabhairt don teanga ag leibhéal na hardteiste i ndiaidh olltoghchán 2011.

Beidh an cruinniú ar siúl ar an Aoine, 21 Eanáir 2011, ag 14.00 in óstán Menlo Park, Bóthar Áth Cinn, Gaillimh.
« » 1 2
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!