« » 1 2 3
tabhair freagratabhair freagra #1 Concubhar 3 Samhain 2010, 11:45 GMT
Alt mhaith ach ní thagaim le h-úsáíd an fhocal 'athbhrandáil' - tá sé ró chosúil leis na nathanna cainte a bhionn in úsáid ar nós 'going forward' is a leithéid. Tús nua atá ag teastáil seachas éide nua a chur ar shean saighdiúir.
tabhair freagratabhair freagra #2 Bríd Bh 3 Samhain 2010, 14:19 GMT
Tagaim leat gur alt an-mhaith é seo ach an bhfuil an t-údar dáiríre ag rá nach mbeidh FF i gcumhacht arís go dtí tar éis 2020 agus gur faoi ainm nua agus riocht nua a bheidh siad faoin am sin? Ar eagla go mbeinn ag úsáid focal ar nós 'athbhrandáil' cén Ghaeilge a chuirfeá ar 'bold prediction?'
tabhair freagratabhair freagra #3 Seán P. 3 Samhain 2010, 17:37 GMT
B'fhéidir go bhfuil bunús éicint ann. Ní fheicim FF i gcumhacht go ceann píosa buíochas le Dia
tabhair freagratabhair freagra #4 Gearóid Mór 5 Samhain 2010, 16:38 GMT
Tá samhlaíocht mhaith ag an údar ach meastú an bhfuil sé in am dó bogadh ó shaol na samhlaíochta go dtí an saol réadúil?
tabhair freagratabhair freagra #5 Lena Ní Fhathaigh 8 Samhain 2010, 11:39 GMT
Ní thagaim leat a Ghearóid. Measaim gur alt thar a bheith maith é seo agus ceapaim go bhfuil seans ann go bhfíorófar an tuar faoi pháirtí nua. Ní cheapfainn, ámh, go mbeadh FF umhal go leor le leithscéal a ghabháil. Do thuairim faoin bhfoghthoghchán? An mbuafaidh FF é nó FG nó LO? Nó SF fiú?
tabhair freagratabhair freagra #6 Gearóid Mór 8 Samhain 2010, 12:07 GMT
Brian Ó Dónaill FF gan amhras. Is anseo a chuala tú ar dtús é. B'fhéidir go mbeidh breandán sásta a alt a athscríobh nó a 'athbhrandáil' nuair a tharlóidh sé sin!!!!
tabhair freagratabhair freagra #7 Marcas 12 Samhain 2010, 16:03 GMT
"Ar ndóigh ní raibh na polaiteoirí cama a tháinig os comhair na mbinsí fiosrúcháin agus na gcúirteanna éagsúla ar dhóigh ar bith ionadaíoch ar bhunús mór ár mbaill. Ní raibh, mar ní ligfeadh an t-ionraiceas daofa siúd caimiléireacht den chineál sin a shamhlú gan trácht ar a chleachtadh."

Ní aontaím leis sin. Bhí a fhios ag an saol agus a mháthair go raibh polaiteoirí cama fite fuaite i gceannaireacht Fhianna Fáil le fada an lá, ach tugadh cluas bodhar d'éinne a bhíodh á rá. Mar sin, bhí agus tá a fhios sin ag baill Fhianna Fáil: ní haon dóithíní iad. Tá súil agam go rachaidh FF go tóin póill sa chéad olltoghchán eile agus nach n-éireoidh siad ó dhuibheagán doimhin thóin na mara riamh arís go deo na ndeor.
tabhair freagratabhair freagra #8 Greavsie 15 Samhain 2010, 07:27 GMT
Rant eile frith Fhianna Fáileach é an t-alt seo. In áit alt atá bunaithe ar fhíricí scaoileann an t-údar racht feirge gan bhunús uaidh mar is dual do na meáin sa tír seo. Chuir mé spéis san abairt dheireanach sé gur eagarthóir le RTE é an t-údar. Ar cheart go mbeadh cead aige truflais den chineál seo a scríobh? an é seo an chúis go gceannaím ceadúnas teilifíse le go mbeadh iriseoirí RTE ag caitheamh anuas ar iarrachtaí cróga an rialtais? cé nach bhfuil mórán measa agam ar Pat Kenny nó Tubridy nó Miriam ní dóigh liom go scríofaidís rant den chineál seo.
tabhair freagratabhair freagra #9 Roí 15 Samhain 2010, 10:05 GMT
Anois feicimid, i dteachtaireacht Greavsie, meon cam an mhionlaigh siúd a thugann tacaíocht d'Fhianna Fáil go fóill, agus is dócha a thabharfadh go deo.

A Greavsie, deir tú nach bhfuil an t-alt bunaithe ar fhíricí, ach faraor níor chuir tú na bréaga os ár gcomhair. Cá bhfuil siad? Thug mé faoi deara go ndeachaigh tú díreach sa tóir ar an an údar féin, cleas gránna a léiríonn nach bhfuil tusa féin, fiú, muiníneach as a bhfuil le rá agat.
« » 1 2 3
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!