« » 1 2 3 4
tabhair freagratabhair freagra #24 Colin Ryan 17 Meán Fómhair 2010, 12:06 GMT
Mar Astrálach, agus i bhfianaise an eolais atá le fáil, déarfainn go bhfuil sé ródhéanach anois an Ghaeltacht thraidisiúnta a shábháil – agus féach go bhfuil Maidhc Dainín Ó Sé (thuas san eagrán seo) ar aon intinn liom. Níl de leigheas ar scéal na Gaeilge éigeantaí ach an siollabas a athleasú ó bhonn agus feidhm a bhaint as an tumoideachais nó as an leath-thumoideachais, ach is í an fhadhb chéanna atá ag Éirinn agus ag an Astráil – easpa múinteoirí dátheangacha. Is minic múineadh na dteangacha san Astráil fágtha ina phraiseach dá bharr, agus teangacha Bundúchasacha san áireamh. Aontaím leis an té a dúirt gur fiú an teanga Ghaeilge a chur chun cinn thar lear, agus mar chuid de sin ní mór gréasán láidir cainteoirí a chur ar bun, rud nach furasta. Tá meas agam féin ar an nGaeilge mar theanga fhíor-Astrálach (rud a chuirfeadh iontas ar roinnt Éireannach, b’fhéidir). Is cinnte ar aon chuma gur sna cathracha a mhairfidh an teanga feasta, más i mBaile Átha Cliath nó i Melbourne é.
tabhair freagratabhair freagra #25 olan 17 Meán Fómhair 2010, 12:40 GMT
An ceart agat a Cholin. Agus cuimhini8gh gur beag buntáiste airgeadais atá ar fáiil do leanaí sna cathracha le Gaeilge a fhoghlaim
tabhair freagratabhair freagra #26 olan 17 Meán Fómhair 2010, 14:15 GMT
Cén fáth go mbeadh airgead ar fáil do fhoghlaim Gaeilge.
tabhair freagratabhair freagra #27 mick mcmanus 17 Meán Fómhair 2010, 15:37 GMT
Níl a fhios agam a Olan. Tú féin a chur an cheist!!!!!
tabhair freagratabhair freagra #28 Shiela G 17 Meán Fómhair 2010, 15:55 GMT
Ach tá ceist bhunúsach ardaithe ag Ronan. Cad ina thaobh go leanfá ag cur iachall ar dhaoine teanga nach mbaineann leo a fhoghlaim ar scoil nuair atá sé cruthaithe thar na blianta fada gur mó suim a bheadh ag foghlaimeoirí áirithe ann dá dtosóidís á fhoghlaim dá ndeoin féin?
tabhair freagratabhair freagra #29 Ciarán M 23 Meán Fómhair 2010, 16:49 GMT
Bhain mé an úsáide agus taitnimh as an alt seo. Tá cuid mhór eolais ann
tabhair freagratabhair freagra #30 john 27 Meán Fómhair 2010, 15:02 GMT
Fancy Dan..
"Go into any shop or schoolyard in the Gaeltacht if you don't believe me. I was in Conemara myself during the summer while my kids were at the Gaeltacht in Inverin"

Do you think you could come up with something a teeny-weeny bit more scientific than that random observation to justify your assertion (I quote) that "People from the gaeltacht do not speak Irish to each other when at home"

Or do you stand outside Gaelscoil yards in Lucan, hear Irish, and conclude that all west Dublin semi-d land is speaking Irish?
tabhair freagratabhair freagra #31 Peadar 27 Meán Fómhair 2010, 22:19 GMT
Tá an Ghaeilge sa bhearna baol!...... an Ghaeltacht ag cúlú! Fill ar ais ar shompla ár sean sinsear a chuir an t-athbheochain ar siúl le feachtas deonach náisiúnta gan bach le maorlathas ná poiliteoirí.
tabhair freagratabhair freagra #32 cherry 29 Meán Fómhair 2010, 14:26 GMT
N cheapfainn go n-oibreodh se sin
tabhair freagratabhair freagra #33 Peadar 30 Meán Fómhair 2010, 11:28 GMT
Marbh le h-airgead is marbh gan é. Tá an chúis millte le cur i gcéill, bréag-stadas is an meatacht.
Teanga acadamúil amháin é gan an Gaeltacht.
« » 1 2 3 4
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!