54
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Is ar theifigh is mó a bhí an chaint san Astráil anuraidh, go háirithe i dtreo dheireadh na bliana nuair a bhí an toghchánaíocht ar siúl. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»Is millteanach an scéal é scéal an chóicín. Ní thuigeann Balor, mar sin, cén fáth nach dtiontaíonn úsáideoirí ar snaoisín ina áit.
»»»Tá an file faoi ghlas agus níl cead aon ní a bhreacadh ar bhalla, ar phár ná ar scáileán, i mbliana 2030, mar a thuigeann Gabriel Rosenstock go rímhaith is go ródhéanach.
»»»Tráth den saol ba ar na poblachtánaigh amháin a bhí an ghráin dhearg ag na haontachtaithe. Ach anois, mar a mhíníonn Robert McMillen, tá siad ag tabhairt faoi naimhde úra – an pobal aerach, lucht na heolaíochta agus lucht labhartha na Gaeilge ina measc.
»»»Préachadh, pócaí folmha agus faoiseamh an cheoil. Sin an méid a fuair Diarmuid Johnson as turas go Tuszyn na Polainne leis an mbanna ceoil, JRM.
»»»An bhféadfadh go mbeadh Fine Gael agus Fianna Fáil i gcomhrialtas tar éis an chéad olltoghchán eile? Cíorann Breandán Delap na féidireachtaí.
»»»D’fhág cuairt an scríbhneora, Alex Hijmans, ar Éirinn le déanaí lón machnaimh ag Éilis Nic Aodhagáin ar an gcaoi a dtéann saíocht tíre eile i bhfeidhm ar an duine.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Peadar Mac Fhlannchadha, Áras na nGael, Gaillimh.
»»»Bhí Colm Mac Séalaigh ag faire ar dhornálaíocht Katie Taylor i gCraobh an Domhain agus ar chluichí i gCraobha na hÉireann.
»»»Ag taisteal na hEorpa dó le trí bliana anuas, casadh daoine spéisiúla go leor ar an scríbhneoir Diarmuid Johnson. Seo í an chéad mhír uaidh faoina chuid eachtraí sa bPolainn, agus i dtíortha nach í.
»»»I rith na bliana seo, tá Ciara Nic Gabhann ag tabhairt eolais mar gheall ar na dánlanna agus áiteanna eile ar fiú cuairt a thabhairt orthu i gcathracha éagsúla timpeall na hEorpa. An mhí seo: Barcelona.
»»»Seo sliocht as An Bóthar go Santiago (Cois Life, 2007), an chéad leabhar le Mícheál de Barra as Contae an Chláir. Cín lae oilithrigh atá ann ina rianaíonn sé a thuras pearsanta ar an gconair cháiliúil seo.
»»»Chuaigh John-Paul Mc Carthy ag póirseáil trí thuairimí lucht saothraithe litríocht na Gaeilge leath tosaigh an chéid seo caite le treoir ó leabhar an Ollaimh Philip O Leary, Gaelic Prose in the Irish Free State, 1922-39.
»»»Féachann Colm Mac Séalaigh siar ar an séasúr iománaíochta atá díreach críochnaithe.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.