181
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Balor bocht! Tá mearbhall air arís an mhí seo, a léitheoirí dílse, i ndiaidh cháinaisnéis na míosa seo caite. Cuid de na ciorruithe a rinneadh, agus cuid de na hualaigh mhóra a leagadh, bhí siad barbartha agus fíochmhar. Is beag cainte a dhéanfar as seo amach ar dhíscire Ray McSharry nó ar ghairge Ritchie Ryan. Is é Brains Ó Leanacháin - Ó Léanacháin mo léan, agus a bhrúidiúlacht a bheidh i mbéal an phobail go deo na ndeor.
»»»Is iomaí nath a thug suntas don fheiceálacht: ‘is mór an chuid súil í’ agus ‘tús seirce an síordhearcadh’ srl. Chaith Ciara Nic Gabhann súil ar scéal a bhain le ní nár cheart, dar le dream margaíochta, a nochtú feiceálach os comhair an phobail.
»»»Tá cónaí ar Brent Miles in Ontario Cheanada. Léiríonn sé anseo an chaoi a bhfuil Raidió na Gaeltachta ar an idirlíon ina áis luachmhar aige féin agus acu sin go léir a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh d’Éirinn agus atá ag iarraidh teagmháil leathúil a bheith acu leis an nGaeilge.
»»»Tar éis dó triail a bhaint as an leagan nua de Word a bheas ar an margadh gan mhoill, tá Diarmaid Mac Mathúna den tuairim go gcuirfidh an comhéadan nua atá forbartha ag Microsoft mearbhall ar go leor daoine.
»»»Más mian leat tuairim a chur in iúl faoi ábhar na hirise nó faoi aon eile, scríobh chugainn ag litreacha@beo.ie. Mura mian leat go gcuirfí do theachtaireacht i gcló, cuir na focail ‘Ná cuirtear i gcló’ roimh an teachtaireacht, le do thoil.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: cúrsaí faisin.
»»»Ar an 24 Samhain 2004 seoladh dlúthdhiosca dúbailte agus leabhrán dar teideal Scéalta Miotais agus Draíochta as Inis Eoghain. Ba é Raidió Phobal Inis Eoghain i nDún na nGall a d’fhoilsigh an pacáiste seo. Labhair Antaine Ó Faracháin leis an bhfear a rinne comhordú ar an tionscadal, an t-amhránaí Jimmy McBride.
»»»Míníonn Balor a bhfuil i ndán do mhuintir na hÉireann sa bhliain atá amach romhainn.
»»»Chuaigh Liz Curtis chun cainte le Ruth Hume, Protastúnach a bhfuil a dícheall déanta aici le tríocha bliain anuas tuiscint níos fearr a fháil ar phobal Caitliceach Thuaisceart Éireann.
»»»Agus Kíla ar camchuairt sna Stáit Aontaithe roimhe seo, bhraitheadh Colm Ó Snodaigh go mbíodh easpa spioradáltachta i gceist. Braitheann sé anois, áfach, go bhfuil an banna réidh lena n-aghaidh a thabhairt ar an tír arís.
»»»Tá titim mhór tagtha sa líon daoine atá ag ól i dtithe tábhairne na hÉireann le tamall anuas ach measann Breandán Delap go bhfuil sé in am ag na tábhairneoirí dul i ngleic leis an fhadhb, seachas bheith de shíor ag gearán.
»»»Nuair nach mbeidh súil againn leis, b’fhéidir go n-imreofar an íde chéanna ar thomhaltóirí na hÉireann is imríodh ar thomhaltóirí na hEorpa le linn dúluachair na bliana seo 2008-09: an sruth gáis i bpíplínte anoir a stad. Tá an scéal ag Tomás Ó hAodha san alt seo, ‘Taoscadh an Tobair’.
»»»Spéis agat sa Toyota Avensis, ar athláimh? Bhí Daragh Ó Tuama á fhéachaint agus cé go raibh doghrainn ag baint le roinnt acu le gairid, tá sé sásta leis an gcarr seo.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.