78
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
I ndeireadh an lae ba ar Inspector Jacques Clouseau is mó a smaoinigh Breandán Delap seachas ar Sherlock Holmes nuair a rinne sé scagadh ar an taighde is déanaí faoin teanga a foilsíodh san iris The Economic and Social Review.
»»»Míníonn Brian Ó Broin an tslí a n-oibríonn córas polaitíochta na Stát Aontaithe agus cén fáth a bhfuil sé chomh seasmhach sin.
»»»Tá an-ráchairt ar úrscéal nua leis an Ghael-Mheiricéanach Dermot McEvoy, saothar a bhfuil Micheal Collins mar phríomhcharachtar ann. Labhair an t-údar le Tom Deignan faoin úrscéal agus faoina shaol.
»»»Is as Gaoth Dobhair ó dhúchas é Colm Ó Baoill ach tá cónaí air anois lena bhean chéile Seapánach i Sydney na hAstráile. Míníonn sé anseo na deacrachtaí a bhaineann le páistí a thógáil trí Ghaeilge i bhfad ó bhaile.
»»»Is é cothrom na Féinne croílár cheist na dtáillí tí agus ceadúnas teilifíse/cumarsáide dar le Ciarán Mac Aonghusa.
»»»Cuireadh cosc ar Bhalor dul chuig Irish Fest Milwaukee i mbliana ach d’éirigh leis dul ann, mar sin féin – ina bhrionglóidí.
»»»Tá beagnach a thrian de dhaonra na Sé Chontae Fichead ina bpáistí. Is céim chun cinn é Reifreann na míosa seo in Éirinn, dar le Ciarán Mac Aonghusa.
»»»Nocht Tony Birtill a chroí (agus tuilleadh, tráth dá raibh) san alt seo i ndiaidh dó casadh leis an aisteoir Carrie Crowley i nGleann Cholm Cille i ndiaidh blianta fada.
»»»Ní bhítear mar a theilgtear, ar chláir theilifíse ar aon chuma. Tá comhlachtaí scannáin Chalifornia go maith ag soláthar íomhá den saol meánscoile i SAM nach siúlann ar an bhfírinne dar le Brian Ó Broin.
»»»Fuair foireann iománaíochta Chill Chainnigh an ceann is fearr ar Chorcaigh i gcluiche ceannais na hÉireann an mhí seo caite agus níor éirigh ach le dhá fhoireann an bua a fháil orthu i gcluiche comórtais i mbliana. An údar buartha é seo do lucht leanúna na hiomána?, a fhiafraíonn Colm Mac Séalaigh.
»»»Tá rialtais an Iarthair ag cur i gcoinne Robert Mugabe na laethanta ach ní ar mhaithe le pobal na Siombáibe atá siad á dhéanamh sin, dar le Maidhc Ó Cathail.
»»»Thug Tony Birtill cuairt ar cheann de naíonraí Shasana. Níor cheart gur in Éirinn amháin go mbeadh borradh faoi naíonraí is faoi ghaelscoileanna. Tá buntáistí an ilteangachais chomh tábhachtach ag páistí i Learpholl Shasana is atá ag páistí i mBaile an Phoill in Éirinn. Cruthaíonn an gaeloideachas gaol an ghasúir, is cuma cá mbeidh sé, le teanga is le saíocht na hÉireann.
»»»Tá baill áirithe d’Fhianna Fáil ag caint ar chomhoibriú níos fearr a chothú idir iad féin agus an SDLP. Fiafraíonn Robert McMillen an bhfuil sé seo ag tarlú de bharr go bhfuil Sinn Féin ag éirí níos láidre mar pháirtí.
»»»D’fhreastail Uinsionn Mac Dubhghaill ar chomhdháil faoi bhunreacht na hEorpa an mhí seo caite agus chuala sé cainteoirí éagsúla ag míniú cad iad na bacanna atá roimh fhiontraithe aonair na hEorpa, bacanna nach bhfuil i gceist sna Stáit Aontaithe.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.