 |
 |
Leabharmheas: A New View of the Irish Language
Tá leabhar nua dar teideal A New View of the Irish Language díreach foilsithe ag Cois Life. Leabhar thar a bheith suimiúil is ea é a thaitneoidh go mór le daoine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge, sa tsochaí Éireannach agus sa tsochtheangeolaíocht, dar le Caoimhe Ní Laighin.
Tá leabhar a mbeidh an-tóir air, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, díreach foilsithe ag Cois Life. Is éard atá idir chamáin sa saothar, a bhfuil A New View of the Irish Language mar theideal air, ná staid na Gaeilge sa lá atá inniu ann.
Is iad Caoilfhionn Nic Pháidín agus Seán Ó Cearnaigh eagarthóirí an tsaothair, ina bhfuil sraith aistí le húdair a áirítear mar údaráis ar a réimse féin saineolais. Úsáidtear cur chuige ildisiplíneach ann le léargas cuimsitheach a chur ar fáil don léitheoir maidir leis an riocht ina bhfuil an teanga sa tsochaí chomhaimseartha.
Déantar plé sna haistí ar réimse leathan ábhar – na meáin chumarsáide Ghaeilge; an fhéiniúlacht Éireannach agus an Ghaeilge; litríocht na Gaeilge; an Ghaeltacht agus logainmneacha, ina measc.
Is cinnte go bhfuil ábhar inspéise sa saothar seo do lucht na Gaeilge agus is cosúil go dtabharfaidh sé lón machnaimh don chuid eile den tsochaí Éireannach nach bhfuil eolach ar an teanga nó ar na nithe atá ina n-údair imní – agus ina n-údair bhróid – dá lucht labhartha in Éirinn agus i gcéin.
Is iad na buanna is mó atá ag baint leis an saothar seo ná, sa chéad dul síos, go bhfuil na haltanna i mBéarla agus, sa dara dul síos, gur éirigh leis na húdair ar fad stíl bhreá iriseoireachta a chothú ina gcuid scríbhneoireachta agus nár ghéill siad don chathú dul i muinín an bhéarlagair acadúil.
Gach seans go sílfidh daoine áirithe gur peaca marfach é leabhar mar seo a fhoilsiú i mBéarla. Mar shampla, dúradh i léirmheas amháin a léigh mé gur "admháil teipe” é an rogha teanga.
Ní aontaím leis an tuairim sin.
Cheisteoinn luach na seimineár ar fad agus fiúntas na leabhar uile ina bpléitear ceist na Gaeilge as Gaeilge. Dar ndóigh, tá tábhacht ag baint leo i gcomhthéacsanna áirithe – comhthéacs acadúil, cuir i gcás. Ach i gcásanna eile, braithim go mbítear ag iarraidh dul i bhfeidhm ar dhaoine atá báúil leis an teanga cheana - "preaching to the converted”, mar a deirtear sa Bhéarla. Aontaím le Nic Pháidín agus Ó Cearnaigh nuair a deir siad i réamhrá an leabhair seo: “The goodwill of [the] largely English speaking population is essential for [the promotion of the Irish Language], and this support must be sought and maintained primarily in English.”
Aistí
Ar cheann de na haistí is mó a chuaigh i bhfeidhm orm bhí “The State and the Irish Language” le Gearóid Ó Tuathaigh ina ndéantar cur síos, mar a thugann an teideal le fios, ar pholasaithe teanga an stáit thar na blianta. Aiste shuntasach is ea í mar go ndéantar plé suimiúil inti, ní hamháin ar an nGaeilge, ach ar an dóigh ar tháinig athrú íde-eolaíoch ar an Stát sna caogaidí nuair a thángthas ar an tuiscint go raibh teipthe ar fhís de Valera – is é sin, go raibh teipthe ar nóisean na hathbheochana agus ar an gcaomhnaitheacht. Is díol spéise é, dar liomsa, gur chuathas i mbun na dtionscadal a bhí níb fhiúntaí ó thaobh na Gaeilge de sa ré úr (bunú Gaeltarra, agus ní ba dhéanaí, bunú Údarás na Gaeltachta) in ainneoin nach rabhthas ag leagan béime ar náisiúnachas cultúrtha a thuilleadh.
Saineolaí eile a phléann cúrsaí idé-eolacha sa leabhar is ea Iarlaith Watson. In aiste dar teideal “The Irish Language and Identity”, tugann sé léargas dúinn faoin nasc idir féiniúlacht na nÉireannach agus an Ghaeilge. Mholfainn go láidir do dhaoine atá ag déanamh staidéir ar na meáin chumarsáide, nó d’aon duine a bhfuil spéis aige sna cúrsaí seo i gcoitinne, a leabhar Broadcasting in Irish (2003)a léamh chomh maith.
Déanann Breandán Delap achoimriú ar a leabhar mór-ráchairte Ar an Taifead (2007) san aiste “Irish and the Media”. Pléann sé cúlra stairiúil na meán Gaeilge agus déanann sé cur síos ar na feachtais éagsúla ar tugadh fúthu agus Raidió na Gaeltachta – agus ní ba dhéanaí, Teilifís na Gaeilge – á mbunú. Leabhar eile is ea Ar an Taifead a bheadh an-úsáideach don té atá i mbun staidéir ar na meáin Ghaeilge
Ar na haistí eile ar thug mé suntas dóibh bhí, “The Global Diaspora and the ‘New’ Irish Language” le Brian Ó Conchubhair agus “Current Attitudes to Irish” le Ciarán Mac Murchaidh.
Tá A New View of the Irish Language dírithe, glacaim leis, ar dhá ghrúpa éagsúla: an pobal i gcoitinne agus an lucht acadúil. Ach is mar eolaire nó pointe éasca tagartha atá sé deartha i gcás an dara dream a luadh, dar liomsa.
Is geall le Rapid Revision on Issues pertaining to the Irish Language é an saothar seo, ach ní ar bhealach díspeagúil a deirim sin agus tá súil agam nach gcuirfidh an cur síos olc orthu siúd a bhí bainteach leis. Is éard atá i gceist agam ná go gcuireann an saothar in iúl don léitheoir na rudaí ar fad ar chóir dóibh a bheith ar an eolas fúthu ó thaobh na Gaeilge de agus go dtugann sé túsphointe an-mhaith do mhic léinn atá ag tabhairt faoi chéim sa Ghaeilge, sa teangeolaíocht, sa tsochtheangeolaíocht, sa stair nó sa tsocheolaíocht. Tá sé mar a bheadh léarscáil ann mar go dtarraingíonn sé aird an léitheora ar na ceisteanna agus ar na sainréimsí tábhachtacha atá ag baint leis an teanga.
Locht I bhfírinne, ní féidir liom locht a fháil ar a bhfuil in A New View of the Irish Language. Locht amháin a gheobhainn air, áfach, ná na rudaí atá fágtha ar lár – idir dhaoine agus ábhair.
 |
| Tá an Dr Lillis Ó Laoire ar dhuine de na húdair a bhfuil aiste dá chuid le fáil sa saothar A New View of the Irish Language |
Ba dheas liomsa dá mbeadh tuilleadh díospóireachta ann maidir leis an nasc idir féiniúlacht, teanga agus rathúlacht eacnamúil. Tá tagairt déanta don choincheap seo, ach measaim go gcuirfeadh sé go mór leis an leabhar dá mbeadh aiste iomlán faoin teoiric seo le fáil ann. Bheadh leithéidí Joe Lee nó John Walsh an-mhaith sa réimse áirithe seo.
Cé go n-éiríonn leis na húdair ar fad stíl shothuigthe neamhacadúil a úsáid, locht eile a gheobhainn ar an saothar ná go bhfuil na húdair ar fad bainteach leis an saol acadúil cé is moite de Bhreandán Delap agus de Liam Ó Muirthile – ar eagarthóir nuachta le TG4 agus file iad faoi seach. Measaim go gcuirfeadh sé go mór leis an saothar dá mbeadh roinnt aistí ag daoine ann atá ag obair sa phobal nó i gceann de na heagraíochtaí Gaeilge, cuir i gcás.
É sin ráite, measaim go bhfuil an leabhar seo riachtanach d’aon duine atá ag déanamh staidéir ar an nGaeilge, ar an tsochtheangeolaíocht nó ar an teangeolaíocht. Is leabhar thar a bheith taitneamhach agus faisnéiseach é chomh maith a mbeidh an-ráchairt air sna míonna – agus sna blianta – atá amach romhainn, táim cinnte.
|
A New View of the Irish Language (eagarthóirí Caoilfhionn Nic Pháidín agus Seán Ó Cearnaigh, Cois Life, 2008)
Praghas: €20
Tá an leabhar ar fáil ó www.coislife.ie agus ó shiopaí leabhar mar Shiopa Leabhar Chonradh na Gaeilge (www.evertype.com/siopa6) ar Shráid Fhearcháir i mBaile Átha Cliath. Is féidir é a cheannach ar líne freisin ar na suíomhanna seo:
|
Is eagarthóir ar an iris seo í Caoimhe Ní Laighin.
Nocht do chuid tuairimí maidir leis an alt seo i gClár Plé Beo!
Give your opinions on this article in Beo!'s Forum.
Gluais Glossary |
 |
| a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge, | who have an interest in Irish |
 |
| a mbeidh an-tóir air, | which will be in great demand |
 |
| a thuilleadh. | any more |
 |
| ábhar inspéise | material/subject matter of interest |
 |
| admháil teipe | admission of failure |
 |
| ag déanamh staidéir ar na meáin chumarsáide, | studying the media, doing media studies |
 |
| ag leagan béime | emphasising |
 |
| Aiste shuntasach | significant essay |
 |
| an fhéiniúlacht Éireannach | Irish identity |
 |
| an phráinn | the urgency |
 |
| an riocht | the condition |
 |
| an-úsáideach | very useful |
 |
| ar tugadh fúthu | which were undertaken |
 |
| athrú íde-eolaíoch | ideological change |
 |
| Ba dheas liomsa | I would like |
 |
| bainteach leis an saol acadúil | involved with academic life |
 |
| báúil | sympathetic |
 |
| bhealach díspeagúil | pejorative manner |
 |
| buanna | attributes, qualities |
 |
| bunú | foundation of |
 |
| caomhnaitheacht. | protectionism |
 |
| casta | complicated |
 |
| cé is moite de | except for |
 |
| Cheisteoinn | I would question |
 |
| comhthéacsanna áirithe | particular contexts |
 |
| cúlra stairiúil na meán Gaeilge | historical background of the Irish language media |
 |
| cur chuige ildisiplíneach | inter disciplinary approach |
 |
| cur síos ar fhréamhacha na teanga. | description on the roots of the language |
 |
| dá lucht labhartha | to its speakers |
 |
| deartha | designed |
 |
| díol spéise | landmark, worth of interest |
 |
| dul i bhfeidhm ar dhaoine | to influence people |
 |
| dul i muinín an bhéarlagair acadúil. | to recourse to academic jargon |
 |
| éacht | achievement |
 |
| eagarthóirí an tsaothair, | editors of the work |
 |
| eascair | stemmed from, resulted from |
 |
| eolaire | directory |
 |
| fágtha ar lár | left out |
 |
| faisnéiseach | informative |
 |
| faoi seach. | respectivley |
 |
| feachtais éagsúla | various campaigns |
 |
| foclóir oifigiúil amháin | one official dictionary |
 |
| foilsithe | published |
 |
| go leor eolais | enough information |
 |
| i bhformaid mar seo | in a format such as this |
 |
| i gceann de na heagraíochtaí Gaeilge, | in one of the Irish language organisations |
 |
| i gcéin. | further afield |
 |
| i gcoitinne, | in general |
 |
| idir chamáin | under discussion |
 |
| in ainneoin | despite |
 |
| ina chaibidil | in his chapter |
 |
| Is geall le | It is almost a |
 |
| le húdair a áirítear mar údaráis ar a réimse féin saineolais. | with authors who are considered authorities in their own field of expertise |
 |
| léargas cuimsitheach | comprehensive insight |
 |
| léarscáil | map |
 |
| léirmheas | review |
 |
| lithéidí | the likes of |
 |
| litríocht | literature |
 |
| locht | fault |
 |
| logainmneacha | placenames |
 |
| lón machnaimh | food for thought |
 |
| luach na seimineár ar fad | the value of all of the seminars |
 |
| Mholfainn | I would recommend |
 |
| nach bhfuil eolach ar an teanga | who aren't knowledgeable about the language |
 |
| náisiúnachas cultúrtha | cultural nationalism |
 |
| nár ghéill siad don chathú | they didn't give into the temptation |
 |
| Ní chuirfidh mé fiacail ann: | I will call a spade a spade |
 |
| níb fhiúntaí | more worthwhile |
 |
| nóisean na hathbheochana | the notion of the revival |
 |
| nuair a thángthas ar an tuiscint go raibh teipthe ar fhís de Valera | when the realisation was arrived at the de Valera's vision had failed |
 |
| peaca marfach | mortal sin |
 |
| pholasaithe teanga an stáit | state language policies |
 |
| plé | discussion |
 |
| pointe éasca tagartha | easy point of reference |
 |
| rathúlacht eacnamúil. | economic success |
 |
| ré úr | new era |
 |
| réamhrá | introduction |
 |
| réimse leathan ábhar | wide range of subjects |
 |
| riachtanach | essiential |
 |
| sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, | in the short term and in the long term |
 |
| sa réimse áirithe seo. | in this particular field |
 |
| sa tsochaí Éireannach | in Irish society |
 |
| sa tsochtheangeolaíocht, | in sociolinguistics |
 |
| Saineolaí | expert |
 |
| sainréimsí tábhachtacha | specialist areas of importance |
 |
| sna caogaidí | in the fifties |
 |
| sothuigthe | comprehensible |
 |
| sraith aistí | series of essays |
 |
| staid na Gaeilge | state of Irish |
 |
| stair fhoclóireacht na Gaeilge | history of the lexiography of Irish |
 |
| stíl bhreá iriseoireachta | a nice journalistic style |
 |
| stíl shothuigthe | comprehensible style |
 |
| suimiúil | interesting |
 |
| tábhacht na pleanála corpais | the importance of corpus planning |
 |
| tagairt | reference |
 |
| taitneamhach. | enjoyable |
 |
| tarraingíonn sé aird an léitheora | it attracts the attention of the reader |
 |
| tarraingteach | attractive |
 |
| teangacha Ceilteacha, | Celtic languages |
 |
| teoiric úr cheannródaíoch, | a new pioneering theory |
 |
| theideal | title |
 |
| tionscadal | projects |
 |
| tréimhsí stairiúla éagsúla | various historical periods |
 |
| tuilleadh díospóireachta | more debate |
 |
| tuiscint ghinearálta | general understanding |
 |
| túsphointe an-mhaith | a very good starting point |
 |
| údair bhróid | causes for pride |
 |
| údair imní | causes for worry |
 |
|
 |
 |