Beo!
Eagrán 106, Feabhra 2010
 
Who Needs Irish?
Caint an tSráidbhaile
An bhfuil an Comhrialtas ag dul trí ghéarchéim?

Is iomaí conspóid atá tagtha chun cinn ón uair a toghadh an Comhrialtas sé mhí ó shin. An amhlaidh go mbeidh athrú rialtais i ndán dúinn níos luaithe ná mar a ceapadh?

Tá brú á chur ar Mary Harney éirí as a post mar Aire Sláinte
Níl ach sé mhí imithe thart ón uair a toghadh an Rialtas agus cheana féin tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil sé ag dul trí ghéarchéim.

Níl mórán déanta ag baill an Chomhrialtais ó aimsir an olltoghcháin le cruthú do thoghthóirí go bhfuil sé ar intinn acu na gealltanais ar fad a chomhlíonadh a rinne siad agus iad i mbun feachtais. Agus ní hé go raibh am de dhíth orthu le socrú isteach. Mura bhfuil lucht Fhianna Fáil oilte ar a gceird faoin am seo – i ndiaidh dóibh a bheith i mbun rialtais le fada – níl mórán dóchais i ndán dóibh.

B’fhéidir gurb é is cúis lena n-easpa gnímh i dtaca le polasaithe a athrúgo bhfuil siad an-ghafa leis na fadhbanna éagsúla atá tagtha chun cinn le gairid. Go deimhin, is minic an chonspóid sna sála ag an Rialtas le sé mhí anuas.

B’fhéidir gurb é an eachtra is tromchúisí atá tite amach i saolré an Rialtais seo ná conspóid na mamagram i bPort Laoise. Is iomaí scéal nuachta atá scríofa agus craolta le déanaí ar an Aire Sláinte, Mary Harney, agus ar mhí-éifeachtacht Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Tá grúpaí agus páirtithe leasmhara timpeall na tíre, mar aon le polaiteoirí áirithe agus daoine a raibh tionchar díreach ag an bpraiseach orthu, ag maíomh go bhfuil sé thar am di éirí as post. Agus dealraíonn sé go bhfuil Harney ag teacht faoi bhrú géilleadh dá n-éileamh.

I measc na bhfadhbanna eile a raibh ar an Rialtas dul i ngleic leo le sé mhí anuas bhí an fhianaise “dhochreidte” a thug an Taoiseach, Bertie Ahern, agus é os comhair Bhinse Fiosraithe Mahon. Bhí neart den tuairim gurbh fhéidearthacht é go gcuirfí brú ar Ahern éirí as a phost. Cé go bhfuil an brú sin laghdaithe anois, beidh Ahern os comhair an bhinse arís go luath agus d’fhéadfadh sé tarlú go dtiocfadh sé faoi bhrú in athuair.

Noel Dempsey: b'éigean dó athmhachnamh a dhéanamh maidir le socruithe nua d'fhoghlaimeoirí tiomána
Mar bharr ar an donas, bhí clampar sna meáin chumarsáide an mhí seo caite – gan trácht ar anbhá i measc daoine nach bhfuil ach ceadúnas sealadach tiomána acu – nuair a d’fhógair an tAire Iompair, Noel Dempsey, nach mbeadh cead ag foghlaimeoirí a ngluaisteáin a thiomáint a thuilleadh ach amháin dá mbeadh tiománaí láncháilithe in aice leo. Plean maith atá ann, dár ndóigh. Bheadh sé úsáideach, áfach, dá dtabharfaí níos mó foláirimh do dhaoine ná tréimhse trí lá. Bhí aghaidheanna dearga sa Chomhaireacht agus baill den Rialtas ag teacht ar an tuiscint go mbeadh orthu an t-athrú polasaí a chur ar athló go dtí an samhradh seo chugainn.

Mar a pléadh in eagarfhocal Beo! an mhí seo caite, t
á fuarchúis an Rialtais i leith mhuintir an Iarthair Láir ina ceist mhór i measc thoghthóirí an cheantair sin. Chuir easpa gnímh an chomhrialtais maidir le cinneadh Aer Lingus deireadh a chur le heitiltí áirithe idir Aerfort na Sionainne agus Aerfort Heathrow i Londain olc ar dhaoine sa chuid sin tíre.

Is beag rath a bhí ar an Rialtas go dtí seo, mar sin. Agus is léir go bhfuil na conspóidí ar fad dulta i bhfeidhm ar an bpobalde réir pobalbhreithe ar thug an comhlacht TNS MRBI faoi le déanaí, tá Fine Gael beagnach cothrom le Fianna Fáil i measc na vótóirí.

An bhfuil athrú rialtais i ndán dúinn níos luaithe ná mar a ceapadh a tharlódh sé sin? Beidh le feiceáil.

Nocht do chuid tuairimí maidir leis an alt seo i gClár Plé Beo!
Give your opinions on this article in Beo!'s Forum.

 
Gluais • Glossary
Aerfort na SionainneShannon Airport
ag baill an Chomhrialtaismembers of the coalition
ag maíomhclaiming
ag teacht ar an tuiscintrealising
ag teacht faoi bhrúcoming under pressure
aghaidheanna deargared faces
agus é os comhair Bhinse Fiosraithe Mahon.while he was in front of the Mahon Tribunal
agus iad i mbun feachtais.while they were campaigning
Agus is léir go bhfuil na conspóidí ar fad dulta i bhfeidhm ar an bpobaland it is clear that the controversies have affected the public
Agus ní hé go raibh am de dhíth orthu le socrú isteach.And it is not as if time they needed time to settle in
An amhlaidh go mbeidh athrú rialtais i ndán dúinncould it be that we are in for a change of government
an fhianaisethe evidence
an t-athrú polasaí a chur ar athlópostpone this change of policy
anbhápanic
ar mhí-éifeachtacht Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.on the lack of efficency of the Health Service Executive
ar thug an comhlacht TNS MRBI faoi le déanaí,which the company TNS MRBI undertook recently
beagnach cothromneraly equal
Beidh le feiceáil.it remains to be seen
ceadúnas sealadach tiománaprovisional drivers' license
cheana féinalready
cinneadhdecision
clamparcommotion
conspóid na mamagram i bPort Laoise.the mammogram controversy in Port Laoise
d'fhógairannounced
de réir pobalbhreitheaccording to an opinion poll
dealraíonn séit appears
dul i ngleicget to grips with
easpa gnímhlack of action
eitiltí áirithesome flights
fuarchúis an Rialtaisapathy of the government
gealltanaispromises
géilleadh dá n-éileamh.to give into their demand
go bhfuil sé ag dul trí ghéarchéim.that it is going through a crisis
go bhfuil sé ar intinnthat they intend
go bhfuil sé thar am di éirí as post.that it is time for her to retire
go bhfuil siad an-ghafa leis na fadhbanna éagsúla atá tagtha chun cinn le gairid.that they are very busy with the various problems which have come up recently
gurbh fhéidearthacht éthat it was a possibility
i dtaca le polasaithe a athrúwith regard to the changing of policies
i leith mhuintir an Iarthair Láirtowards the people of the Mid-West
I measc na bhfadhbanna eileamong the other problems
i saolré an Rialtaisin the lifetime of the government
imithe thartgone by
in athuair.again
Is beag rath a bhí ar an Rialtas go dtí seo,the government haven't had much success up to this point
Is iomaí conspóid atá tagtha chun cinnmany a controversy has come up
is minic an chonspóid sna sála ag an Rialtas le sé mhí anuas.many controversies have dogged the government for the last six months
is tromchúisímost serious
laghdaithe anois,reduced now
le cruthú do thoghthóiríto prove to voters
Mar bharr ar an donas,On top of on that
Mura bhfuil lucht Fhianna Fáil oilte ar a gceird faoin am seoif Fianna Fáil don't know the ropes at this stage
ná tréimhse trí lá.than a period of three days
nach mbeadh cead ag foghlaimeoirí a ngluaisteáin a thiomáintthat learners wouldn't be allowed to drive their cars
níl mórán dóchais i ndán dóibh.there's not much hope for them
níos luaithesooner
níos mó foláirimhmore notice
ón uair a toghadh an Comhrialtassince the coalition government was elected
páirtithe leasmharaparties concerned
praiseachmess
sa Chomhaireachtin the cabinet
scéal nuachtanews story
tá an chosúlacht ar an scéalit appears
tiománaí láncháilithefully qualified driver
tionchar díreachdirect effect
úsáideach,useful
 
 
 
Tá níos mó altanna mar seo ar fáil sa Chartlann:
 
 
  Altanna sa rannóg Caint an tSráidbhaile