Beo!
Eagrán 106, Feabhra 2010
 
Who Needs Irish?
Ar na Saolta Seo
An Teach Cearrbhachais Dlíthiúil

Cé chaill do chuid airgid anuraidh? Is scáfar a bhfuil roimh gach éinne i dtaca lena gcuid pingneacha a saothraíodh go crua in imeacht na mblianta a choinneáil slán i mbliana arís. Míníonn Maidhc Ó Cathail ar tharla trí scór bliain ó shin nuair a bhuail neamhrialtacht Sráid Wall dual na droinne ar an domhan clár. Ní tada é, is cosúil, dá bhfuil le tarlú go fóill, bíodh sé sin luath nó mall. An tAcht um Nuachóiriú Seirbhísí Airgeadais 1999 a thosaigh géarchéim na linne seo dar le Maidhc Ó Cathail.

Tá na himeachtaí ar Wall Street ó Mheán Fómhair 2008 i leith tar éis stangadh a bhaint as cuid mhaith daoine, ‘saineolaithe’ na bpríomhmheán ina measc. D’fhéadfaí é a thuar, áfach, dá mbeadh a fhios ag daoine an cineál córais airgeadais a bhí ann, agus cén chaoi ar bunaíodh é.

D’fhonn an ghéarchéim airgeadais seo a thuiscint, ní mór dúinn dul siar go 1999 agus chuig an gcinneadh polaitiúil ríthábhachtach a rinneadh ansin. Tar éis brústocaireacht dhian a rinne lucht Wall Street ar Chomhdháil na Stát Aontaithe, a lean ar feadh blianta agus arbh fhiú na milliúin dollar é, chuir an tUachtarán Bill Clinton a shíniú leis an Acht um Nuachóiriú Seirbhísí Airgeadais ar an 12ú Mí na Samhna, 1999.
Bill Clinton, ciontach!

Chuir an reachtaíocht seo deireadh, go bunúsach, le rialú ar an earnáil airgeadais a bhí ann ó chuir an tUachtarán Franklin D. Roosevelt a lámh leis an Acht Glass-Steagall i 1933, mar fhreagra ar amhantraíocht neamhrialaithe de chuid lucht Wall Street.  Ba é an amhantraíocht neamhrialaithe sin ba chúis le teip os cionn 5,000 banc ó Chliseadh tubaisteach Wall Street i 1929. 

Is amhlaidh go raibh lucht Wall Street ag iarraidh seirbhísí airgeadais a dírialú ó na hochtóidí i leith. Agus nuair a ceapadh Alan Greenspan i 1987 - fear a bhíodh roimhe sin ina stiúrthóir le banc J.P. Morgan - ina chathaoirleach ar an mBanc Cúlchiste Feidearálach (banc ceannais nach bhfuil feidearálach ach príobháideach), ghríosaigh sé an Chomhdháil chun Glass-Steagall a aisghairm.

Alan Greenspan, Ciontach!

Maraon lena chairde ar Wall Street, bhí ríméad ar Greenspan nuair a chuir rialtas Clinton deireadh leis an  maoirseacht bheag a bhí orthu go dtí sin, agus mhol sé é mar ‘réabhlóid in airgeadas.’ D’éascaigh aisghairm Glass-Steagall áfach, an réabhlóid urraithe is cúis leis an bpraiseach ina bhfuil cúrsaí airgeadais faoi láthair.


An Poll Dubh

Bhí díorthaigh mar chroílár ag an réabhlóid urraithe seo. Is é an sainmhiniú a thugann Foclóir Fiontair ar ‘díorthach’, ná “ionstraim airgeadais a luacháiltear de réir gluaiseachtaí ionchais praghais bunsócmhainne, ar féidir gur tráchtearraí, airgeadraurrús í.” Ach i mbeagán focal, níl ann i ndairíre ach gealltóireacht ar an stocmhargadh. Agus is é an ghealltóireacht seo ba chúis le teip institiúdí móra airgeadais ar nós Fannie Mae, Freddie Mac agus Lehman Brothers, chomh maith le AIG, a chuir an cearrbhachas seo ar Wall Street faoi árachas.

Ach d’fhéadfadh cúrsaí dul in olcas ar fad fós. Mar a mhíníonn Ellen Brown ina halt “Bailout Bedlam” (Global Research, 2 Deireadh Fómhair, 2008), “The imploding derivatives bubble is a giant black hole that could suck all the productive assets of the nation into banking coffers.” De réir Brown, tá neamhchosaint ar dhíorthaigh thart ar $180 trilliún ag na bancanna sna SAM. Tá an figiúr ábhalmhór sin cothrom le trí oiread olltáirgeacht intíre na dtíortha ar domhan go léir - is é sin, mar a thug Brown air, “an impossible to fill black hole.”

Ina dhiaidh sin is uile, rinne rialtas SAM iarracht an poll dubh a líonadh le hairgead na gcáiníocóirí. Ach ní líonfar gach poll, is cosúil. D’fhógair Rúnaí Státchiste Henry Paulson i Meán Fómhair, 2008, go dtabharfadh Státchiste na Stát Aontaithe $85 billiún leis an gcomhlacht árachais is mó ar domhan, AIG, a tharrtháil, lá ina dhiaidh dó gan teacht i gcabhair ar Bhanc Lehman Brothers. Ach cad chuige an difríocht eatarthu?
Lloyd Craig Blankfein, ciontach, i lár baill

Seans go raibh baint ag cinneadh Paulson leis an gcruinniú ag an mBanc Cúlchiste Feidearálach i Nua Eabhrach thart ar an am sin idir é féin agus Lloyd Blankfein, caothaoirleach Goldman Sachs. Cé gur mhaígh Blankfein nach raibh sé ann ar son a bhainc féin, ach chun an córas airgeadais iomlán a chosaint, tharla gurb é AIG an comhpháirtí trádála is mó a bhí ag Goldman Sachs, agus go gcaillfeadh siad $20 billiún dá dtitfeadh AIG i bhféimheacht!


Coimhlint Leasa

Anuas ar sin, bhí Paulson féin ina chathaoirleach agus POF ar Goldman Sachs sular thosaigh sé ag obair mar Rúnaí Státchiste, post a fuair sé ina dhiaidh do Joshua Bolten, iarfhostaí eile de chuid Goldman Sachs, é a mholadh do George W. Bush. Dúradh go raibh doras imrothlach idir Goldman Sachs agus an Teach Bán de chuid Bush.

Agus tá daoine ann a chreideann gur lean Paulson ag freastal ar a sheanchomhlacht agus é ag obair sa rialtas.
The actions of Treasury Secretary Paulson since the first outbreak of the Financial Tsunami in August of 2007 have been directed with one apparent guiding aim - to save the obscene gains of his Wall Street and banking cronies,” a scríobh William Engdahl (Global Research, 30 Meán Fómhair, 2008).

George Bush, ciontach! Henry Paulson, ciontach!

Is cosúil go bhfaighidh an Státchiste an t-airgead - $800 billiún ar a laghad - i gcomhair plean Paulson ar iasacht ón mBanc Cúlchiste Feidearálach, a bhfuil a scairshealbhóirí go léir ina mbancanna príobháideacha. Dá bhrí sin, beidh cáiníocóirí Mheiriceá ag íoc úis do na bancanna leis na bancanna a tharrtháil mar gheall ar a gcuid cearrbhachais!

Ní haon ionadh é gur chuir William Engdahl síos air mar “the most brazen financial swindle in the scandal-ridden American finance history.”


Spealadh Mór an Aonú Aois is Fiche

Mar bharr ar an donas, is cosúil go ndéanfaidh ‘calaois’ de chuid Paulson cúrsaí eacnamaíochta níos measa fiú.  Dar le Michel Chossudovsky, Ollamh le hEacnamaíocht in Ollscoil Ottawa agus eagarthóir Global Research, “The proposed bank ‘bailout’ under the so-called Troubled Asset Relief Program (TARP) is not a ‘solution’ to the crisis but the ‘cause’ of further collapse.” 

Ina alt “The Great Depression of the 21st Century,” taispeánann Chossudovsky gurb iad, fiach poiblí gan srian agus lárúchán gan fasach na cumhachta bainc, an toradh a bheidh ar phlean Paulson. Ansin, dar leis, ceannóidh na hairgeadaithe go saor, leis an airgead a fuair siad ó cháiníocóirí, corparáidí a bhfuil a luacháil stoic íslithe, cuid acu mar gheall ar amhantraíocht na n-airgeadaithe céanna.

Más fíor do Chossudovsky, is cosúil go mbeidh an cearrbhachas de chuid lucht Wall Street thar a bheith brabúsach. Go háirithe nuair atá smacht acu ar an rialtas, ní thig leo cailliúint. 


Pámháistrí Obama

Timothy Geithner, ciontach!
An mbeidh rialtas Barack Obama níos fearr? Ní móide go mbeidh. Roghnaigh an t-uachtarán tofa mar chomhairleoirí eacnamaíochta daoine ar nós Timothy Geithner agus Larry Summers atá freagrach as an trioblóid sa chóras airgeadais anois. “Those who set the financial system ablaze in 1999, have been called back to turn out the fire,” mar a chuir Chossudovsky é.

Larry Summers, ciontach!

 

 

 

 

 

 

Thairis sin, bhí Goldman Sachs, J. P. Morgan Chase, agus Citigroup i measc na ranníocóirí ba mhó d’fheachtas Obama. Cé go ndúirt sé i rith an toghcháin “we cannot have a thriving Wall Street while Main Street suffers,” is cosúil go bhfuil lucht Wall Street ag déanamh go hiontach a fhad is atá an gnáthdhuine ag fulaingt. Tá rogha soiléir ag an gcéad uachtarán eile: freastal ar leitheidí Goldman Sachs nó freastal ar phobal Mheiriceá. Ach ní féidir leis an dá thrá a fhreastal.


Nocht do chuid tuairimí maidir leis an alt seo i gClár Plé Beo!
Give your opinions on this article in Beo!'s Forum.

 
Gluais • Glossary
ábhalmhórenormous
Acht um Nuachóiriú Seirbhísí Airgeadaisthe Financial Services Modernization Act
ag fulaingtsuffering
ag íoc úispaying interest
airgeadraa currency
aisghairmto repeal
amhantraíochtspeculation
amhantraíocht neamhrialaitheuncontrolled speculation
Anuas ar sinon top of that
ar a laghadat least
ar iasachton loan
árachasinsurance
bpraiseachmess
brabúsachprofitable
brústocaireachtintensive lobbying
bunaíodhwas founded
bunsócmhainneof an underlying asset
cad chuigewhy
cáiníocóirítaxpayers
calaoisswindle
caothaoirleachchairperson
ceapadhwas appointed
Cearrbhachais Dlíthiúilof legal gambling
cearrbhachasgambling
Chliseadh tubaisteachdisastrous Collapse
ChomhdháilCongress
Coimhlint Leasaconflict of interest
comhpháirtí trádálatrading partner
córais airgeadaisof financial system
D'éascaighfacilitated
D'fhéadfaí(it) could be
D'fhógairannounced
D'fhonnso as to
díorthaighderivatives
dírialúto deregulate
Dúradhit was said
earnáilsector
fiach poiblípublic debt
freagrachresponsible
freastalserving
gan srianunrestrained
gcáiníocóiríof the taxpayers
gcinneadhdecision
gcomhlacht árachaisinsurance company
gealltóireachtbetting
ghéarchéimemergency
ghríosaigh séhe urged
gluaiseachtaí ionchais praghaisexpected price movement
go bunúsachbasically
hairgeadaithefinanciers
himeachtaíevents
i bhféimheachtin bankruptcy
iarfhostaíex-employee
imrothlachrevolving
ionstraim airgeadaisa financial instrument
lárúchán gan fasachunprecedented centralization
líonadhto fill
luacháil stoic íslithelowered stock value
luacháiltearis valued
maoirseachtsupervision
Mar bharr ar an donasto make matters worse
mBanc Cúlchiste FeidearálachFederal Reserve Bank
mhaíghclaimed
mhíníonnexplains
neamhchosaint arundefended
ní líonfarshall not be filled
Ní móidehardly so
ní mór dúinnwe must
olltáirgeacht intírethe GDP
Pámháistrípaymasters
reachtaíochtlegislation
rialúregulation
ríméad ardelighted
ríthábhachtachcrucial
roghachoice
Roghnaighchose
Rúnaí StátchisteThe Treasury Secretary
saineolaithe' na bpríomhmheánthe mainstream media experts
sainmhiniúdefinition
scairshealbhóiríshareholders
smachtcontrol
Spealadh Mór an Aonú Aois is FicheThe Great Depression of the 21st Century
stangadha shock
t-uachtarán tofapresident elect
taispeánanndemonstrates
teipfailure
Thairis sinmoreover
tharrtháilto save
tharrtháilto rescue
thuarto prophesize
toradhresult
tráchtearraícommodity
trí oireadthree times
urraithesecuritized
urrússecurity
 
 
 
Tá níos mó altanna mar seo ar fáil sa Chartlann: