|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Lucht na cumhachta
"Change we can believe in" - cibé cén sórt athraithe atá i gceist - ab ea é an sluán margaíochta a bhí ag Barack Obama ina fheachtas buach sa toghchán uachtaránachta. Thug an chéad uachtarán eile ar na Stáit Aontaithe le fios gan mhoill, áfach, nach mbeadh aon athrú ar dhúnghaois Mheiriceá i leith Iosrael lena chéad cheapachán mar Cheann Foirne an Tí Bháin - Rahm Emanuel. "There could not be a more provocative appointment than Rahm Emanuel," a scríobh Ali
Níl aon amhras ar athair Rahm Emanuel ach oiread go mbeidh a mhac in ann tionchar a imirt ar pholasaí Uachtarán Obama i leith an Mheánoirthir a bheadh ar leas Iosrael. De réir alt sa Jerusalem Post (6 Mí na Samhna), dúirt an Dr. Benjamin Emanuel in agallamh leis an nuachtán Eabhraise Ma'ariv: "Obviously he will influence the president to be pro-Israel. Why wouldn't he? What is he, an Arab? He's not going to clean the floors of the White House." Cibé ar bith faoi thagairt chiníoch an dochtúra, tá an ceart aige. Post an-tábhachtach atá ann mar is é an Ceann Foirne a chinneann cé a fhaigheann bealach isteach chun labhairt leis an Uachtarán agus cé nach bhfaigheann. Má fuair Rahm an dearcadh ciníoch atá ag a athair, ní móide go mbeidh cead isteach ag mórán Arabach a fhad is a bheidh sé ag bainistiú an Tí Bháin. Sceimhlitheoireacht Iosraelach
Cé gur rugadh agus gur togadh Rahm Emanuel in Chicago, léirigh seisean a thacaíocht don stát Iosraelach chomh maith nuair a thairg sé a sheirbhís don arm Iosraelach i rith Chogadh na Murascaille i 1991. Bhí sé ag cothabháil feithiclí i gcomhair an airm in aice le teorainn na Liobáine a fhad is bhí Iosrael ag forgabháil deisceart na tíre sin. Ionadaí Comhdhala Toghadh Rahm Emanuel do Chomhdháil na Stát Aontaithe i 2003, áit ar thacaigh sé go láidir le polasaithe ionsaitheacha Iosrael ó shin i leith. I Meitheamh na bliana sin, ní mó ná sásta a bhí sé le hUachtarán Bush nuair a cháin Bush polasaí Iosrael maidir le ceannairí na bPailistíneach a fheallmharú. In éineacht le 33 Daonlathach eile, shínigh Emanuel litir chuig Bush inar dhúirt siad: "We were deeply dismayed to hear your criticism of Israel for fighting acts of terror." Glanadh eitneach Ligeann Emanuel air ó am go chéile, áfach, gur chás leis na sibhialtaigh Pailistíneacha. I mí Iúil 2007, scríobh sé chuig an Rúnaí Stáit Condoleeza Rice "on behalf of students in the Gaza Strip whose future is threatened by the ongoing fighting there." In ionad Rialtas Iosrael a cháineadh mar gheall ar an imshuí danartha a dhéanann siad ar an limistéar, leag Emanuel an milleán ar an trodaíocht idir Hamas agus Fatah. Níor luaigh sé, ar ndóigh, gur spreag na Stáit Aontaithe an foréigean sin chun fáil réidh le rialtas Hamas, a toghadh go daonlathach ag an pobal Pailistíneach i 2006. Mhol Emanuel do Rice gur chóir di comhoibriú le rialtais sa reigiún, an Éigipt agus an Iordáin, mar shampla, chun áit slán a fháil sna tíortha sin do mhic léinn as Gaza. Tuigeann na Pailistínigh go maith, áfach, nach é sábháilteacht na mac léinn an chloch is mó ar phaidrín leithéidí Emanuel. Níl ann i ndáiríre ach leithscéal chun na Pailistínigh óga a aistriú amach as an tír, mar chuid den ghlanadh eitneach leanúnach is gá chun tromlach Giúdach a chruthú sa stát Iosraelach. Faoi láthair, tá ceadatán beagáinín os cionn 50% ag na Pailistínigh san Iosrael agus an chríoch Phailistíneach faoi fhorghabháil in éineacht, agus is cúis imní é sin do rialtas Iosrael
Caint Obama I ndiaidh do Barack Obama labhairt os comhair AIPAC, an brúghrúpa is cumhachtaí ar son Iosrael sna Stáit Aontaithe, i Meitheamh na bliana seo, thionlaic Emanuel an t-iarrthóir uachtaránachta go cruinniú le coiste riartha AIPAC. Caithfidh sé go raibh an coiste an-sásta leis an óráid a thug Obama inar gheall sé a thacaíocht láidir don stát Iosraelach. Ach caithfidh sé go raibh ríméad orthu nuair a dúirt Obama go conspóideach gurb é Iarúsailéim neamhroinnte príomhchathair Iosrael, ainneoin rún de chuid na Náisiún Aontaithe a cháineann Iosrael as an gcathair a nascghabháil, agus ainneoin nach bhfuil ambasáid ag aon tír in Iarúsailéim. I rith an toghcháin, chothaigh na meáin den eite dheis ar nós Fox News amhras gur Moslamach
[Beo, Feabhra 2010]
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||