Cartlann
Líon alt a bhfuil an rúibric seo luaite leo: 166
Eagrán 107, Márta 2010
CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Eagrán 106, Feabhra 2010
CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Eagrán 105, Eanáir 2010
CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Eagrán 104, Nollaig 2009
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Tháinig bronntanas na Nollag do phobal na Gaeilge beagáinín ní ba luaithe ná mar a bhí súil againn leis.

»»»
Eagrán 103, Samhain 2009
CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Eagrán 102, Deireadh Fómhair 2009
CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Eagrán 101, Meán Fómhair 2009
CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Eagrán 100, Lúnasa 2009
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Cóirigh an Carr agus Coigil an tAirgead

Cén chomhairle is fearr? Luafaidh tú le duine éigin go bhfuil an Tástáil Náisiúnta Gluaisteán (TNG) ag teannadh leat. Sinne a bhfuil an seancharbad linn i gcónaí, ocht nó deich mbliana de bhóithre na tíre siúlta aici, chualamar an chomhairle charad anois is arís. “Is mithid bronntanas de charr úr a cheannach duit féin”. An té a mholfas duit an carr úr a cheannach, ní chuimhneoidh siad go brách gur féidir, más cuma leat do bheo nó más cuma leat do chúram i leith gach éinne eile ar bhóithre na tíre, leis an tseancharr 1.6 cc. deich mbliana d’aois, breis is 100 m.s.u. a dhéanamh, má thograíonn tú! Tuige a ndíolfá carr chomh téagartha léi?

»»»
Eagrán 99, Iúil 2009
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Ceithre mhilliún €uro a dúradh linn, imithe, ar shiúl, bailithe leis, i dtiachóga mhuintir sin Oirthear na hEorpa as an státchiste abhus. Go fánach a chrochadh uainn é, deirtear linn, agus nach iontach cliste an dream abhus a d’aimsigh iad is a chuir stad leis na scabhaitéirí?

»»»
Eagrán 98, Meitheamh 2009
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Am lóin, tús na n-ochtóidí agus sinn ag míniú dá chéile a bhrúidiúla is a bhíodh meánscolaíocht na linne, labhair fear amháin inár measc amach le fearg. Is é an dóigh gur spreag ár gcuid cainte sinne é. An áit ar sacadh eisean Leitir Fraic, níor thada na scéalta againne, le hais éigniú, dúnorgain nó marú agus uaigeanna nach dtugadh gaolta cuairt. Aon duine amháin a chreid an liodán uafáis uaidh agus nuair a scaoil sé leis na deora, ba chineál deimhniú don chuid eile againn nach raibh air ach cliseadh néaróga ag cur as dó.

»»»
Eagrán 97, Bealtaine 2009
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Glór na bpáirtithe éagsúla anuas as an ardchathair agus glór an phobail aníos as na toghcheantair; cá luíonn an daonlathas idir an dá ghlór? Ar féidir le ceantar láidir amháin amuigh faoin tír céim ar leith, nár tugadh riamh roimhe, a ghlacadh an iarraidh seo?

»»»
Eagrán 96, Aibreán 2009
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Ina dtoirchim suain a bhíonn an-mhórán daoine ar fud an domhain an chuid is mó den am. Sin í an áit a bhfuil an dochar. Ní thuigtear an leithcheal ar aicmí den phobal le linn ré na síochána sin. Ní thuigtear anchaoi an scéil go dtí go mbrise foighne duine, nó beirt, nó triúr. Is ansin a thosóidh an chorraíl, an cur is cúiteamh, an cruinniú, an chaismirt, an cur i gcoinne agus an choimhlint.

»»»
Eagrán 95, Márta 2009
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Tá roinnt deiseanna a thig aníos agus a imíonn de shiota mura dtapaítear láithreach iad. Tráthúlacht a cheapas iad ag an am a mbíonn fáil orthu. Ni miste a bheith ag faire amach go léirsteanach agus gan an deis a scaoileadh thart.

»»»
Eagrán 94, Feabhra 2009
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Chonaic muid mír sna meáin ar an mhéid a dúirt an Dr. Fionnbarra Ó Brolcháin, geilleagraí agus iarollamh ollscoile, ar na mallaibh. Mhaigh sé gur chóir infheistiú i ngnóthaí cultúir, macasamhail An Cheathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste. Bhíog mé, mar is dóigh liom gur siosmaideach an dearcadh é sin i ré a mbítear ag moladh luí le teicneolaíocht in éineacht le droim láimhe a thabhairt do ‘chultúr’, amhail is a rá nár theagmhaigh cultúr agus an teicneolaíocht lena chéile sa saol riamh roimhe seo. An té a shamhlóidh ‘cultúr’ ar an dóigh chúng le teanga, le hamhránaíocht nó le ceoldrámaíocht, agus a dhealóidh an coincheap ‘cultúr’ le teicneolaíocht, le córas airgeadais nó le ríomhaireacht, is mithid dó a choincheap a athmheas.

»»»
Eagrán 93, Eanáir 2009
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Níl aon cheist faoi ach gurb é cúrsaí geilleagair 2009 atá á phlé in achan sráidbhaile ó Phortland, Oregon go Port Lairge, go Prague. Níl fhios ag daoine cad é ar cheart a bheith ag súil leis agus Eanáir 2009 bainte amach againn.

»»»
Eagrán 92, Nollaig 2008
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Tá mé ag scríobh chugat i mbliana le liosta fada d’achainí le haghaidh bronntanais do mo chairde líonmhara. Murab ionann is blianta eile, tuigim go maith go bhfuil na pingineacha gann i mbliana ach bheinn buíoch duit cluais éisteachta a thabhairt dom.

»»»
Eagrán 91, Samhain 2008
CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Eagrán 89, Meán Fómhair 2008
CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Eagrán 88, Lúnasa 2008
CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Eagrán 87, Iúil 2008
CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Eagrán 86, Meitheamh 2008
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Beidh Féile Bhróid Bhaile Átha Cliath, a ndéanfar ceiliúradh lena linn ar mhórtas phobail Leispiacha, Homaighnéasacha, Dhéghnéasacha agus Thras-inscneacha, ar siúl 13-17 Meitheamh. Tá sé tráthúil, mar sin, a bheith ag machnamh ar na bealaí a ndéantar leithcheal go fóill ar na pobail seo in Éirinn.

»»»
Eagrán 85, Bealtaine 2008
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Roimhe seo, ní raibh an oiread sin teagmhála idir lucht ghluaisteacht na Gaeilge in Éirinn agus pobail na teanga thar lear. Ach tá gníomhaíochtaí anois ar siúl leis an scéal sin a chur ina cheart, comhdháil speisialta a bheas ar siúl i Nua-Eabhrac an mhí seo ina measc.

»»»
Eagrán 84, Aibreán 2008
CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Eagrán 83, Márta 2008
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Bhí cur is cúiteamh go leor ar siúl an mhí seo caite faoin bhfile Cathal Ó Searcaigh agus a iompar i Neipeal. Ach léiríonn an dóigh ar láimhsíodh an scéal go bhfuilimid, mar shochaí, fós tugtha do bheith ag tabhairt breithiúnais ar dhaoine gan na fíricí ar fad a bheith againn.

»»»
Eagrán 82, Feabhra 2008
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Tá Coimisiún na hEorpa i ndiaidh cosc sealadach a chur ar dhíol mairteola iompórtáilte ón mBrasaíl. Cinneadh maith is ea é mar go ndealraíonn sé nach bhfuil na caighdeáin chéanna i gceist sa tír sin ó thaobh tháirgeadh mairteola de.

»»»
Eagrán 81, Eanáir 2008
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Tá neart dúshlán le sárú acu siúd a bhfuil baint acu le cur chun cinn na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.

»»»
Eagrán 80, Nollaig 2007
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Is iomaí conspóid atá tagtha chun cinn ón uair a toghadh an Comhrialtas sé mhí ó shin. An amhlaidh go mbeidh athrú rialtais i ndán dúinn níos luaithe ná mar a ceapadh?

»»»
Eagrán 79, Samhain 2007
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Tá fuarchúis an Rialtais i leith mhuintir an Iarthair Láir le feiceáil go minic le blianta beaga anuas. Sampla eile den phatuaire seo é easpa gnímh an chomhrialtais maidir le cinneadh Aer Lingus deireadh a chur le heitiltí áirithe idir Aerfort na Sionainne agus Aerfort Heathrow i Londain.

»»»
Eagrán 78, Deireadh Fómhair 2007
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Tá creidiúnacht an Taoisigh ídithe go mór le roinnt míonna anuas ach an mbeidh sé in ann fanacht ina phost?

»»»
Eagrán 77, Meán Fómhair 2007
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Léiríonn scéal an tSaícigh nach rabhthas sásta cead a thabhairt dó a thurban a chaitheamh agus é ar dualgas le Fórsa Cúltaca an Gharda Síochána go bhfuil géarghá le polasaí cinnte in Éirinn maidir le siombailí reiligiúnacha.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.

Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.