
D’éalaigh Balor bundúnslán ó na lúchorpáin agus bhuail isteach sa Ghaeltacht ar thaobh Loch Michigan le gairid, mar a bhfuil an bheoir saor agus an fheoil saorga.
»»»Ro chan Balor “ní laochas go slad agus sléacht Chion Átha Mhaigh Eo ar Mhaigh Lifi, ar insibh uilibh Laighean, ar a imillchríochaibh agus ar a Midhláraibh”.
»»»Tá éacht déanta ag Balor na Súile Nimhe an mhí seo, a léitheoirí dílse. D’éirigh leis agallamh eisiach a chur ar Ardeaspag na nDub, Dermo Martino, ina labhraíonn sé go hoscailte faoina chuid deacrachtaí pearsanta (agus ina labhraíonn an tArdeaspag faoi chuid trioblóidí s’aigesean fosta).
»»»Tá Balor na Súile Nimhe i mbun na hIriseoireachta Robinsonaí arís, ag meabhrú di, agus don Phápa, a bhfuil sa Sean-Tiomna agus leorghníomh a dhéanamh mar a bhfuil molta do na fíréin len iad féin a shlánú.
»»»Tá Balor gafa le tae agus gafa gan é ag trácht ar an Aire Éadóchais, ar Bhanríon na hÉireann agus ar an Norriseach, Davidus, Seanóir Choláiste na Trioblóide.
»»»Spreag TD agus Aire Luimnigh Balor ar a ‘chliathaibh fís’ agus ghair sé na deamhain chumadóireachta chuige féin. Tá toradh amhráin na Súile Nimhe san alt seo.
»»»I mbun na hIRISeoireachta agus i modh agallaimh le Circín Mac Cam Luí a chuaigh Balor le hábhar a ailt a thiomsú an mhí seo.
»»»Is é tuairim Bhalor go mbeidh Caoimhín My Erse ag tairngreacht inimirce, bás agus díothú ar Ghaelaibh um Earrach na bliana. Fair amach!
»»»Is le seanbhlas a amharcann Balor ar an Nollaig. Ba cheart mála caca a cheangal de thóin Rúdolf nó tá gach díon tí in Éirinn chomh salach le Páirc Chill Airne aige.
»»»Tá trua ag Balor do na fonnadóirí a fhágfar ar leathrann in gach rann amhráin feasta. Saol seo na sceanairte, fágfar ga.. rud l..thscrí.f..
»»»Tá Balor, agus an Bould O Donoghuer, i ndiaidh pilleadh slán ó mhná fiánta Mhilwaukee ar ais. Maidir le Molt Ó Gorm Liath agus Máire Ní Chlochráin: Baaaaah a deir Balor leo!
»»»Bhí Balor siúlach fá Loch Michigan le linn Féile na nGael i Milwaukee. Ní beag an líon leipreacán a bhí ann roimhe. Deir sé gur fiú go mór gabháil ar ais ann siocair an comhluadar spraoiúil i nGaeltacht na féile sin.
»»»Bhí eagarthóir Beo Ar Éigean ar barr creatha le gairid mar gur chuir mé féin, mise Balor Béimeann, faoi Agallamh é. Cad é faoi dheontais, cad é faoi Dhia agus cad é faoi dhíomhaointeas? An raibh freagra aige, dhá fhreagra nó trí fhreagra aige? Ní raibh aige ach lúbadh, líofacht an tslímeadóra agus gan luí ar aon leaba an dara oíche!
»»»Chuaigh Balor na Súile Nimhe i mbun agallaimh an Taoisigh Smaoisigh Iarghaoisigh an mhí seo. Beidh cúram úr ar an Mharascal Mhachaire Willie O’Dious roimh i bhfad eile. Is gairid go mbeidh sé ina Mharascal ar na Greenbeats. Ní hea! Na Greensheets. (Stolpfaimid, .. Stopfaimid ansin.)
»»»Ag tabhairt faoi dhá thaobh na Dála atá Balor an t-am seo, an taobh thuas agus an taobh thíos, nó lena rá ar bhealach eile, an Tuí a D’fhill Balbh agus an Tuí a D’fhill Daoi.
»»»Tá sinn ag teannadh le cothrom míle bliain ó leag Bruadar béal scine ar phutóg Bhriain Bhómánta ag Cath Chluain na Bó Fireannaí a deir Balor gan bhréag, gan áibhéil, gan uaibhéal, gan chroiméal, gan dronnbhéal, gan Chaimbeul.
»»»Níor ghlac Balor le eiseamláir Chathail Uí Éanacháin RTÉ le dul i mbun agallaimh, ach chuaigh a bhealach eisceachtúil éagsúil féin i mbun cainte le ceannaire úr an domhain uile olúil. An bhfuiltear mar a shíltear? An dtuigtear mar a chloistear? An itear mar a suítear? An ndlitear mar a reachtaítear? An mbítear mar a shíltear agus an mbítear mar a síltear?
»»»Balor Béimeann is na gcéimeann, níl a shárú insa domhan, an frimhagadh, ’s é a bhua, faoi TDannaí is achan cineál deamhain. - Cé faoi a bhfuil Balor ag sá na Súile Nimhe amach faoina fhabhra, an mhí iar-Fheabhra seo?
»»»Chuir Balor Béimneach na Súile Nimhe Niata agallamh ághmhar aineaglach ar fhear eas-úmaithe an AIB, Séan Mac Giolla Fáiteallach. Labhair siad ar muintir Thoraigh, ar charchair Chonaing agus ar bhunáit fomhuireán a bheith ag Cabhlach Mheiriceá ann.
»»»Tugann Balor Béimeann na Súile Nimhe a chomhairle saor in aisce a thaisce: tú féin a choimhéad ar gach baois, léigh a chuid alt le gach gaois agus guíonn gach Bean Nocht na hathbhliana ort.
»»»Balor bocht! Tá mearbhall air arís an mhí seo, a léitheoirí dílse, nó níl a fhios aige cé atá i mbun na liarlóige seo i láthair na huaire.
»»»Balor bocht! Tá mearbhall air arís an mhí seo, a léitheoirí dílse, i ndiaidh cháinaisnéis na míosa seo caite. Cuid de na ciorruithe a rinneadh, agus cuid de na hualaigh mhóra a leagadh, bhí siad barbartha agus fíochmhar. Is beag cainte a dhéanfar as seo amach ar dhíscire Ray McSharry nó ar ghairge Ritchie Ryan. Is é Brains Ó Leanacháin - Ó Léanacháin mo léan, agus a bhrúidiúlacht a bheidh i mbéal an phobail go deo na ndeor.
»»»Tá mearbhall ar Bhalor: cén fáth a bhfuil an oiread sin long ag dul go toin poill i láthair na huaire? Caitheann sé a shúil ghéarchúiseach nimhe ar an fheiniméan seo.
»»»Is mór an onóir do [i]Beo![/i] go bhfuil ár gcomhfhreagraí céimiúil Balor i ndiaidh a bheith linn le hochtó eagrán anuas. Ina ochtódú colún, déanann sé cur síos ar imeachtaí an tsamhraidh fhliuch anóitigh atá díreach curtha dínn againn.
»»»Agus cur agus cúiteamh go leor ar siúl timpeall na cruinne mar gheall ar na Cluichí Oilimpeacha a bheas ar siúl sa tSín i rith na míosa seo, insíonn Balor dúinn anseo faoi chor eile sa scéal nach raibh mórán ar an eolas faoi…go dtí anois.
»»»Agus toradh an reifrinn ar Chonradh Liospóin ag cur oilc ar cheannairí na hEorpa, tá éirithe lenár gcomhfhreagraí céimiúil Balor agallamh a chur ar dhuine den lucht feachtais ba ghlóraí in éadan a dhaingnithe.
»»»Polaiteoirí, turcaithe agus fuirseoirí – tá anailís ghéarchúiseach déanta ag ár gcomhfhreagraí céimiúil Balor ar mhórscéalta na míosa atá imithe tharainn.
»»»Tá Balor feargach, cé do tuigfidh a léitheoirí rialta gur rud coitianta go leor é sin. Cronaíonn sé Bertie, ach ní mar a shíltear bítear agus mar is gnáth, tá scríbhneoir céimiúil [i]Beo![/i] ag tochras ar a cheirtlín féin.
»»»Úr te bruite! Tá éacht déanta ag [i]Beo![/i] agus ag a scríbhneoir céimiúil Balor. Seo chugaibh, a chairde, agallamh eisiach – as Gaeilge – le hIan Mór.
»»»Tá an doineann seo atá ann faoi láthair ag tabhairt go leor aicídí léi chun ár n-oileáin bhig álainn agus tá na zheimers uafásacha – galar arb é a shainchomhartha ná díchuimhne – ina measc. Míníonn Balor an scéal brónach seo.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.