Beo! (na freagraí is deireanaí) http://www.beo.ie/ Iris mhíosúil do lucht na Gaeilge in Éirinn agus ar fud na cruinne ga Cóipcheart Oideas Gael. Thu, 19 Jan 2012 21:47:31 GMT http://www.beo.ie/logo.gif Beo! http://www.beo.ie/ An tSúil Nimhe (freagra ag: Liam_McGonagle) http://www.beo.ie/alt-an-tsuil-nimhe-36.aspx#comments Ceart go leor, a Dhomhnaill. Sin an “rás chun an ghrinnill”, measaim, atá insa Liobral-eacnamaíocht. Beidh chuile thír meilte go dusta le go sábhálfaí infheistíochtaí na mbancairí móra nach raibh sé de chiall acu stiúr ceart a dhéanamh orthu, chuile thír ró-eaglach le dul i ngleic leis na fíor-fhadhbanna caipitlichis: guagacht agus neamhfreagracht luicht an ghnó.
Muna ndéanfaimis trócaire ar an Ghréig, cad chuige go mbacfaidís iadsan féin nuair a bheas an Titim Deiridh d’Éire? Ná do Mheiriceá féin?
“Ní neart go cur le chéile”, agus is beag an seans go gcuirfimid.
Wed, 22 Feb 2012 17:46:01 GMT An tSúil Nimhe (freagra ag: Fearn) http://www.beo.ie/alt-an-tsuil-nimhe-36.aspx#comments agus is iad a
> chaill ár saoirse eacnamaíochta.
Ní léir dom, sna saolta deireannacha seo, go raibh saoire eacnamaíochta riamh ag Éirinn. Níl Éire saibhir ó thaobh ámhábhair ná breosla, agus monuar chuaigh sé riamh i dtaobh airgid agus fiontair eachtrannaigh agus fágadh fiontar na nÉireannach in áit na leathphiginne, atá ar shiúl le fada an lá.
Tue, 21 Feb 2012 18:35:25 GMT An tSúil Nimhe (freagra ag: Domhnall Ó Loingsigh) http://www.beo.ie/alt-an-tsuil-nimhe-36.aspx#comments Tá an t-alt seo greannmhar agus so-léite ach níor chuir éinne cás fadtéarmach amach inár measc
an bóthar eile go bhféadfaimis a ghabháil a bheadh réalaíoch agus so chreidte. Gan dabht ní maith linn an forlamhas eachtrannach atá againn le cúpla bliain anuas. Tá sé íorónach gur throid sínsearaiagh Fhianna Fáil cogadh tráth mar ná raibh dóthain neamhspleáchais againn agus is iad a chaill ár saoirse eacnamaíochta.
Tue, 21 Feb 2012 14:22:18 GMT A Thundering B.....s and a F.....g Disgrace (freagra ag: Máirtín) http://www.beo.ie/alt-a-thundering-bs-and-a-fg-disgrace.aspx#comments Dea-scríofa!
Creidim gur 'thundering disgrace' an Béarla múinte a cuireadh ar ráiteas an Aire Cosanta agus níor séanadh ariamh é. Ach fo-nóta: Bhí scaifte de mhuintir Ógras i nDroichead Atha i 1976 agus bhí paráid ann ag deireadh na n-imeachtaí deireadh seachtaine. Bhi an tAire Cosanta ár mbreathnú ón ardán agus thug déagóirí Bhéal Feirste beannú Hitler dó. Deirtear liom go raibh gearán déanta, cruinnithe de choistí, miontuairscí scríofa srl srl ag éirí as. Don chuid is mó, cé gur thuig muid gur liúdramán frithPhoblachtach a bhí san Aire, ní raibh ann ach pléidhcíocht déagóirí. Ach tá áthas orm anois go ndeárna muid é. Agus bród.
Sat, 18 Feb 2012 16:53:35 GMT John Gleeson, Milwaukee (freagra ag: John Carr) http://www.beo.ie/alt-john-gleeson-milwaukee.aspx#comments Bhuail muid le chéile anuraidh ag an Irish Fest. Beannacht i ngach áit ina ndéanann tú seasamh agus gura fada buan thú
John Carr as Donegal LIve
Thu, 16 Feb 2012 17:34:17 GMT An Rás Nach Féidir a Bhuachan (freagra ag: April) http://www.beo.ie/alt-an-ras-nach-feidir-a-bhuachan.aspx#comments >>>"De réir deallraimh is iarrthóir i bhfad níos fearr é Obama ná mar Uachtarán. Gan na Daonlathaigh i gcomhacht ....leis an gcúlú eacnamaíochta tá an bhearna idir lucht an tsaibhris agus na diabhail bhocht thíos ar bun ag méadú!..." arsa Domhnall Ó Loinsigh>>>
Níl daoine sna haicmí is ísle níos fearr as faoi na Daonlathaithe. Na déan dearmad gur thosaigh an Cúlu i 2007, bliain i ndiaidh na nDaonlathaithe a thoghadh ina dtromlach sa gComhdháil agus sa Seanad. Agus chomh maith leis sin, tharla sé faoi Uachtarán a bhíodh sásta a ainm a chur le bille caiteachais ar bith a thagadh trasna a dheisce. Ní bhíodh leas sóisialta nár mhaith le Bush!
Ar aon chaoi, tá dul amú ort. Tá go leor leor Poblachtánaigh an-sásta a bproinn agus a maoin a roinnt leis na daoine bochta. A gcuid ama chomh maith. Roinneann siad a gcuid féin go deonach.
Má bhíonn imní ort faoin aicme is ísle, is féidir leat seic pearsanta a scríobh. Cé atá ag iarraidh thú a stopadh? Duine ar bith.
Agus an bhfuil tú den tuairim go bhfuil cánacha ro-íseal? Is féidir leat cáin is breise a íoc go deonach le d'airgead féin. Cé atá ag iarraidh thú a stopadh? Duine ar bith.
Ach ní bháineann maoin atá ag daoine eile leatsa. Cé go bhfuil an ceart agat cinneadh a dhéanamh faoi do mhaoin féin agus do shaol féin agus do chomhluadar féin., níl an ceart agat cinneadh a dhéanamh faoin maoin nó saol nó creisdiúint nó comhluadar dhaoine eile.
Ach nach sileann tusa go bhfuil, de réir do bhriathar féin thuas! Miniú dom, cé a bhfuair bás ar fhág tusa i do Nazi sin?
Thu, 16 Feb 2012 10:06:22 GMT Kino – an Cineama Domhanda ‘Melancholia’, le Lars Von Trier (freagra ag: Fearn) http://www.beo.ie/alt-kino-an-cineama-domhanda-melancholia-le-lars-von.aspx#comments > An mhí seo chugainn déanann Pat Butler léirmheas ar Schindler's List,
> scannán a chonaic sé le déanaí.
Anois, anois, a Mhic Harp, bí múinte!
Wed, 15 Feb 2012 23:01:09 GMT An Rás Nach Féidir a Bhuachan (freagra ag: Domhnall Ó Loingsigh) http://www.beo.ie/alt-an-ras-nach-feidir-a-bhuachan.aspx#comments De réir deallraimh is iarrthóir i bhfad níos fearr é Obama ná mar Uachtarán. Gan na Daonlathaigh i gcomhacht bheadh an íseal-aicme in ísle brí. In ionad bheith sásta roint den mhaoin a roint leis na bochtáin teastaíonn ós na Poblachtánaigh níos lú cánach a dhíol i dtreo go mbeidís níos saibhre fós! fiú leis an gcúlú eacnamaíochta tá an bhearna idir lucht an tsaibhris agus na diabhail bhocht thíos ar bun ag méadú!
Tue, 14 Feb 2012 19:55:44 GMT Mac Bradain, Saor-Phreispitéirigh agus Éireannaigh na hAlban (freagra ag: Harpic) http://www.beo.ie/alt-mac-bradain-saor-phreispiteirigh-agus-eireannaigh.aspx#comments Cad ina thaobh nach dtugann tú Salmold air ar nós chuile dhuine eile?
Mon, 13 Feb 2012 12:44:07 GMT John Gleeson, Milwaukee (freagra ag: Gearóid Ó Mórdha) http://www.beo.ie/alt-john-gleeson-milwaukee.aspx#comments Maith tú John!
Mon, 13 Feb 2012 09:49:22 GMT John Gleeson, Milwaukee (freagra ag: Gearóid Ó Mórdha) http://www.beo.ie/alt-john-gleeson-milwaukee.aspx#comments > Bulaí fir a John
Mon, 13 Feb 2012 09:47:59 GMT John Gleeson, Milwaukee (freagra ag: ephrem) http://www.beo.ie/alt-john-gleeson-milwaukee.aspx#comments Bulaí fir a John
Sun, 12 Feb 2012 15:02:04 GMT An Táille Tí agus an Táille Ceadúnas Teilifíse (freagra ag: Sibéal) http://www.beo.ie/alt-an-taille-ti-agus-an-taille-ceadunas-teilifise.aspx#comments Ar bhonn prionsabail is maith an rud e an táille tí, ach é a bheith cothrom. An bhfuil an muinín ag an bpobal go mbeadh sé cothrom?
Sat, 11 Feb 2012 21:30:50 GMT An tSúil Nimhe (freagra ag: Fearn) http://www.beo.ie/alt-an-tsuil-nimhe-36.aspx#comments > Tá ardú tuarastail tuilte ag Balor as a bhfuil déanta aige chun iompar
> gránna an troika a chur ar ár súile dúinn.
> Grá mór,
> Mamaí Bhaloir
Bónas baincéara cionn is gur chlis air?
Sat, 11 Feb 2012 00:19:20 GMT An Táille Tí agus an Táille Ceadúnas Teilifíse (freagra ag: pádraig ó donnchú) http://www.beo.ie/alt-an-taille-ti-agus-an-taille-ceadunas-teilifise.aspx#comments Na sealbhóirí bannaí a gheobhaidh gach aon chianóg a bhaileofar tríd an dtáille tí is eagal liom agus fágfar na comhairlí áitiúla ar an imeall athuair.
Fri, 10 Feb 2012 20:18:42 GMT An tSúil Nimhe (freagra ag: Mamaí Bhaloir) http://www.beo.ie/alt-an-tsuil-nimhe-36.aspx#comments Tá ardú tuarastail tuilte ag Balor as a bhfuil déanta aige chun iompar gránna an troika a chur ar ár súile dúinn.
Grá mór,
Mamaí Bhaloir
Fri, 10 Feb 2012 16:33:44 GMT An tSúil Nimhe (freagra ag: Fearn) http://www.beo.ie/alt-an-tsuil-nimhe-36.aspx#comments B'fhearr do chur amach ar bhéal bocht agus ar bhéal bán ná béal-in nó béal-out na nÉireannach
Thu, 09 Feb 2012 14:20:12 GMT Mac Bradain, Saor-Phreispitéirigh agus Éireannaigh na hAlban (freagra ag: Fearn) http://www.beo.ie/alt-mac-bradain-saor-phreispiteirigh-agus-eireannaigh.aspx#comments An síleann daoine i ndairíre gur ar bhonn chúinsí stairiúla agus chreidimh a ndéantar socraithe phoilitiúla na linne seo?
Thu, 09 Feb 2012 13:53:17 GMT Mac Bradain, Saor-Phreispitéirigh agus Éireannaigh na hAlban (freagra ag: Niall File) http://www.beo.ie/alt-mac-bradain-saor-phreispiteirigh-agus-eireannaigh.aspx#comments Ach is gá cuimhneamh nach ag na hAlbanaigh amháin atá an ola - céard faoi na lochlannaigh sna hOileain i dTuaisceart na tíre?
Agus níl aird ná meas ag na hAlbanaigh ar na Gaeil ná an Gháidhlic ach oiread.
Thu, 09 Feb 2012 13:44:52 GMT Mac Bradain, Saor-Phreispitéirigh agus Éireannaigh na hAlban (freagra ag: Fearn) http://www.beo.ie/alt-mac-bradain-saor-phreispiteirigh-agus-eireannaigh.aspx#comments " Rinneadh iontas de fhéile Shasana ag an am, 1975, ach measadh go raibh gnóthaí ola na hAlban sa mheá chuige. B’fhíor an méid sin. Is é is dóigh chomh maith go raibh tionchar ‘Albanaigh’ .i. Preispitéirigh, nó ó cheart, Saor-Phreispitéirigh na Sé Chontae go háirithe ar an bhronntanas gan choinne in Albain, Comhairle nan Eilean, a theacht ar an saol"
Má fuair gach "condae" úr sa Bhreatainn na cumhachtaí chéanna in 1975, conas in ainm Chroim, a mbeadh an t-áitiús thuas, fiú, bheith i bhfoisceacht scread asail den fhirinne?
Agus is iontach go deo an breathnú claon agat ar stair na hÉireann agus na hAlban agat.
Thu, 09 Feb 2012 13:25:35 GMT 2011: Annus Horribilis ag Príomh-Aire Julia Gillard (freagra ag: Ronnach) http://www.beo.ie/alt-2011-annus-horribilis-ag-priomh-aire-julia-gillard.aspx#comments Maith thú a Bhearnaí tuigim do chás agus lean ort leis na h-altanna breátha faoin Astráil a thugann léargas cruinn do na léitheoirí..ard fhear a mhac
Mon, 06 Feb 2012 23:17:11 GMT Sean-Traidisiún Breatnaise Beo leis i Sasana (freagra ag: Fearn) http://www.beo.ie/alt-sean-traidisiun-breatnaise-beo-leis-i-sasana.aspx#comments Dreas deas Diarmuidiúil!
Mon, 06 Feb 2012 20:46:15 GMT Conas Coileach a Cheannach san Afraic. (freagra ag: Fearn) http://www.beo.ie/alt-conas-coileach-a-cheannach-san-afraic.aspx#comments Níl fhios agam an bhfuil inchinn circe ag an boc seo nó caidé?
"San Afraic, bíonn sé iontach tábhachtach a bheith béasach"
Sílim go mbeadh sé fairsing go leor ar fud an domhain!
Nach ndéantar stangaireacht roimh an mhargaidh san Afraic?
Mon, 06 Feb 2012 11:41:55 GMT Scéal Bhernadette Devlin, Scéal na dTrioblóidí. (freagra ag: Concubhar) http://www.beo.ie/alt-sceal-bhernadette-devlin-sceal-na-dtriobloidi.aspx#comments Clár ana thaithneamhach agus úsáideach a raibh ann, tar éis cláracha ná raibh chomh maith sin a bheith ar TG4 ar an ábhar céanna le déanai. Is cinnte go raibh locht ar Sunningdale - ach arbh fhiú an phraghas é 25 bliain de dhoirteadh fola an méid a baineadh amach i 1998? Ní fheadar.
An rud amháin a chur isteach orm faoin gclár, go raibh sé go mór mór i mBéarla agus tá's agam go bhfuil Gaeilge ag Bernadette. Is cinnte go bhféadfaí dhá leagan a dhéanamh den scannán seo, leagan Ghaeilge agus leagan Bhéarla. Níl aon ghá do TG4 a bheith ag craoladh scannáin Bhéarla nuair atá an leagan Ghaeilge indéanta agus indéanta go réasúnta éasca.
Mon, 06 Feb 2012 11:36:10 GMT 2011: Annus Horribilis ag Príomh-Aire Julia Gillard (freagra ag: Bearnaí) http://www.beo.ie/alt-2011-annus-horribilis-ag-priomh-aire-julia-gillard.aspx#comments Ta an ceart agat, a Ronnaigh, go raibh cúiseanna go leor eile ann, ach bhíos faoi bhrú spáis agus dhírigh mé ar an gcúis ba mhó. Is léir nach réitíonn guth Gillard le muintir na tíre!
Mon, 06 Feb 2012 00:28:02 GMT An Rás Nach Féidir a Bhuachan (freagra ag: April) http://www.beo.ie/alt-an-ras-nach-feidir-a-bhuachan.aspx#comments Faigh bréag ann, nó dún é. Ar aon chaoi, bhí mé ag liostáil cupla den scannal. Tá togha ort nach bhfuil gach ceann liostáilte agam, nach bhfuil? Bheadh mo theachtaireacht níos faide ná Atlas Shrugged.
Níl ach Liobrálaigh ag gearáin faoin TLDR.
Ach tá aiféala orm go raibh an iomarca léamh agus níl do dhóthain pictiúr ann.
Sat, 04 Feb 2012 07:02:19 GMT An Rás Nach Féidir a Bhuachan (freagra ag: Liam_McGonagle) http://www.beo.ie/alt-an-ras-nach-feidir-a-bhuachan.aspx#comments I am not going to read that thing. Ever.
If you can't say it in anything under a book length, it doesn't belong as a comment posting. Most likely it is a complete lie, because the truth doesn't require that much exposition.
Sheesh . . . Bíodh ciall agat.
Fri, 03 Feb 2012 18:45:48 GMT An Rás Nach Féidir a Bhuachan (freagra ag: April) http://www.beo.ie/alt-an-ras-nach-feidir-a-bhuachan.aspx#comments Ó bhun go barr, mar is iondúil, tá an fear seo ag insint bréag. Ón Uachtarán Bush Mór a chaitheadh amach mar gur inis sé bréag faoina pholasaí cánach go dtí an sórt creidimh a bhíonns ag Liobraigh , is éitheach ó thosaigh deireadh é an t-alt seo!
Ach cén fáth? Dá mbeadh daoine sásta le creideamh na heite chlé...dá mbeadh na heite dheis chomh uafásach sin go gcuireadh sé múisc ar dhaoine....cén fáth nach mbeadh siad sásta díospóireacht oscailte macánta a bheith eadrainn faoin gcreideamh agus faoin todhchaí? Níl siad sásta adhmháil gur daoine den eite chlé iad ar chór ar bith, fiú!
''Liobrálach'' ab ea é Thomas Jefferson. An bhfuil na creidimh atá ag na Liobrálaigh sna Stáit Aontaithe sa lá atá inniu ann cosúil leis na creidimh a bhí ag Thomas Jefferson, bunaitheoir Mheirceá...tír ar dheis den lár ag a bhunaithe? Bhuel, níl. Caithfidh muid 'Liobrálach Claiseacach' a thabhairt ar Jefferson anois. Is Sóisialaigh, Cumannaigh, Maoists agus Collectivists den gach aon uile cineál eile iad Liobrálaigh nua-aoiseacha. Níl meas madra acu ar Thomas Jefferson. Léigh siad féin Marx agus Saul Alinksy. Ach má léann agus má bhíonn siad cinnte go bhfuil an ceart acusan agus go nglacfaí daoine leis an Sóisialachas mar go bhfuil na heite dheis chomh holc sin...cén fáth gur tugann siad ainmneacha "na ndúnghaoise" den eite dheis orthu?
Agus má chreideann daoine den eite chlé go nglacfaí daoine leis an idé-eolaíocht atá acu..cén fáth go gcruthaíonn siad díospóireacht frámaithe i gcónaí? B'fhear den cén taobh den líne é Hitler? An bhfuil Naitsithe ar an 'Far Right'? Ní hiad! Is ar an Far Right den eite chlé iad.
Ceard atá ar an eite dheis den líne i ndairíre? Saoirse. Meas ar an duine mar dhuine. Cosaint ar do chearta in áit scriosadh orthu.
Mar sin, ná ghabh ansin! Titfidh tú den líne agus tá péist uafásach ann! Tugtar Ayn Rand the Terrible uirthi as Bearla. Má chloiseann tú í, d'iompaigh tú i do dhuine olc uafásach. Beidh 'individualistic tendencies' agat. Agus tá a fhios agat , cosúil le hUncail Joe Dílis, nach maith le scríobhnóirí Bheo, le hAlan Titley agus ach go hairithe le Brian Ó Broin an iomarca indibhidiúlachais!
Ar an líne polaitíochta, is é ar an eite chlé a chuirtear na córais a bhíonns cumhacht ollmhór ag rialtas lárnaithe ar na daoine thíos faoina gcois. Cén sórt córas agus idé-eolaíochtaí a fhaightear ar an eite chlé? Sóisialachas agus Cumannachas. Faisisteachas Mhusolini. Ó...agus Dialathais.
Ní raibh Dialathas sna Stáit Aontaithe ariamh. Agus ní chuireann mo chreisdiúint i saoirse chreidimh olc ar bith ar Phoblachtánach ar bith. Aontaíonn siad liom.
Cén fáth go bhfuil duine ag cur i gcéill nach n-aontaíonn?
Cén fáth go ndúirt an fear seo go gcreideann Liobraigh i nGinmhilleadh? Ní 'chreideann' Liobraigh i 'nginmhilleadh'. Chreideann Liobraigh nach bhfuil an ceart ag Polaiteoirí an Rialtais cinneadh a dhéanamh ar an gceist eolaíochta agus mhoráltachta sin agus cinneadh atá déanta acu amháin a bhrú ar chuile dhuine eile. Tá cuid de na Liobraigh ar son a rogha féin a ligean ag an duine go pearsanta nó an cinneadh a dhéanamh go háitiúil...agus tá Liobraigh eile ag argóint go bhfuil sé ceart don rialtas an babaí a chosaint mar gur duine den chine dhaoine é nó í. Níl stad ag an bpairtí ach nach mbaineann sé leo. Tá Ron Paul i n-aghaidh an ghinmhillte ach nach bhfuil fadbh aige leis an 'Morning After Pill'. Thug mé faoi deara go bhfuil an scoilt céanna i measc na bPoblachtánaigh.
{Is féidir tuairimí éagsúla a bheith ann i measc daoine nach bhfuil ag cruthú Politically Correct Collective gan Individualistic Tendencies.}
Ní chreideann Liobraigh go bhfuil sé ceart 'gach dlí' a scriosadh.
Creideann Liobraigh i riail dílarnaithe a bheas is lú i saol na saoránach agus is féidir a bheith, agus leis an gcumhacht is mó ag an leibhéal is áitiúla. Creideann Liobraigh gurb é ceann de na róil cheart ag an rialtas ná duine a chosaint ó aon ionsaí trí foréigin nó feall ar a gcearta diúltacha. {Is iad na cearta diúltacha na cearta amháin is féidir leat a bheith agat mar nach féidir leat ceart a bheith agat atá ag sarú ceart eile. Is iad na cearta diúltacha na cearta nach bhfuil ag sarú ceart ar bith eile.}
Duine morálta ar bith atá ag iarraidh déirce a dhéanamh ar na daoine bochta, is féidir leo seic pearsanta a scríobh amach. Níl duine ar bith dá stopadh, an bhfuil? Ní theastaíonn gadaíocht nó cearta duine ar bith a sharú chun é sin a dhéanamh.
Ach ní hinsíonn duine morálta bréaga cosúil leis an mbréagadóir maslach thuas. Agus ní Obama-Voting-Nanny-Staters iad daoine atá imníoch faoina gcuid saoirse. Níl mórán loighce i measc daoine den eite chlé.
Ó rud éigin eile...cén fáth nach mbeinn ag tabhairt a léitheid mar "fealltóirí", "fímínigh", agus "coirpigh" ar Daonlaithaigh Liobrálacha...a bhí i mbun na Golden Parachute 240 milliúin a bhí ag CEO Fhannie Mae Franklin Raines agus iad ag cáineadh comhlachta príobháideacha..i mbun Solyndra agus Energ1..Fast agus Furious..a bhí in ainm díoltóirí na comhlachta carranaí a dhúnadh de réir cé mhéad a bhí siad ag saothrú, ach dhún Obama iad de réir a gcuid polataíocht...Ceard a cheapann tusa faoin Democratic Machine a bhí sa tír seo ón Tamanny Hall, agus voter fraud..nó fiú faoi na rudaí a tharla sna toghcháin..Daoine ag sarú an príobháideachas ag saoránaigh cosúil le Joe the Plumber..tá an oiread sin scannal faoi Obama!
..gan tracht ar droch-iompar an mheáin agus na gCéardCummáin agus OWS..na daoine ar an eite chlé sásta tacaíocht a thabhairt de dhaoine cosúil le Roman Palanskí..nó nach dtuigeann cén fáth gur gcuireann sé múisc orainn nuair a scaoil breithiúna 'Liobrálacha' fir a rinne ionsaí gnéis ar pháistí saor...
Agus an muineal atá agat a bheith ag déan trácht ar na Clintons..Ó is cuimhin liom Hilary "Alinskeyite" Clinton. Is í an bhean a bhí ag iarraidh Universal Healthcare a sháigh sios ár scornaigh mar gheall ar na daoine bochta...agus í ag rá gach lá go raibh na poblachtánaigh ag iarraidh seandhaoine agus páistí a mharú agus a chaith amach ar na sráideanna....agus a hainm ar phaipéar ag caitheamh seanfhear bochta a bhí tinn amach as a theach..teach a bhí sé íocaíocht nó dhó ón úinéireacht air..i margadh mídhleathach de réir na rialacha a bhí siadsan féin taobh thiar dóibh...Chaith an comhlacht WhiteWater cupla seandhaoine tinn amach ar na sráideanna...
Ní maith liom Newt ná Romney ná Perry..ach nuair atá tú ag déanamh trácht ar Nancy Pelosi, Barney Frank, Debbie Wasserman-Shultz, Charlie Rangel, Sheila Jackson Lee agus a leithéid..I gcomparáid leis na Daonlathaigh, tá cuma aingil ar Newt, Romney agus Perry..
Fri, 03 Feb 2012 18:39:36 GMT Na Lochlannaigh (freagra ag: Fearn) http://www.beo.ie/alt-na-lochlannaigh.aspx#comments Longa fada le hinneal agus málaí codlata déanta as craiceann róin? Sin an saol duit.
Ach cad is longbhád ann? Long nó bád idir dhá aigne?
Fri, 03 Feb 2012 12:29:51 GMT An Rás Nach Féidir a Bhuachan (freagra ag: Liam_McGonagle) http://www.beo.ie/alt-an-ras-nach-feidir-a-bhuachan.aspx#comments Ní easaontaím leis an chuid is mó a scríobh an Branach, ach caithfidh mé a rá gur iomaí seanDaonlathach nach bhfuil sásta le Barack Obama ach a oiread.
Ní duine cumasach cliste é Barack. D’fhéadfainn liosta fada a chur síos, ach thíos anseo blúire bheag dena hócáidí inár theip air go tubaisteach:
1. Shíghneáil sé an bille faoi na Bush II tax cuts a athnuachtáil—cé go raibh formhór na suíochán in achan teach rialtais ag na Daonlathaigh ag an am, só ní raibh na Poblachtánaigh in ann a veto a shárú.
2. Mharaigh fórsaigh mhíleata Al Awlaki gan triall ceart a thabhairt dó—cé gurbh shaorthánach Meiriceánach é nár cuireadh aon chás dlí air riamh.
3. Is eisean, Barack Obama é fein cúis leis an chluster-donk a thit amach faoin athnuachtáil an debt ceiling anuraidh. D’fhéad sé an bille a thabhairt roimh an Congress in 2010, nuair a bhí sé i nglac na nDaonlathach, seachas fanacht go dtí go rachadh na Tea Partiers craiceáilte i réim i 2011.
4. Bíonn sé i dtólamh agus de shíor ag cur in éadan cearta na n-oibrithe—shíghneáil sé dhá chonartha “free trade” a bheas ag milleadh jabanna Meiriceánacha go cinnte.
Fear fealltach amáideach lag é Barack Obama.
B’fhéidir go mbainfidh Barack Obama dara téarma, ach ní ar mhaithe leis féin, ach go bhfuil na Poblachtánaigh níos laige fos.
Thu, 02 Feb 2012 18:22:09 GMT Kino – an Cineama Domhanda ‘Melancholia’, le Lars Von Trier (freagra ag: Harpic) http://www.beo.ie/alt-kino-an-cineama-domhanda-melancholia-le-lars-von.aspx#comments An mhí seo chugainn déanann Pat Butler léirmheas ar Schindler's List, scannán a chonaic sé le déanaí.
Thu, 02 Feb 2012 16:28:54 GMT Conas Coileach a Cheannach san Afraic. (freagra ag: Harpic) http://www.beo.ie/alt-conas-coileach-a-cheannach-san-afraic.aspx#comments Buíochas le Dia gur bhog tú go coigcríoch nua. Go n-éirí do shaoire leat a mhac!
Thu, 02 Feb 2012 16:22:20 GMT An Dúchas agus an Domhan (freagra ag: Fearn) http://www.beo.ie/alt-an-duchas-agus-an-domhan.aspx#comments Is trua nár bhfaca mé Seóman Néill nó b'fhéidir go mbeadh fhios agam cad air amach atá Eoin Pól Mac Cárthaigh, muna bhfuil sé ag cogaint i dtaobh Corcaíochais, cibé beathach é sin.
Ach is léir go bhfuil cur amach ag EPMacC ar b'fhiú a thuigsint.
Comhghairdeas air as éalú ó Ocsanford agus a chiall Choircíoch fós slán aige!
Thu, 02 Feb 2012 13:30:15 GMT Tréithe an Ríomhchláraitheora agus Móráltacht na Tráchtála (freagra ag: aonghus) http://www.beo.ie/alt-treithe-an-riomhchlaraitheora-agus-moraltacht-na-t.aspx#comments Molaim duit aiste Eric Raymond a léamh chun meon cultúr na seifteoirí i leith saor scaipeadh bogearraí a thuiscint.
Sin cuid den chumasc i ple na ceiste seo.
Thu, 02 Feb 2012 11:30:19 GMT 2011: Annus Horribilis ag Príomh-Aire Julia Gillard (freagra ag: Ronnach) http://www.beo.ie/alt-2011-annus-horribilis-ag-priomh-aire-julia-gillard.aspx#comments Agus a Bhearnaí ghéill Gillard don fheachtas náireach a d'eagradh na mianadóirí saibhre i gcoinne ráta cánach níos airde a íoc ar an brabach ollmhór atá dhá dhéanamh acu.Ina theannta sin an chaoi ar ghéill sí don fheachtas a reachtáil na clubanna i gcoinne teora éigin a chur ar an gcearrbhachais "poker machines" atá ag scriosadh pobal na h-Astráile agus ní íontas ar bith go bhfuil muinín caillte ag cuid mhaith a bhí riamh dílis do Pháirtí an Lucht Oibre.Agus sin gan trácht ar bith ar an tuinn gránna atá ag Julia agus í ag labhairt!!
Thu, 02 Feb 2012 03:29:39 GMT The Necessity for De-Anglicising Ireland: Arbh Fhiú a Chomóradh? (freagra ag: Adrian Breathnach) http://www.beo.ie/alt-the-necessity-for-de-anglicising-ireland-arbh-fhiu.aspx#comments An cheart ar fad agat, aontaím go huile s go hiomlán. Ach ta an 25-27 Samhain, an chóngarach i ndiaidh an Oireachtais, bfhéidir an deireadh seachtaine timpeall Lá Fhéile Pádraig mar chuid de Sheachtain na Gaeilge agus chun náire a chur ar na Seoiníní a bhíonn ag luascadh ár mbrat ar an 17ú lá!
Wed, 01 Feb 2012 20:40:13 GMT Litreacha faoi Choim ó Ghirseacha i nGéibheann (freagra ag: Harpic) http://www.beo.ie/alt-litreacha-faoi-choim-o-ghirseacha-i-ngeibheann.aspx#comments Féar plé do Chonchubhair. Bua tábhachtach bainte amach aige. Féach: igaeilge.wordpress.com
Fri, 27 Jan 2012 16:29:42 GMT An Bóthar go Santiago (freagra ag: Tomás) http://www.beo.ie/alt-an-bothar-go-santiago.aspx#comments Léas an leabhar seo ag Mícheál de Barra agus cathfidh mé a rá gur bhain mé an-taitneamh as. Tá suim agam féin oilitheacht a dhéanamh uair éigean - go luath más féidir mar táim ag dul in aois.
Bhaineas insparáid dom tabhairt faoi a luath agus is féidir. Tá cur sios soiléir suimiúil tugtha ag Mícheál ar an turas agus is fiú go mór iad na moltaí agus eolas breise a thugtar sna h-aigiuisíní faoin 'bhfearas' is suantasaí do dhuine a thabhairt leis nó leí.
Thu, 26 Jan 2012 22:10:45 GMT Seal in Agua Preta (freagra ag: Harp) http://www.beo.ie/alt-seal-in-agua-preta.aspx#comments Bhuail tú le Nóra!? De verdad??! Ar an mbóthar??!La mísma Nóra a shíl sí go mba bhreá an saol bheith ag imeacht roimpi ina seabhac siúil gan beann aici ar dhuine ar bith?!?
!Vaya! Is fánach páistí tréighte le bualadh i do shíobshiúl!!
Thu, 26 Jan 2012 20:29:48 GMT Seal in Agua Preta (freagra ag: Fearn) http://www.beo.ie/alt-seal-in-agua-preta.aspx#comments > A Fhirn a shaoi…feictear dúinn go bhfuil Noura ag suirí leat!!...íomhá
> iontach tarraingteach agus óg agus gnéasach agatsa!!!!
> u b da man!!Scig!!
Bhuail mé le Nóra nó beirt, ach d'imigh Noura thart !!
Wed, 25 Jan 2012 20:27:50 GMT Seal in Agua Preta (freagra ag: Harp) http://www.beo.ie/alt-seal-in-agua-preta.aspx#comments A Fhirn a shaoi…feictear dúinn go bhfuil Noura ag suirí leat!!...íomhá iontach tarraingteach agus óg agus gnéasach agatsa!!!!
u b da man!!Scig!!
Wed, 25 Jan 2012 00:17:09 GMT Litreacha faoi Choim ó Ghirseacha i nGéibheann (freagra ag: Concubhar) http://www.beo.ie/alt-litreacha-faoi-choim-o-ghirseacha-i-ngeibheann.aspx#comments Is cínsire de chineál eile tusa, a Phádraig, ag baint úsáide as an dteanga chun diospóireacht a chur faoi chois. Ní bhaineann tú aon phioc le mo ghearán faoi 'Mhná an IRA' le do pheann ró dhearg. Is léir gurb é sin atá ag dóghadh na geiribe agat - ach níl tú ábalta argóínt bunaithe ar an substaint a dhéanamh, mar sin luíonn tú ar an litriú.
Mon, 23 Jan 2012 19:18:19 GMT An tSaíocht Cheilteach i Rinn Bhriotánach Cheanada (freagra ag: Fearn) http://www.beo.ie/alt-an-tsaiocht-cheilteach-i-rinn-bhriotanach-cheanada.aspx#comments "bealach atá ainmnithe i gcuimhne ar John Cabot, Eorpach..."
Dhiabhail!! Giavianno Caboto a bhí ann, Iodálach, amhail Cristofo Colombo, cé go raibh an tIodálach seo i dtuarastal an Rí Shasana seachas Rí na Spáinne
Sun, 22 Jan 2012 00:13:23 GMT Seal in Agua Preta (freagra ag: Fearn) http://www.beo.ie/alt-seal-in-agua-preta.aspx#comments > > > > 安语乐业
> Ráite Sínis as Gaeilge:
> Mair agus Obair faoi Shíocháin is Sástacht!
> Fearn 老總你講普通話? =A Fhirn a shaoi, An bhfuil Sínis(Mandairín agat!?
> Moi, níl mórán Gaeilge agam fós,ach, gan spalpas gan náire atáim ag
> foghlaim Sínis( Mandairín).!...abair…matando las dos lenguas a la vez!!!
Nárbh fhada go sroisfidh tú Péicín!!
Sun, 22 Jan 2012 00:08:24 GMT Seal in Agua Preta (freagra ag: Harp) http://www.beo.ie/alt-seal-in-agua-preta.aspx#comments Buille faoi Thuairim
Is maith liom an tSínis:
Níl gá briathar a réimniú agus ní tuiseal ginideach ann!! Ach, na pictiúrghraif ifreanda a fhoghlaim de ghlanmheabhair, Sin é An Diablo!!!
Sat, 21 Jan 2012 23:54:56 GMT Seal in Agua Preta (freagra ag: Harp) http://www.beo.ie/alt-seal-in-agua-preta.aspx#comments > > > 安语乐业
Ráite Sínis as Gaeilge:
Mair agus Obair faoi Shíocháin is Sástacht!
Fearn 老總你講普通話? =A Fhirn a shaoi, An bhfuil Sínis(Mandairín agat!?
Moi, níl mórán Gaeilge agam fós,ach, gan spalpas gan náire atáim ag foghlaim Sínis( Mandairín).!...abair…matando las dos lenguas a la vez!!!
Sat, 21 Jan 2012 20:55:35 GMT Seal in Agua Preta (freagra ag: Fearn) http://www.beo.ie/alt-seal-in-agua-preta.aspx#comments > > > 安语乐业
Teanga Thionscal an cheoil???
Fri, 20 Jan 2012 10:23:45 GMT Seal in Agua Preta (freagra ag: Fearn) http://www.beo.ie/alt-seal-in-agua-preta.aspx#comments > > ná raidió
> Sínise ar an gclár seo!!
> 安语乐业
Sin ceann maith :-)
Fri, 20 Jan 2012 10:20:09 GMT Seal in Agua Preta (freagra ag: Harp) http://www.beo.ie/alt-seal-in-agua-preta.aspx#comments > gringo loco !!
An bhfuil a mhalairt ann? :-)
Tá! Tá!
Is Gaeilgeoir loco é!!..an té fearna a bhíonn ag caint más caca ná raidió Sínise ar an gclár seo!!
安语乐业
Thu, 19 Jan 2012 21:47:31 GMT