Beo! (freagraí ar: An Eotanáis Thoilteanach - Cinneadh Misniúil de Dhíth)
http://www.beo.ie/alt-an-eotanais-thoilteanach-cinneadh-misniuil-de-dh.aspx#comments
Cíorann Bearnaí Ó Doibhlin, ina alt deiridh ar Beo.ie, ceist chonspóideach atá ag cruthú deacrachta san Astráil chomh maith le háiteanna eile ar domhan.gaCóipcheart Oideas Gael.Thu, 30 Oct 2014 20:41:21 GMThttp://www.beo.ie/logo.gifBeo!
http://www.beo.ie/
Peadar
http://www.beo.ie/alt-an-eotanais-thoilteanach-cinneadh-misniuil-de-dh.aspx#comments
A Bhearnaí, is cosúil go nglacann tú leis gurb é an rud cróga i gcónaí é an dlí a athrú. Má sheasann duine i gcoinne éilimh atá bun os cionn lena c(h)oinsias féin nach misniúil an seasamh é sin ag polaiteoir leis. Ach sa saol ina mairimid caithfidh sé/​sí rith leis an móramh lena c(h)rógacht a léiriú. Nach ait an mac an saol!
Thu, 30 Oct 2014 20:41:21 GMTFearn
http://www.beo.ie/alt-an-eotanais-thoilteanach-cinneadh-misniuil-de-dh.aspx#comments
An-spéisiúl i dtaobh an Northern Territory agsu aisghairm an dlí.
GRMA as ucht d'fhreagairt agus as ucht na n-alt uile ar bhain mé taithneamh astu. Sonas ort!
Tue, 16 Sep 2014 10:46:35 GMTBearnaí
http://www.beo.ie/alt-an-eotanais-thoilteanach-cinneadh-misniuil-de-dh.aspx#comments
Ach nach raibh a leithéid de dlí i bhfeidhm sa Northern Terrritory fosta, nó an bhfuil dul amú orm?

Tá an ceart agat, a Fhirn. Bhí eotanáis ar fáil sa Chríoch, ach bhain an rialtas náisiúnta feidhm as a gcumhacht an dlí a aisghairm, beag beann ar mhian mhuintír na Críche.
Mon, 15 Sep 2014 22:40:48 GMTFearn
http://www.beo.ie/alt-an-eotanais-thoilteanach-cinneadh-misniuil-de-dh.aspx#comments
Dhá chríoch eile, a Bhearnaí, a bhfuil a leithéid ann is ea na Stáit Washington agus Oregon na SAM, sílim.
Ach nach raibh a leithéid de dlí i bhfeidhm sa Northern Terrritory fosta, nó an bhfuil dul amú orm?
Mon, 15 Sep 2014 13:45:18 GMTBearnaí
http://www.beo.ie/alt-an-eotanais-thoilteanach-cinneadh-misniuil-de-dh.aspx#comments
Gan amhras, a Aonghuis, tá an t-aiféala a luaigh tú le sonrú, ach dá mbeadh sé ar mhóramh na ndaoine i dtír dhaonlathach, fearacht na Beilge agus na hÍsiltíre, bheadh na polaiteoirí inti ag aisghairm an dlí. Níl an chosúlacht ar an scéal go bhfuil cúrsaí amhlaidh, in ainneoin an aiféala ar dhaoine áirithe iontu.
Sun, 14 Sep 2014 01:24:44 GMTBearnaí
http://www.beo.ie/alt-an-eotanais-thoilteanach-cinneadh-misniuil-de-dh.aspx#comments
Buíochas as an moladh, a Sheáin Mhíchil, a chara. Caithfidh mé a admháil go raibh dúshlán i gceist gach mí le seacht mbliana anuas agus mise ag déanamh iarrachta ábhair chasta a scagadh i dteanga nach raibh, nó nach bhfuil fós, go paiteanta agam. Tá súil agam go dtiocfaidh iris eile i gcomharbacht ar Beo agus go mbeidh "mo leithéad" as an Astráil inti.
Sun, 14 Sep 2014 01:13:51 GMTSeán Míchaél Ó Donnchadha.
http://www.beo.ie/alt-an-eotanais-thoilteanach-cinneadh-misniuil-de-dh.aspx#comments
A Bhearnaí, Go raibh mile maith agat as na haltanna simiúla go léir thar na blianta.Ní bheidh do leithéad ann arís.Rath mór ort agus ar do chlann san Astráil.
Fri, 12 Sep 2014 14:20:52 GMTaonghus
http://www.beo.ie/alt-an-eotanais-thoilteanach-cinneadh-misniuil-de-dh.aspx#comments
Tá aiféala ag teacht ar dhaoine san Ísiltír agus sa Bheilge faoina "gcinneadh mhisniúil" mar tá an tuar tagtha faoi mórchuid na tairngirí a rinne an dream atá i gcoinne eotanáis "thoilteanach", i. go mbíonn brú ar daoine fáil réidh leo féin "ar mhaithe leis na gaolta" agus araile.
Fri, 12 Sep 2014 12:21:50 GMT