Beo! (freagraí ar: John Redmond á Mholadh faoina Thacaíocht don Ghaeilge) http://www.beo.ie/alt-john-redmond-a-mholadh-faoina-thacaiocht-don-ghaei.aspx#comments 100 bliain ó shin, mhol John Redmond do na fir óga a bhí eagraithe in Óglaigh na hÉireann go mba cheart dóibh liostáil in Arm na Breataine, chun dul ag troid ar son na hImpireachta. Mar sin féin tá meas áirithe ag Donncha Ó hÉallaithe ar Redmond. ga Cóipcheart Oideas Gael. Sat, 20 Sep 2014 17:57:32 GMT http://www.beo.ie/logo.gif Beo! http://www.beo.ie/ Fearn http://www.beo.ie/alt-john-redmond-a-mholadh-faoina-thacaiocht-don-ghaei.aspx#comments "Woodenbridge ar 20 Meanfómhar 1914"? Ag a hocht a'chloig, a b'ea? Ó mo dheatach, Chaill mé é. Bhí ceacht Karate agam, Cad a dúirt sé?
Sat, 20 Sep 2014 17:57:32 GMT peadar http://www.beo.ie/alt-john-redmond-a-mholadh-faoina-thacaiocht-don-ghaei.aspx#comments Tá mé tuirseach den frith shasanachas is an caint sean aimseartha faoi'n impiriúlachas. Bhí an ceart ag Redmond lena hóráid Woodenbridge ar 20 Meanfómhar 1914 tar éis brúidiúlacht na nGearmánach san Bheilg.
Fri, 19 Sep 2014 23:18:15 GMT Parthalán http://www.beo.ie/alt-john-redmond-a-mholadh-faoina-thacaiocht-don-ghaei.aspx#comments Nach é de hÍde a' chórthaí dhuit meas a bheith agat air, óir sin é a bhuaigh ar Dillon lena dheismireacht chainte agus lena dhiongbháilteacht. Ráite go raibh Dillon ainmnithe as na buanna céanna a bheith aige. Meon an impiriúlaigh a bhí ag Redmond 'wherever the frontline extends' (ceann Shasana dar ndó') agus thug sé tacaíocht d'Impireacht Shasana chun na mílte a sheoladh amach chun a mbáis i gCogadh leithleach Impiriúlach a bhí thar a bheith fuilteach, barbartha agus tubaisteach. Theastaigh uaidh an coinscríobh a chur i bhfeidhm in Éirinn fiú, rud a chuir deireadh lena shaol polaitiúil. Ach bhí le aige leis an dteanga, deir tú. Caithfead dul ag taighde feasa ...tuilleadh!
Wed, 17 Sep 2014 12:15:43 GMT Páid Ó Donnchú http://www.beo.ie/alt-john-redmond-a-mholadh-faoina-thacaiocht-don-ghaei.aspx#comments Tá an tréimhse seo cinniúnach i stair na tíre. Sílim go bhfuil léamh Mansergh anois á ghlacadh go forleathan - go raibh críochdheighilt dosheachanta ó 1911 ar aghaidh.
Ní mar gheall ar laigí de Valera, nó biogóideacht i measc na Protastúnaigh (cé go raibh sé sin ann) ach mar gheall gur tharla sé go raibh daoine ó dhá náisiún éagsúla in bhur gconaí ar an oileán - agus difríochtaí móra eatarthu ó thaobh reiligiún, cleachtais oibre, nósanna pobal agus (dá bharr obair Chonradh na Gaeilge) teanga. Dá mba rud é nach raibh Caitliceachas chomh láidir sin, seans nach mbeadh cúrsaí teanga ina cnámh spairne.
Ach, faraor, ní hé sin a bhí i ndán dúinn. Tháinig Home Rule agus Rome Rule, agus theip orainn Stát Ghaelach a bhunú gá trácht ar bhuanú, cé gur chuir muid cupla scór bliana le saol na Gaeltachtaí.
Ach maidir le 1916, níl aon chúis cheiliúradh i mo thuairimse. Níor éirigh linn.
Mon, 15 Sep 2014 22:57:30 GMT Fearn http://www.beo.ie/alt-john-redmond-a-mholadh-faoina-thacaiocht-don-ghaei.aspx#comments Meas áirithe? Bhal, b'fhéidir gur leor é sin!
Sun, 07 Sep 2014 15:18:22 GMT Micil http://www.beo.ie/alt-john-redmond-a-mholadh-faoina-thacaiocht-don-ghaei.aspx#comments Nach suimiúil an seasamh a bí ag an Eaglais?
Ach ní haon iontas é. Nach bhfuil ceantair ghaeltachta ann fós nach bhfuil Gaeilge a bith ag an sagart ann?
Sat, 06 Sep 2014 08:55:55 GMT