Beo! (freagraí ar: An Nuachtán Gaeilge ina Phraiseach ag an bhForas)
http://www.beo.ie/alt-an-nuachtan-gaeilge-ina-phraiseach-ag-an-bhforas.aspx#comments
Ceistíonn Donncha Ó hÉallaithe cur chuige Foras na Gaeilge maidir le nuachtán seachtainiúil Ghaeilge a sholáthar do phobal léite na Gaeilge.gaCóipcheart Oideas Gael.Fri, 31 Jan 2014 13:49:39 GMThttp://www.beo.ie/logo.gifBeo!
http://www.beo.ie/
Eoin Ó Loingsigh
http://www.beo.ie/alt-an-nuachtan-gaeilge-ina-phraiseach-ag-an-bhforas.aspx#comments
Tá 90 rud éigin % de mhuintir na hÉireann ar son caomhnú na Gaeilge ach is fíorbheag an líon a chaomhnós í. 5% nó mar sin, cheapfainn. An rud céanna faoi nuachtán clóite. Fanfaidh breis is 90% de na cóipeanna ar an tseilf. Deir na hÉireannaigh rud amháin atá uaillmhianach, ach níl baol ar bith go gcuirfidh siad i gcrích é. Coinneoidh siad an t-airgead ina bpóca agus siúlfaidh siad ón tseilf le nuachtán Sasanach ina ngleic. Íocfaidh siad as sin ceart go leor mar gur spéis leo sacar nó saol duine 'mór le rá'. Is ionann 'mór le rá' agus Béarlach, Sasanach nó Montrosach.
Fri, 31 Jan 2014 13:49:39 GMTAnFearGanAinm
http://www.beo.ie/alt-an-nuachtan-gaeilge-ina-phraiseach-ag-an-bhforas.aspx#comments
Chuile sheans a Dhonncha nach dteasaíonn ón 17% sin nuachtán ar líne amháin amach is amach ach an oiread, ach is dóichí go bhfuileadar ar an tuiscint tar éis blianta fada de 'ghnáthnuachtáin' Ghaeilge ag dul in éag nach ann a thuilleadh ach an t-aon bhealach amháin chun tabhairt faoin tógra seo - agus sin leis na meáin nua mar a déarfá - le nuachtán ar líne. B'iontach an rud é nuachtán Gaeilge clóite den scoth a bheith ann ach an gceannófaí é chomh méid sin lena thabhairt slán?
Fri, 31 Jan 2014 09:55:22 GMTDonncha
http://www.beo.ie/alt-an-nuachtan-gaeilge-ina-phraiseach-ag-an-bhforas.aspx#comments
'Nuacht ar líne, sin an t-aon bhealach chun tosaigh.' Ní hé a cheap na daoine a thug a dtuairim sa phróiséas comhairliúchán a reachtáil an Foras níos túisce i mbliana. Nuachtán ar líne amháin a theastaigh ó 17% nó duine as seisear. Deirtear liom go bhfuil se iarratas faighte ag an bhForas. Táimse dóchasach fós go mbeidh nuachtán ar líne agus nuachtán clóite ar fáil dúinn, le nach mbeidh an seirbhís teoranta don 17% de dhaoine a mb'fhearr leo gur ar líne amháin a bheadh sé.
Wed, 29 Jan 2014 14:11:29 GMTCuairteoir
http://www.beo.ie/alt-an-nuachtan-gaeilge-ina-phraiseach-ag-an-bhforas.aspx#comments
Nuacht ar líne, sin an t-aon bhealach chun tosaigh. Agus is cuma cén áit a mbeadh sé lonnaithe, 'fhad is go bhfuil sé maith.
Mon, 27 Jan 2014 18:24:13 GMTFearn
http://www.beo.ie/alt-an-nuachtan-gaeilge-ina-phraiseach-ag-an-bhforas.aspx#comments
> Done Deal dhéarfainn. Nuachtán as Béal Feirste

Tá súil agam nach Ben Dunne Deal é!
Mon, 27 Jan 2014 12:12:05 GMTS Ní C
http://www.beo.ie/alt-an-nuachtan-gaeilge-ina-phraiseach-ag-an-bhforas.aspx#comments
Done Deal dhéarfainn. Nuachtán as Béal Feirste
Sun, 26 Jan 2014 15:05:56 GMTAnFearGanAinm
http://www.beo.ie/alt-an-nuachtan-gaeilge-ina-phraiseach-ag-an-bhforas.aspx#comments
Cá bhfios ach go mbeidh an nuachtán ar líne nua lonnaithe ó thuaidh óir níor éirigh le heagras ar bith ann stádas a bhaint amach mar cheann de na sé cheanneagraíocht nua atá roghnaithe ag Foras na Gaeilge faoin scéim nua maoinithe. Beidh sé suimiúil súil a choimeád air sin...
Fri, 24 Jan 2014 07:46:34 GMTseá-en pá-drig
http://www.beo.ie/alt-an-nuachtan-gaeilge-ina-phraiseach-ag-an-bhforas.aspx#comments
Cibé réiteach a roghnófar ba bhfearr liom seirbhís nuachta a bheadh i láthair go leanúnach, bliain i ndiaidh bliain, tóirneach, báisteach agus griannmhar. Ní maith liom seirbhís a bheidh bainte nuair a bhíonn cúlú beag san gheilleagar nó rud mar sin.
Wed, 22 Jan 2014 22:34:27 GMTDonncha
http://www.beo.ie/alt-an-nuachtan-gaeilge-ina-phraiseach-ag-an-bhforas.aspx#comments
Is fiú do dhaoine le spéis san ábhar seo an alt seo a léamh: http:/​/​www.mcsweeneys.net/​articles/​after-a-thorough-battery-of-tests-we-can-now-recommend-the-newspaper-as-the-best-e-reader-on-the-market
Tue, 21 Jan 2014 11:47:40 GMTConcubhar
http://www.beo.ie/alt-an-nuachtan-gaeilge-ina-phraiseach-ag-an-bhforas.aspx#comments
Ar ndóigh tá an ceart glan agat Philip. Sin é an slí a oibríonn na h-údaráis, is cosúíl. Dheinfeá gáirí nó gol.
Sat, 18 Jan 2014 13:31:30 GMTPhilip
http://www.beo.ie/alt-an-nuachtan-gaeilge-ina-phraiseach-ag-an-bhforas.aspx#comments
Mhaígh Foras na Gaeilge gur chuir siad stad le Gaelscéal cionn is go raibh an díolachán ró-íseal. Sa chonradh nua, ní bheidh díolachán ar bith i gceist mar go mbeidh an nuachtán saor in aisce. Cá fhágann sin an míniú a thug an Foras ar Gaelscéal a chur chun báis? Nach dtiocfadh leis an Fhoras iarraidh ar Gaelscéal leanúint ar aghaidh le hobair s'acu ach an nuachtán a chur ar fáil saor in aisce ar an idirlíon seachas é a chló? Ach in áit sin, chuir siad iriseoirí Gaeilge as post, agus d'fhógair siad comórtas nua (a mbeidh costais ag baint leis) agus tosóidh dream nua go hiomlán ón tús arís. Nach meaner dúinn go bhfuil aleithéid i gceannas ar an teanga?
Thu, 16 Jan 2014 12:54:32 GMTConcubhar
http://www.beo.ie/alt-an-nuachtan-gaeilge-ina-phraiseach-ag-an-bhforas.aspx#comments
Ní h-aon comhréiteach é sin, a Dhaithí, i gcead dhuit. Ní oibreodh nuachtán choicísiúil ar chorr ar bith dar liom - nios giorra d'iris a bheadh sé.
Mon, 13 Jan 2014 16:49:14 GMTdaithi mac eoin
http://www.beo.ie/alt-an-nuachtan-gaeilge-ina-phraiseach-ag-an-bhforas.aspx#comments
Más ceadmhach dom a rá, nach mbeadh sé inglactha, mar comhréitheach, nuachtán coiciseáin a chuir i gcló. Beidh na costais níos lú agus seans go mbeadh brabús ann.
Sun, 12 Jan 2014 21:05:39 GMTTomas
http://www.beo.ie/alt-an-nuachtan-gaeilge-ina-phraiseach-ag-an-bhforas.aspx#comments
Ní nuachtán seactainiúil ar bith atá ag teastáil ach nuacht laethúil ar líne agus aip. Sin an t-aon bhealach le pobal ceart léitheoireachta a spreagadh!
Fri, 10 Jan 2014 07:46:51 GMTtaimín ronnach
http://www.beo.ie/alt-an-nuachtan-gaeilge-ina-phraiseach-ag-an-bhforas.aspx#comments
Faraor a Donncha is túisce a cheannaití an "News of the World" agus an "Sunday World" seachas aon nuachtán i nGaeilge le blianta fada sna Gaeltachtaí seachas corr bhaile anseo is ansiúd.De réir cosúlachta tá laghdú damanta tagtha ar lucht léite na Gaeilge le tamall anuas má chuireann an teanga cumarsáide coitianta atá ag lucht leannta Facebook sa nGaeltacht sa áireamh. Bá bhreá liomsa nuachtán nua a bheith ar fáil amach anseo ach tá constaicí le sárú...meastú nár bhfearr nuachtán/​suíomh ar líne a thriall i dtús báire chun lucht léite an nuachtáin a thomhais i dtosach sul má fhoilsítear aon leagan crua den nuachtán.
Wed, 08 Jan 2014 21:15:13 GMTtaimín ronnach

Wed, 08 Jan 2014 21:13:40 GMTConcubhar
http://www.beo.ie/alt-an-nuachtan-gaeilge-ina-phraiseach-ag-an-bhforas.aspx#comments
Is é an fhírinne ná nach dtuigeann Donncha an scéal i gceart. Bheinnse go mór ar shon nuachtán chlóite bheith ann ach tuigim go bhfuil na constaicí roimh aon nuachtán dá leithéid nach mór do sharaithe. Nuair atá tú ag daileadh nuachtáin go náisiúnta ní mór duit cuid mhór airgid a chaitheamh ar chló - ní chreidim go bhfuil an €1 an choip a luann Donncha réalaíoch ach sa mhéid go bhfuil líon mór á chló bhuaileadh - chun a dhothain coipeanna a chló chun scaipeadh ar fuaid na tíre agus ansan cuid mhór airgid ar an daileachán. Níl sé eacnamaíoch níos mó, sin é an méid agus is cuma an méid daoine a fhreagraíonn suirbhé an Fhorais, ní athróidh sin cúrsaí. Ní raibh an suirbhé sin iontaofa, is cuma cé mhéid uair a luann Donncha é agus é ag iarraidh áíteamh ar dhaoine eile dul sa bhearna baoil ar mhaithe le riar a dhéanamh air féin agus, is oth liom a rá, mionlach dhaoine eile.
Caithfear tús a chur le h-athtógáil an pobal leitheoireachta nuachta Gaeilge - creidim féin go bhfuil dhá chuid san obair seo - nuachtán/​suíomh ar líne nuachta náisiúnta móide nuachtáin áitiúla.
Mon, 06 Jan 2014 23:15:37 GMTConcubhar
http://www.beo.ie/alt-an-nuachtan-gaeilge-ina-phraiseach-ag-an-bhforas.aspx#comments
Níl duine ar bith chomh dall leis an t-é nach bhféachfaidh ar an fhianaise. is ar líne an bealach is fearr chun tosaigh ag an bpointe seo ach ní aithníonn Donncha é sin mar nior mhaith leis é a aithint. Is eisean an mhionlach bheag atá ag iarraidh nuachtán chlóíte a bhrú ar gach éinne eile a thuigeann an deacracht a bhaineann leis an obair sin. Dá mba rud é go raibh spéis aige i bhfirinne i nuachtán chlóite, bheadh sé ag iarraidh 'Goitse' a chur ar bun i gConamara. Sin an bealach chun tosaigh agus is féidir é a dhéanamh.
Mon, 06 Jan 2014 19:15:57 GMTaonghus
http://www.beo.ie/alt-an-nuachtan-gaeilge-ina-phraiseach-ag-an-bhforas.aspx#comments
Léiríonn http:/​/​www.goitse.org/​ an bóthar chun cinn; tograí áitiúla le buntáistí áitiúla agus gan tacaíocht stáit. Idir sin agus Seachtain, forlíonadh an Indo, is féidir dul chun cinn a dhéanamh,
Fri, 03 Jan 2014 15:07:48 GMTDonncha
http://www.beo.ie/alt-an-nuachtan-gaeilge-ina-phraiseach-ag-an-bhforas.aspx#comments
Is mar seo ar cheart don abairt dheireannach thuas a bheith: "Idir an dá linn níor cheart géilleadh don deachtóireacht ón mionlach beag nach dteastaíonn nuachtán clóite uathu, agus a cheilfeadh ar an gcuid eile againn é!"
Fri, 03 Jan 2014 13:51:05 GMTDonncha
http://www.beo.ie/alt-an-nuachtan-gaeilge-ina-phraiseach-ag-an-bhforas.aspx#comments
B'fhéidir go dtiocfaidh, ach níl sé tagaithe fós. Nuair a bhéas deireadh leis an gconradh áirithe seo nach bhféadfadh an Foras an margadh a thomhais aríst. An lá a bhéas formhór de phobal léitheoireachta na Gaeilge ag léiriú go mb'fhearr leo nuachtán ar líne amháin, sin an uair a bhéas an Foras 'ceart ar an gceann seo'. Do réir na figiúirí is deireannaí ó léitheoirí Beo níl ach 38 (12% nó duine as ochtar) freagróir as 310 i bhfábhar nuachtán ar líne. Is le freastal ar phobal atá ann anois i 2014 seachas ar an bpobal a bhéas ann i gceann deich nó scór bliain eile ar cheart don bhForas a bheith ag smaoineamh. Idir an dá linn níor cheart déileál le deachtóireacht ón mionlach beag nach dteastaíonn nuachtán clóite uathu, agus a cheilfeadh ar an gcuid eile againn é!
Fri, 03 Jan 2014 13:47:49 GMTJohnny Jump Up i dToraigh na dTonn
http://www.beo.ie/alt-an-nuachtan-gaeilge-ina-phraiseach-ag-an-bhforas.aspx#comments
Tá an tuairim seo ag dul i gcoinne gach lóic reasúnta nuair a fheictear an treo ina bhfuil cleachtais léitheoireachta ag dul; tiocfaidh an lá go luath (an-luath) ina mbeidh fear Árainn ag tabhairt an Kindle Fire leis chuig an leithreas; Foras ceart ar an gceann seo a chairde gael!
Fri, 03 Jan 2014 12:19:52 GMT