Beo! (freagraí ar: Logainmneacha agus Comhairle Chontae na Gaillimhe) http://www.beo.ie/alt-logainmneacha-agus-comhairle-chontae-na-gaillimhe.aspx#comments Bhí Donncha Ó hÉallaithe ar Í Cholm Cille i dtús an tsamhraidh. Ceistíonnn sé an nósmhaireacht atá Comhairle Chontae na Gaillimhe, gan aitheantas a thabhairt do leaganacha Gaeilge na mbailte fearann sa Ghaeltacht. ga Cóipcheart Oideas Gael. Mon, 03 Sep 2012 13:13:26 GMT http://www.beo.ie/logo.gif Beo! http://www.beo.ie/ Fearn http://www.beo.ie/alt-logainmneacha-agus-comhairle-chontae-na-gaillimhe.aspx#comments >>>Cén fáth a bhfuil feidhm oifigiúil ag logainmneacha i nGaeilg ghlan ghramadúil in Albain nuair nach raibh in Éirinn go dtí le gairid?

A chionn is gurb iadsan na leaganacha chuireadh síos dóibh ar léirscálacha san chéadnithe, a d'fhág a "oifigiúlacht" leo.

>>>Feileann sé don aigne Éireannach an locht a leagan ar Rialtas na Breataine faoi bhéarlú na logainmneacha Gaeilge sa 19ú aois, ach feictear domsa go bhfuil an míniú sin róshimplí. Nárbh é Rialtas na Breataine céanna a bhí taobh thiar den obair léarscáile in Albain?

Feileann sé don aigne Éireannach an locht a leagan ar Chomhairle Chondae na Gaillmhe faoi bhéarlú na logainmneacha Gaeilge sa 21ú aois, is dócha. Nach bhfuil cead aighnis agus béal beo ag na daoine a fhualaíonn éagóir, nó an chuma leo?

>>> Is deacair dom a chreidiúnt gur ordaíodh don dream a bhí ag plé le logainmneacha in Éirinn, gan feidhm a bhaint as logainmeacha i nGaeilge in aon chás agus gur ceadaíodh glacadh in Albain leis an leagan Ghaeilge go fairsing? An bhfuil fianaise ann gur dúradh leis an saineolaí ar na logainmneacha, a bhí fostaithe ag an Suirbhéireacht Ordanáis, John O Donovan, nach bhféadfadh sé an leagan Ghaeilge a úsáid, nó an amhlaidh gur shocraigh O Donovan gur mar sin a bheadh?

B'fhéidir gur den spéisiúlacht do dheacracht creidiúna, ach b'fhearr liomsa dá ndéanfá rud beag taighde a bheadh bun leis roimh teacht chugainn le d'ábhar ghearáin. Nach díol spéise cé mar a shocraigh siad ar na leaganacha "oifigiúla"?
Mon, 03 Sep 2012 13:13:26 GMT