E. ó SeoFocanIontach.com
Mon, 24 Oct 2011 01:57:13 GMT Annie Bheag http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Maith dom é ach níl mé ach i ndiaidh teacht isteach ar an díospóireacht. Bhí mé thar lear ag crú na gréine agus níor léigh mé an t-alt. Chuaigh mé isteach i mblag Chonchubhair srl le breis eolais a fháil. Ó mo thaighde (mall!) is féidir liom a rá go bhfuil dul amú ar an iriseoir. Níl blagadóireacht na Gaeilge marbh ach measaim go bhfuil sé na speacha deireanacha.
Fri, 23 Sep 2011 18:53:01 GMT Greavsie http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Ní chreidim go bhfuil 'iriseoirí' agus 'blagadóirí' na GAeilge fós ag plé leis an amaidí seo. Nach bhfuil scéal níos tábhachtaí ná seo sa phobalbhreith ina bhfuil na céadta de na nut jobs a léann Beo ag rá nach bhfuil an domhan níos fearr as ó thit fallaí Bheirlin. OMG
Thu, 15 Sep 2011 08:30:26 GMT Tiarnán De Hál http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments A Bhreandáin, a chara,
Molaim do mhisneach, agus d'alt!
Is trua, áfach, go n-aithníonn tú easnamh i gclúdach na mblagadóirí deonacha do cheist áirithe, ach go bhfuil an chosúlacht ar chúrsaí nach n-aithníonn tú aon easnamh i measc do chomhghleacaithe gairmiúla i TG4 do cheisteanna atá gaolta leis?
Tá bearna ollmhór sa phlé a bhaineann le ceist mí-úsáid leanaí sna meáin trí mheán na Gaeilge i gcoitinne, bíodh sin sna nuachtáin, ar an raidió, nó ar na cláir chúrsaí reatha ar an teilifís, ach n’fheadar an ar na blagadóirí atá an dualgas chun an bhearna seo a líonadh?
Is cinnte go bhfuil dul chun cinn áirithe ar cheisteanna a bhaineann leis an ábhar seo déanta ag Nuacht TG4, mar shampla, le cúpla bliain anuas, agus is maith ann an dul chun cinn sin. Ach tá go leor dul chun cinn breise le déanamh fós, agus ceisteanna eile le cur, agus is ceisteanna iad a bhaineann linn go léir.
Tá sé nádúrtha go rachadh imeachtaí i do cheantar dúchais i nGaoth Dobhair i bhfeidhm ort níos mó ná mar a rachadh siad i bhfeidhm ar dhaoine nach raibh lonnaithe sa cheantar riamh, agus ní nach ionadh, mar sin, go ndéantar trácht d’eachtraí faoi leith ann i d’alt. Ach tá ceisteanna náisiúnta ann, agus mar sin tá plé ar bhonn náisiúnta de dhíth.
Tuigim go bhfuil freagracht rialta ort i leith an chláir “7 Lá”. Nach mbeadh sé ciallmhar duit plé a éascú ar an gclár sin i leith na gceisteanna seo? Seachas a bheith ag fáil lochtanna ar na blaganna agus na blagadóirí? Táim cinnte go dtabharfadh a leithéid de phlé údar mhisnigh dúinn go léir, go rachadh sé ar ár leasa, agus go mbeadh ábhar léitheoireachta agus scríbhneoireachta fiúntacha ar fáil go flúirseach dúinn ina dhiaidh.
Molaim thú! Gabhaim buíochas leat arís! Agus guím gach rath ort i gcónaí agus tú i mbun do cheird!!
Tue, 13 Sep 2011 12:42:06 GMT Sylvia http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments An-taighde a Sheán P. QED
Mon, 12 Sep 2011 17:44:59 GMT Seán P http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments An-spéisiúil. Go raibh maith agat a Chonchubhar agus go n-éirí le do streachailt!
Mon, 12 Sep 2011 15:07:47 GMT Concubhar http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Léiríonn sin go leor, a Sheáin, don t-é ar mhaith leis léargas a fháil. Tá orm dul trathnóna agus na blaganna diomhaion a bhaint den rolla....
Tá cúiseanna áirithe go bhfuil cuid acu imithe - mar shampla, ba cheann liom féin é XXL2L agus bhain sé le cúrsaí meachan a chailliúint. D'eirigh liom méid áirithe a chaillliúint, thugas suas an blag, chuir mé suas arís é, chaill mé arís é....ar aon nós táim fós gafa sa streachailt chéanna ach nílim ag blagáil faoi.
An Druma Mór - tá sé sin anois bogtha go dtí Nuacht 24 agus níl aon 'bhlagadóireacht' ar bun ag Eoghan, iriseoireacht ar líne agus de atá ar bun aige.
Maidir le Glór Mhic Airt - Niall Ó Donnghaile tofa ina Ard Mhéara ar Bhéal Feirste! Is dócha go bhfuil baint aige sin leis an tost.
Máirtín Ó Muilleoir tofa ina chomhairleoir cathrach i mBF, ag feachtasú ó mhí na Samhna agus blag nua aige, newbelfast.com.
Gael Gan Náire: Ag obair ag nuachtán Ghaeilge.
Garraí Johnny Mhorgan, cúrsaí foilsitheoireachta.
Mon, 12 Sep 2011 14:53:06 GMT Seán P http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Leis an díospóireacht a bhogadh ar aghaidh do rinneas staidéar ar an bhlagroll ar bhlag Chonchubhair leis an buncheist atá san alt seo a fhreagairt. Chaithfinn a rá go raibh iontas orm.
Cuairt na Cruinne in 80 Bliain ((iontráil deireanach ar an 17 Márta, 2010)
Ceapaim go bhfuil ceann Gaeilge an Irish Times díomhaoin freisin.
Ní mé cad a dheireann an t-eolas seo faoi bhlagoireacht na Gaeilge agus an bhfuil sé i gcré na cille nó nach bhfuil. Is cinnte go bhfuil roinnt blaganna gníomhach agus cinn eile nach bhfuil.
Mon, 12 Sep 2011 11:35:37 GMT Sise Áine http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments A eagarthóir dhíl. Make it stop. PLEASE
Sun, 11 Sep 2011 18:18:29 GMT An Cainteoir Dóchais http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments 51 freagra go dtí seo, bhabh. Is léir gur chuir an t-alt an seo bior sa bheo d'an-chuid daoine!
Sat, 10 Sep 2011 22:53:57 GMT Sinéad Ní Bheoláin http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Tá col orm bheith sa díospóireacht seo anois ach go háirithe nuair is ar éigean go bhfuil gach duine ann gan ainm.
Ba mhaith liom rá ní dhearna mise iarracht blagadóireacht na Gaeilge a chosaint agus ní féidir cur i mo leith go raibheas cosantach ar shlí ar bith.
Domsa ní hionann iriseoireacht le blagadóireacht agus seo roinnt dos na blaganna a leanaim i mBéarla,
Tá na blaganna a luaim thuas go léir pearsanta mar go mbaineann siad le duine amháin agus iad i mbun caitheamh aimsire agus anuas air sin mar nach ionann príobháideach agus pearsanta.
Táim cinnte go bhfuil a leithéidí ar fáil i nGaeilge. Cuireann an sliocht seo le Beo isteach go mór orm mar go léiríonn sé drochchaighdéan iriseoireachta na Gaeilge domsa i láthair na huaire.
Sat, 10 Sep 2011 11:08:32 GMT M Ní Fh http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Ní fhreagraíonn sé sin an ceist a chur mé
Fri, 09 Sep 2011 10:52:02 GMT Concubhar http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Caitheamh aimsire atá sa bhlagadóireacht seachas dualgas. Is cuid den bhlagadóireacht an diospóireacht a bhionn agat le daoine eile a thugann freagra ar do thuairim. Is féidir leat trachtaireacht a thabhairt air mas maith leat ach bionn trachtairí ceangailte le conspóidí an lae. Níl aon cheangal ar an mblagadóir maidir le h-ábhar.
Fri, 09 Sep 2011 10:18:26 GMT CNC http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments A cholúnaithe Beo agus a bhlagadóirí uaisle. An bhfuil seans go roghnódh sibh caitheamh aimsire níos fearr ar nós an pheil. Bainigí triail as: tá sé níos sláintiúla ná a bheith suite os comhair ríamhire
Fri, 09 Sep 2011 10:18:16 GMT aonghus http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments > An bhfuil éinne ag cínlínteoireacht nó an spléach ar fad atáir ar web log
> chuncur sios bhur gcuid tuairimí fánacha laethúil.
D'fhreagair mé do cheist, ag léiriú cén fáth gur fearr liom an focal ársa blag cheana:
Fri, 09 Sep 2011 08:36:28 GMT Rossa Ó Snodaigh http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments An bhfuil éinne ag cínlínteoireacht nó an spléach ar fad atáir ar web log chuncur sios bhur gcuid tuairimí fánacha laethúil.
Fri, 09 Sep 2011 00:46:35 GMT Aonghus Ó hAlmhain http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Cuid a II de mo fhreagra:
Thu, 08 Sep 2011 22:40:35 GMT M Ní Fh http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Is iar-mhacléinn de chuid UCD mé agus is cuimhin liom an ionsaí a rinne Conchubhar ina bhlag ar sheimineár faoin iriseoireacht a d'eagraigh muid anuraidh. Choinigh mé an mhéid a dúirt sé ar mo ríomhaire. Scríobh se: "Easnamh eile ar chlár an tseimineáir seo, ar ndóigh, nach bhfuil tagairt dá laghad ann do na nuamheáin Ghaeilge – na blaganna, na suíomhanna nuachta(nuacht24 mar shampla) is tionchar ‘Facebook’ is ‘twitter’ ar an earnáil.' Bhí sé ag caitheamh anuas orainn mar nár phléamar na blaganna Gaeilge ins an seiminear iriseoireachta agus anois tá sé ag abair nach iriseoireacht a bhíonn ar siúl sna blaganna. Tá mearúil orm
Thu, 08 Sep 2011 19:56:07 GMT Seán P. http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Freagra maith. Go raibh maith agat a Aonghuis
Thu, 08 Sep 2011 16:42:18 GMT aonghus http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments > Ceist dháiríre a Aonghuis agus a Chonchubhair. An rud pearsanta é blag
> nuair a chuirtear ós cóir an tsaol é?
> An mbéadh sé cruinn a rá gur
> tráchtaireacht a bhí ar bun agaibh. Más ea nach gné den iriseoireacht é
> tráchtaireacht?
Thu, 08 Sep 2011 16:36:15 GMT Seán P. http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Ps. Is ceisteanna dáiríre iad siúd seachas an feannadh pearsanta atá déanta ag Greavsie. Ná tabharaigí aird ar bith air nó uirthi.
Thu, 08 Sep 2011 15:23:57 GMT Seán P. http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Ceist dháiríre a Aonghuis agus a Chonchubhair. An rud pearsanta é blag nuair a chuirtear ós cóir an tsaol é? Caithfidh go bhfuil sé difriúil ó chaithimh aimsirí eile mar go bhfoilsítear é le go léifeadh daoine é. Mar sin níl sé pearsanta ach poiblí. Caithfidh go bhfuil cúis go bhfuil tú ag nochtadh do tuairim don saol mór. An mbéadh sé cruinn a rá gur tráchtaireacht a bhí ar bun agaibh. Más ea nach gné den iriseoireacht é tráchtaireacht?
Thu, 08 Sep 2011 15:22:00 GMT Sylvia http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Sílim gur ball den 'An Lucht Sclaimhe' é Greavsie
Thu, 08 Sep 2011 13:53:52 GMT aonghus http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments > Is ea a Aonghus. Do léas freagra Neidí agus bhí sé go maith.
> Who wants to know?
Ní iriseoir blagadóir! Rud pearsanta is ea blag; is féidir ach ní gá comhrá a bheith ann; smaointe fánacha an bhlagadóra. Níl tú ag íoc as; níl an blagadóir ag éileamh aon ní ort. Más mian leat léamh, léigh. Mura mian, tá neart áit eile san idirlíon!
Thar rud ar bith eile, níl aon dualgas ar bhlagadóir maidir le cén ábhar a tharraingíonn sé chuige féin - caitheamh aimsire atá ann, tar éis an tsaoil!
Thu, 08 Sep 2011 11:31:35 GMT Concubhar http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Greavsie bocht, tá tú fós caillte i do dhomhan bheag féin. Agus a Pháid, níl aon fhonn ormsa scéal mór a 'bhriseadh' nó fiú é a thabhairt chun solais. Ní sin gnó an bhlagadóra. Sin gnó na n-iriseoirí atá faoi gach poll i gCois Fharraige agus suas gach crann ag feitheamh le treoir faoi céard atá le h-aimsiú ann.
Thu, 08 Sep 2011 11:21:52 GMT Greavsie http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Is ea a Aonghus. Do léas freagra Neidí agus bhí sé go maith. Níor cheart go mbeadh sé ag scriobh faoi rudaí nach mbaineann leis ach arais arís is beag suim atá agam i gcóisir bhreithlá a mháthair (61!) ná go raibh Neidí ar meisce. Who wants to know?
Thu, 08 Sep 2011 09:44:07 GMT Páid Ó Donnchú http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Greavsie, is maith liom do líne faoi Marco Tardelli -'he's responsible for more scar tissue than the surgeons at Harefield Hospital' ach, i ndáiríre, an bhfuil tú ruainne beag as do zón chompóirt anseo? :-)
Wed, 07 Sep 2011 14:45:59 GMT Páid Ó Donnchú http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Is cara pearsanta liom Breandán. Creidim go bhfuil an díospóireacht seo thar cíonn ar go leor bealaí, agus tá mé ag ceapadh go bhfuil ceisteanna ardaithe gurbh fhiú machnamh a dhéanamh air. Ach, caithfear a rá cé go bhfuil i bhfad Éirinn níos mó le léamh, le cloisteáil agus le breathnú air as Gaeilge anois ná ariamh, tá sé fíor-dheacair SCÉAL a aimsiú. Cén uair a dhearanaí a bhris iriseoir nó blagadóir na Gaeilge scéal mór? Agus tá níos mó iriseoirí Gaeilge ann ná ariamh. Tá iriseoir anois i mbeagnach gach baile i gCois Fharraige ach níl SCÉAL ar bith idir an 'whole lot' acu! Chun é seo a dhéanamh, ní mhór duine eicínt atá ag ceilt na fírinne a chuir trína chéile scaití.An bhfuil misneach ag na hiriseoirí seo? Creidim féin go bhfuil an iomarca ateangaireacht, athscríobh agus tuairimíocht ann....ach má tá mé ag iarradh fáil amach céard atá ag tarlú ar an talamh, caithfidh mé ag dul i dtreo na meáin Béarla.
Wed, 07 Sep 2011 14:42:52 GMT Greavsie http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Éist anois a chlann! Fad is atá saddos mar Conchubhar agus C Ó L agus Aonghus ag plé alt leibideach a scrígh iriseoir leadránach tá sibh ag missáil an fíor scéal ie go bhfuil na geailt a léann Beo ag vótáil 2:1 nach bhfuil an saol níos fearr ó thit fallaí Bheirlin!!!! Anois inis dom cad a déarann sé sin faoi na daoine a léann Beo?
Wed, 07 Sep 2011 14:40:15 GMT Concubhar http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Is dócha go bhfuil an cheart agat, Sylvia, tá cosantacht le sonrú san alt seo, an cineál cosantachta céanna a bhionn le sonrú i measc Gaeil nuair a deirtear go bhfuil an teanga marbh! Ní doigh liom gur féidir le Breandán bheith ag caitheamh anuas ar easpa trachtaireachta na mblagadóirí ar an gcás bréan i dTír Chonaill nuair nach raibh Nuacht TG4 - nó fiú Beo - ag déanamh an oiread faoi ach chomh beag. Tá réimse meáin chumarsáide na Gaeilge ana chúng - agus níl aon ábhar 'cutting edge' ar siúl in earnáil ar bith - cló, caint, teilifís nó ar líne - ar éigean. Deinimse corr phíosa anois is arís ar mo bhlag féin agus cáintear mé as ucht cúrsaí gramadaí! Ar aon nós táim cinnte go bhfuil Breandán go brea sásta leis an ndíospóireacht seo a spreag a alt - ní fhaca mé diospóireacht mar é le tamall - ach táim cinnte freisin go bhfuil an íonsaí seo fréamhaithe sa sean fhocal: Pota, citeal, dubh.
Wed, 07 Sep 2011 14:14:10 GMT aonghus http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments >Más fíor nách raibh tada ráite faoin gcás bréan sin i nDún na nGall, ní fiú tráithín a gcuid >tráchtaireachta.
Cad chuige a scríobhadh mise rud éigin faoi cás nach bhfuil d'eolas agam faoi ach an méid a léim sna nuachtáin? Ní bheadh fiú luach tráithnín leis an méid a bheadh le rá agam faoi!
Ní cosantach atáimid ach ag easaontú leis an téis; tá míthuiscint bunúsach san alt faoi cad is blagadóireacht ann, agus go deimhin cad is iriseoireacht an saoránaigh.
Wed, 07 Sep 2011 11:39:44 GMT Sylvia http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Tá na postálacha seo an-chosantach, dar liom. Má léim an t-alt i gceart níl Breandán ag rá nach bhfuil blagadóirí Gaelainne ar bith fágtha ach nach bhfuil siad i mbarr a gcluiche. Más fíor nách raibh tada ráite faoin gcás bréan sin i nDún na nGall, ní fiú tráithín a gcuid tráchtaireachta. Níl siad ag scríobh fés na rudaí atá 'cutting edge.' Tá an ceart chomh maith ag Omar agus ag Aonghus, áfach - caithfidh Breandán páirt a ghlacadh sa díospóireacht seo. Cá bhfuil tú? Níl aon ghá go mbéadh eagla ort....
Wed, 07 Sep 2011 09:26:22 GMT Concubhar http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Tá sé deacair idirdhealú a dhéanamh idir iriseoireacht agus fíor iriseoireacht na laethannta seo. Ní féidir talamh tirim a dhéanamh de rud direach mar go bhfuil sé scríte ar phaipéar nó craolta 'ar an aer'. Tabhair faoi ndeara an anailís atá déanta ar phíosa amháin iriseoireachta ar an mblag iGaeilge.
Tue, 06 Sep 2011 14:46:46 GMT Sinéad Ní Bheoláin http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Dúilleach tá sé aisteach nach bhfuil nuair a chuireann tú ord eile ar abairtí duine go n-athraíonn an brí beagnach ach go raibh maith agat bhíos ag iarraidh go luafaidh duine Tom McMaster.
Ní raibh mise ag maíomh go hionann blagadóireacht is iriseoireacht an tsaoránaigh ach Breandán Dunlap a bhí. Bhíos ag maíomh nár thuig sé céard go baileach iriseoireacht an tsaoránaigh agus é den tuairim go raibh gá leis le déanaí chun scéal a bhí ag na méain cheana féin a chluidiú. Lena chois sin déanann sé iriseoirí gairmiúla a liostáil.
Nuair a roghnaigh meáin na hÉireann gan scéal brónach Rachel Peavoy a chluidiú, d'úsaid cosmhuintir na hÉireann twitter, facebook agus blaganna chun a gcuid feirge a léiriú agus ansin bhí sé ar Liveline agus ansin 6.01 agus seo sampla beag d'iriseoireacht an tsaoránaigh. N'fheadar an féidir iriseoireacht an tsaoránaigh a thabhairt ar Liveline? Mar ní rud nua é iriseoireacht an tsaoránaigh ach smaoinigí bhí Etty Hillesum á dhéanamh le linn an dara chogaidh domhanda.
Ach le teacht an ríomhaire tá sé thar a bheith éasca é a dhéanamh agus tá gach duine i mbun is nuair a tharlaíonn eachtra (slad, crith talún) tagann borradh as cuimse faoin iriseoireacht an tsaoránaigh. Nuair a tharlaíonn sé seo, bíonn sé ar chumas sáririseora teacht ar an eolas agus cead a lorg é a úsáid nó an duine a chur faoi agallamh ach mar a thuigim féin ón alt seo, ní thuigeann Dunlap fiú go díreach céard atá ann agus mar sin an fiú díospóireacht a bheith againn ar bhlagadóireacht, nuair atá géarghá ceann a bheith againn maidir le hiriseoireacht ghairmiúil na Gaeilge.
Tá neart le léamh i mblaganna i ngach teanga agus daoine ag scríobh mar go mbainneann siad taitneamh as agus ní haon eisceacht blaganna na Gaeilge agus iad beo beathach. Téigh chuig liosta Aonghuis chun é seo a fheiscint. Ach ná bí ag súil le hiriseoireacht ann!
Tue, 06 Sep 2011 12:55:19 GMT aonghus http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments > Cad faoin Leisbiach i Syria a bhain clú agus cáil amach di féin ar fud na
> cruinne agus a rinne Al Jazeera agus BBC World Service agus nuachtáin móra
> an domhain tagairt di go minic? An cuimhin libh í? Fuaireas amach gur fear
> i nDún Éidean a bhí a scríobh. LOL.
Agus is deá iriseoirí & blagadóirí, a chuaigh go bun an scéil úd a nocht an bhfíric úd. (Agus gurbh fear a bhí ina "ríomh-leannán" chomh maith! )
Tue, 06 Sep 2011 11:40:55 GMT An Cainteoir Dóchais http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Alt spéisiúil. Chuir sé i gcuimhne dom go bhfuil cuma na ballóige ag teacht ar mo bhlag féin agus é tréigthe agam le roinnt míonna anuas. Is é an 'real life' a thagann idir mé agus an scríbhneoireacht.
Tue, 06 Sep 2011 10:42:35 GMT An Dúilleach http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Deir Sinéad go bhfuil 'eagla ar drochiriseoir roimh iriseoireacht an tsaoránaigh mar go bhfuil na daoine seo in ann a scéal féin a insint agus tá siad i bhfad níos saoire ná hiad, ach iriseoir maith rachaidh sé i gcuardach ar an duine is fearr dóibh. Bhain blagadóir, innealtóir le Google, san Éigipt clú agus cáil amach dó féin ar fud na cruinne nuair a roghnaigh Al Jazeera agus BBC World é a chur faoi agallamh le linn na réabhlóide ann.'
Cad faoin Leisbiach i Syria a bhain clú agus cáil amach di féin ar fud na cruinne agus a rinne Al Jazeera agus BBC World Service agus nuachtáin móra an domhain tagairt di go minic? An cuimhin libh í? Fuaireas amach gur fear i nDún Éidean a bhí a scríobh. LOL. A fhad is a leanann an díospóireacht seo tá mise den tuairim go bhfuil pointe maith déanta ag Beo
Tue, 06 Sep 2011 09:14:47 GMT Omar http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Tá sorry orm. Tá daoine eile in easnamh ón díospóireacht freisin. An bhfuil aon rud le rá ag na daoine a d'éirigh as an mblagadóireacht?
Tue, 06 Sep 2011 09:08:51 GMT Mise Áine http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Bhabha! Na nithe a tharlaíonn agus duine ar laethanta saoire...
Mon, 05 Sep 2011 22:32:46 GMT Aonghus Ó hAlmhain http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments >. An bhfuil 'shoot the messengerachas' ag baint le cuid den
> bhfearg anseo?
Cén fearg? Ní ionann bheith ar malairt tuairime agus fearg!
Mon, 05 Sep 2011 19:23:51 GMT Omar http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Má táim ag léamh na dteachtaireachtaí seo i gceart deir Alastair Hijmans gur éirigh sé as de dheasca nach raibh sé ag fáil luach saothair ar bith as. An bhfuil an ceart agam é sin a rá? Freisin deir an scríbhneoir go bhfuil na blaganna Gaeilge gur fiú iad a léamh 'tearc go maith.' I gcead dó, níl sé ag rá nach bhfuileadar ann ach gur beag a líon. N'fheadar an bhfuil an ceart aige ach gan dabht ta díospóireacht tosaithe aige a léiríonn domsa ar aon chuma nach bhfuil an bhlagadóireacht marbh. Is deas liom leis nach bhfuil beo marbh. Tá duine amháin in easnamh sa díospóireacht seo, áfach. Cá bhfuileann tú a Bhreandáin? Canathaobh an tost?
Mon, 05 Sep 2011 16:17:00 GMT An Dúilleach http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Tá pointe maith déanta measaim. Iriseoirí gairmiúla a bhí i mbun go leor de na blogs atá luaite aige: Garraí Johnny Mhorgan, iGaeilge, An Druma Mór, an tImeall, Dónal na Gealaí, Blag Mháirtín Uí Mhuilleoir, blog na Gaeilge srl. An bhfuil 'shoot the messengerachas' ag baint le cuid den bhfearg anseo?
Mon, 05 Sep 2011 15:44:45 GMT Concubhar http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Dála an scéil, tá liosta na mblaganna ar 'Lucht Blagála' go h-iomlán as dáta!
Mon, 05 Sep 2011 12:17:27 GMT Concubhar http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Tá go leor ráite ansan ag Sinéad chun léargas soiléir a thabhairt don iriseoir gairmiúil is lú tuisceana a chur ar an eolas faoin chiall cheart atá le h-iriseoireacht an tsaoránaigh - agus ní h-ionann sin go díreach is blagadóireacht. Ach is cinnte go bhfuil eagla craicinn ar na h-iriseoirí 'gairmiúla' sna meáin stairiúla (ní dhéarfaidh mé traidisiúnta!) roimh an bealach a bhaineann an phobal úsáid as an idirlíon mar an chéad fhoinse eolais.
Mon, 05 Sep 2011 11:59:04 GMT Sinéad Ní Bheoláin http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Ní dóigh liom go bhfuil deireadh leis an díospóireacht seo. Is iriseoir gairmiúil é Breandán Delap agus é i gceannas ar an nuacht agus ní thuigeann sé go díreach céard is iriseoireacht an tsaoránaigh.Ní bhíonn luach saothair i gceist leis agus ní bhíonn iriseoirí gairmiúla á dhéanamh.
Tá eagla ar drochiriseoir roimh iriseoireacht an tsaoránaigh mar go bhfuil na daoine seo in ann a scéal féin a insint agus tá siad i bhfad níos saoire ná hiad, ach iriseoir maith rachaidh sé i gcuardach ar an duine is fearr dóibh. Bhain blagadóir, innealtóir le Google, san Éigipt clú agus cáil amach dó féin ar fud na cruinne nuair a roghnaigh Al Jazeera agus BBC World é a chur faoi agallamh le linn na réabhlóide ann.
Má tharlaíonn eachtra mór anseo, beidh cinnte daoine ag cur na ngrianghraf acu ar líne is ag tuairimíocht faoi ach nílim cinnte an tabharfaí sáririseoirí gairmiúla na Gaeilge (mar dhea) iad fiú faoi deara mar ní gá dóibh beith go maith agus mar léir ón alt seafóideach seo agus freagraí ó bheirt iriseoir níleadar.
Ní bhraitheann a gcuid íocaíochta ar fhógraí agus ar chustaiméirí ach ar dheontais ón rialtas agus tá drochchaighdeán i láthair na huaire in iriseoireacht ghairmiúil na Gaeilge de dheasca. Céard is féidir linn déanamh faoi?
Agus dála an scéil ní léim féin riamh Beo ach amháin mar cuireann an blagadóir Aonghus Ó hAlmhain mé ar an eolas faoi alt fiúntach ann. Faraor an babhta seo ní alt fiúntach a bhí ann ach díreach iriseoir eile gan taighde cuí déanta aige.
Mon, 05 Sep 2011 11:14:57 GMT Dubhaltach http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Ní thuigim an chodarsnacht á déanamh agat, a Bhreandáin, idir bhlagadóireacht agus iriseoireacht?
Bhíos den tuairim gur dualgas an iriseora a bheith ag fiosrú scéalta nua agus á dtuairisciú.
Níl dualgas ar bith ar an bhlagadóir. Is ionann blagadóireacht agus breacadh agus roinnt smaointe le blagadóirí is léitheoirí eile. Níl éinne ag lorg "luach saothair", is é an scríbhneoireacht féin an "luach saothair" is mó le fáil uaidh.
An é go bhfuil iriseoireacht na Gaeilge, agus iriseoireacht i gcoitinne, chomh lag sin sa lá atá inniu ann nach bhfuil difríocht idir "iriseoireacht" agus tuairimíocht dhuine. Mar sin bheadh codarsnacht le déanamh idir an dá mhodh tuairimíochta. An é sin atá i gceist agat?
Sun, 04 Sep 2011 14:53:43 GMT Harpic http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Sin é tá deireadh leis an díospóireacht seo. Táimid ar fad ar aon tuairim gur alt seafóideach é seo agus nach ndearna tú aon taighde sular scríobh tú é. Píog umhal le do thoil a bhreandáin
Sun, 04 Sep 2011 09:54:07 GMT C Ó L http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Bhuel is léir anois nach bhfuil muid marbh mar a dúradh. ' Rumours of my death srl' Do léas freagraí Chonchubhair agus Aonghus ar Bhreandán agus dáiríre tá siad an-mhaith. Nára laga Dia bhur lámha! Ba mhaith liom an pointe a dhéanamh go soiléir arís nach ar mhaithe le híocaíocht a bhíonn mo leithéidse ag scríobh ar an idirlíon. Tá súil agam gur mar sin a bheidh cúrsaí go deo. Maidir leis an alt fhéin is fearr ann ná as é mar ar a laghad chur sé ag machnamh mé.
Sun, 04 Sep 2011 09:51:24 GMT Aonghus Ó hAlmhain http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments > (B) Ní aontaím le
> hAonghus, áfach, faoi Nuacht 24. Seirbhís an-mhaith atá ann ach ní
> fhéadfaí blag a thabhairt air.
Luaigh Breandán an Druma Mór, an blag a bhí ag Eoghan Ó Neill sular chuir sé (agus daoine eile) tús le Nuacht24. Sin an fáth gur luaigh mé é.
Bheadh sé deacair sainmhíniú a thabhairt ar bhlag pé scéal é!
Nach ait go dtagann na blaganna i nGaeilge chun beatha nuair a maítear iad a bheith marbh. Amhail Mark Twain is dócha.
Sat, 03 Sep 2011 19:24:04 GMT Alex Hijmans http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Mar a deir Breandán: easpa luach saothair an chúis is mó.
Sat, 03 Sep 2011 12:11:00 GMT Roibeard 'LA' Keane http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments 'Ghlacas sos le linn an tSamhraidh' a deir Conchubhar ach nach sin é go díreach a bhí i gceist: níor ghlac Gaelscéal ná The Irish Times sos nuair a bhí an cás a luaigh Delap ina scanall agus lucht na Gaeilge 'running for cover'
Sat, 03 Sep 2011 11:24:40 GMT C Ó L http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Alt suimiúil dar liom agus molaim an t-údar as a chrógacht dul i ngleic leis na hionsaithe a dhéanfar air 'faoi sciath na ganfhiosaíochta' mar a deir sé fhéin. (Dála an scéil, bheinn fhéin ag scríobh faoi m'ainm fhéin tráth ach gur ionsaíodh go gránna mé.) Cúpla pointe: (A)tá an ceart ag Aonghus sa mhéid is go bhfuil níos mó i gceist leis an mblagadóireacht ná iriseoireacht - dul amú ar an údar faoi seo cheapfainn. (B) Ní aontaím le hAonghus, áfach, faoi Nuacht 24. Seirbhís an-mhaith atá ann ach ní fhéadfaí blag a thabhairt air. (C) Ní raibh mo leithéidse a bhíonn ag scríobh ar líne ag lorg airgid uaidh ariamh. Dá bhrí sin níl aon tionchar ag cúrsaí airgid leis an mheath a mheasann an t-údar atá tagtha ar an mblagadóireacht (más ann dó in aon chor). (D) Tá neart eile le rá agam faoi seo agus dála Aonghuis seans go scríobhfaidh mé imlitir a dó anseo go luath. Ba mhaith liom a rá, áfach, cé nach n-aontaím leis an alt seo go bhfuil ábhar maith smaointeoireachta ann agus gur chur sé ag smaoineamh mé.
Sat, 03 Sep 2011 10:42:13 GMT Concubhar http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Caint fánach é seo ag Breandán, ag iarraidh bearna a líonadh sa bhlagaisféar le maíomh go gceapann sé go bhfuil blagadóireacht na Gaeilge imithe le sruth. Seans go bhfuil roinnt suíomhanna nach bhfuil chomh 'Beo' is a bhíodh siad - ach ní mór do Bhreandán a thuiscint gur caitheamh aimsire é an blagadóireacht chomh fada is a bhaineann sé liom. Ní post é. Tá caithimh aimisre eile agam freisin. Bím ag blagadóireacht nuair a ritheann sé liom bheith ag blagadóireacht - ní bhím nuair nach ritheann sé liom. Ghlacas sos le linn an tSamhraidh - ach anois táim ar ais....ní féidir liom labhairt ar son dhaoine eile.
Ar son Dé, ná lig don Fhoras aon láimh a chur in aice leis an mblagadóireacht. Más bocht suarach atáim agus mo leithéid, ar a laghad tá meas éigean againn ar an rud a dheinimíd. Tá treascairt déanta ag Foras na Gaeilge ar iriseoireacht na Gaeilge roimhe seo....ná ligtear leo amhlaidh a dhéanamh leis an mblagadóíreacht. Agus, sea, ní h-ionann an dhá rud. Tá srianta ar iriseoirí de bharr a gcuid pá-máistrí a bheith ag cur srianta orthu. Bionn orthu bheith 'oibiachtúil'.....anois sin údar grinn!
Sat, 03 Sep 2011 10:28:26 GMT Huflungdung http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Níos mó ná mar a bhíonn ag Beo!
Sat, 03 Sep 2011 10:18:52 GMT Aonghus Ó hAlmhain http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Tá sé i gceist agam freagra níos cuimsithí a scríobh ar mo bhlag!
Ach cúpla rud anois: Ní thuigim conas nach luaitear Nuacht24 san alt - foinse nuachta atá ar a laghad chomh fiúntach le Gaelscéal.
Bíonn dosaen nó níos mó mír nua gach lá air.
Sat, 03 Sep 2011 09:58:12 GMT Harpic http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Ráiméis! Cén ghaolainn atá agaibh ar smug?
Sat, 03 Sep 2011 09:24:36 GMT Aonghus Ó hAlmhain http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Sin ráite, níor amharc mé orm fhéin riamh mar iriseoir; is leithne ná sin réimse na blagadóireachta
Fri, 02 Sep 2011 21:30:00 GMT Aonghus Ó hAlmhain http://www.beo.ie/alt-blagadoireacht-na-gaeilge-rip.aspx#comments Níl muid imithe, bhíodh fhios agat!
Fri, 02 Sep 2011 21:05:07 GMT