Beo! (freagraí ar: Eolaithe Óga agus Nithe Eile) http://www.beo.ie/alt-eolaithe-oga-agus-nithe-eile.aspx#comments Tá go leor le foghlaim i gcúrsaí spóirt ó shaol na heolaíochta. Mar is eol do Cholm Mac Séalaigh óna thaithí féin agus ó bheith ag éisteacht le réiteoirí, caithfear an t-iompar ar pháirc na himeartha a athrú chun feabhais. ga Cóipcheart Oideas Gael. Mon, 07 Feb 2011 15:59:21 GMT http://www.beo.ie/logo.gif Beo! http://www.beo.ie/ Seosamh Mac Muirí http://www.beo.ie/alt-eolaithe-oga-agus-nithe-eile.aspx#comments An-ráite a Dháithí, grmma.<br /> Mon, 07 Feb 2011 15:59:21 GMT Dáithí Ó hAimheirgín http://www.beo.ie/alt-eolaithe-oga-agus-nithe-eile.aspx#comments Thaithin an t-alt seo liom ach sílim go bhfuil Colm píosa beag dian ar BT atá i mbun urraíochta ar an dTaispeántas le 12 bhliain anuas. Ní dóigh liom go bhfaca sé an lámhleabhar a bhí ar fáil ag an RDS le linn an Taispeántais. Tá réamhrá ann ón bPríomhfheidhmeanach atá i nGaielge chomh maith leis an mBéarla (agus déantar an t-aistriúchán go h-inmheánach taobh istigh d'fhoireann BT). Anuas ar sin, déanann unlabhraí ó BT agallamh faoin Taispeántas le Raidio na Gaeltachta 'chuile bhliain (i mbliana craoladh an t-agallamh ar Glór Anoir ar an Déardaoin, 13ú Eanáir). Seirbhís eile a chuireann BT ar fáil ná tionlachan thart ar an Taispeántas do pholatóirí agus VIPs eile i nGaeilge. Arís, is daoine ó BT féin a sholátharaíonn an tseirbhís seo.<br />Pointe tábhachtach eile ná go bhfuil an Taispeántas dírithe ar scoilleanna sa tuaisceart chomh maith leis an deisceart, agus tá líon na scoileann ó thuaidh a bhíonn ag glacadh páirte ag dul i méid le blianta beaga anuas, agus tá BT chun tosaigh sa bhfeachtas chun an líon sin a ardú níos mó.<br />Agus mar fhocal scoir, tá BT eagraithe mar chomhlacht amháin, ó thuadh agus ó dheas agus d'fhéadfá a rá go bhfuil "Eire Aontaithe" bainte amach acu cheanna féin!<br /> Mon, 07 Feb 2011 13:25:08 GMT