Beo! (freagraí ar: Ceist na hAontumhachta) http://www.beo.ie/alt-ceist-na-haontumhachta.aspx#comments Cíorann Ciarán Mac Aonghusa siocair na mí-úsáide laistigh den Eaglais Chaitliceach, gné na haontumhachta, gné is féidir a rianú i bhfad siar ach, gné nár thosaigh le tús na Críostaíochta mar sin féin. ga Cóipcheart Oideas Gael. Thu, 27 Jan 2011 21:35:35 GMT http://www.beo.ie/logo.gif Beo! http://www.beo.ie/ Fearn http://www.beo.ie/alt-ceist-na-haontumhachta.aspx#comments D'éirigh liom an t-alt iomlán a chur díom faoi dheireadh.
Fág mar a dúirt mé thuas, níl locht agam ar chorp an ailt.
Thu, 27 Jan 2011 21:35:35 GMT Harp http://www.beo.ie/alt-ceist-na-haontumhachta.aspx#comments Ar an taobh eile, vis-a-vis Tobmhéadú Daonra sa Tríú Domhan, b’fhearr go mbeadh gach aon duine ag cleachtadh aontumha ann!

A chairde Bono, Bill Gates, Warren Buffet, cuir bratacha ar foluain ar fud na háite:
Stop Screwing!! Stop Screwing!!
Wed, 26 Jan 2011 02:34:51 GMT Fearn http://www.beo.ie/alt-ceist-na-haontumhachta.aspx#comments > Is faoiseamh mór dom gur éiríos as bheith i mo Chaitliceach blianta ó shin

Go maire tú do nuaíocht......go buan!
Tue, 25 Jan 2011 00:43:16 GMT Gael thar lear http://www.beo.ie/alt-ceist-na-haontumhachta.aspx#comments Is faoiseamh mór dom gur éiríos as bheith i mo Chaitliceach blianta ó shin ...
Mon, 24 Jan 2011 23:56:36 GMT Fearn http://www.beo.ie/alt-ceist-na-haontumhachta.aspx#comments A Sheosaimh Mhic Mhuirí,

An chéad dhá alt ag tosú le " Foilsíodh i mí na Nollag......Eaglais Chaitliceach Rómhánach." a bhí i gceist agam leis an "seolaidh" .
Wed, 19 Jan 2011 20:30:09 GMT Seosamh Mac Muirí http://www.beo.ie/alt-ceist-na-haontumhachta.aspx#comments Níorbh é Ciarán a scríobh an réamhrá a Fhearn. Mise a scríobh.
Wed, 19 Jan 2011 09:37:10 GMT Fearn http://www.beo.ie/alt-ceist-na-haontumhachta.aspx#comments I dtús báire, a Chiaráin Mhic Aonghusa, is mór agam an dua a chuir tú ort freagra a chur suas anseo. Tá mé buíoch duit.
Tuigim ó ainm an ailt an t-ábhar a roghnaigh tú, ach chuir seoladh d'ailt .i. an tús, fiuchadh fola orm a dhall mé ó éifeacht chorp an ailt.
Ghoin sé m'aire cinnte, ach ghoin sé mé le dearcadh tuathallach gan bhun ar sciorr tú fhéin thart air le dul i mbun d'ábhair. Seo ábhar nach oireann an tsúil ghasta dó. Seo scanall na scanall. Tuigim, b'fhéidir nach raibh mísc sa seoladh seo agat, agus chuig ábhar eile a bhí tú; ach lig tú le tuiscint go raibh ceangal ann. Ní cheadaítear sin i ndea-iriseoireacht, gabhaim orm.
I gcead don Chairdinéal seo, mar is eol duit fhéin, ní hionann moladh agus dearbhú, ná aon rud eile.
Tá mí-úsáid páistí chomh dháiríre nach chóir caitheamh leis i slí éatrom go háirithe nuair a tá tú ina ainm dea-iriseoireachta.
Tugaim isteach do gach rud eile a scríobh tú i d'fhreagra cé nach ligeann seoladh d'ailtsa fós dom an fiuchadh fola a chur díom.

Beir bua
Tue, 18 Jan 2011 20:52:10 GMT Ciarán Mac Aonghusa http://www.beo.ie/alt-ceist-na-haontumhachta.aspx#comments Gach uair a tharraingtear aird ar mhí-úsáid ghnéis san Eaglais Chaitliceach, tarraingtear aird ar cheist na haontumhachta, faoi mar a rinne an Cairdinéal Christoph Schonborn, ard-easpaig na Víne nuair a mhol sé gur chóir scrúdú a dhéanamh ar thionchar na haontumhachta ar dhroch-iompar collaíoch na sagart. Séard a bhí uaimse ná cur síós a dhéanamh ar stair fhíor-speisiúil na haontumhachta féin, in áit an ceangal idir an aontumhacht agus an mhí-úsáid a phlé.

Ar eagla go bhfuil aon mhí-thuiscint ann ba mhaith liom an méid seo a shoiléiriú: is tuataí iad formhór mór na ndaoine a bhaineann mí-úsáid as paistí. Agus i measc na cléire féin, níl ach céadatán fíor-bheag a bhfuil aon cheangal acu leis na huafáis ghránna sna meáin. Is léir go bhfuil fadhb ar leith an an Eaglais Chaitliceach maidir le mí-úsáid áfach. Tá roinnt mhaith cúiseanna taobh thair de. Ina measc tá an dílseacht don institúid, agus don chliarlathas, an dearcadh i dtaobh thábhacht dhlíthe na tíre i gcoinne dlíthe canónta, agus deighilt idir an chléir is uaisle agus an sochaí go ginearálta.

An sagart nach dtig leis a mhóid i dtaobh na haontumhachta a chomhlíonadh, ní bhainfidh sé mí-úsáid as páiste: tosóidh sé caidreamh le bean, faoi mar a dhéanann chuile fhear eile. An té a bhfuil a chuid mothucháin trína chéile i dtaobh na collaíochta, áfach, agus is léir go bhfuil siad ann, tá ar a laghad seans ann, go m-amharcfadh sé ar an tsagartóíreacht mar ghairm bheatha, cionn is go roghnaíonn an sagart bealach ar leith nach luíonn leis na gnáth-nósanna. Ní déarfainn go bhfuil sé seo ar an phríomh-chúis a bhfuil a oiread sin deacrachtaí ag an Eaglais faoi láthair, ach bheinn den tuairim go bhfuil baint aige seo leis an scéal.
Mon, 17 Jan 2011 12:36:53 GMT Fearn http://www.beo.ie/alt-ceist-na-haontumhachta.aspx#comments Is dona liom go ndearna tú ceangal idir aontumhacht agus mí-úsáid páistí gan fhianaise, gan fhiricí impleachtacha nó deimhnithe ar an gceangal a maíonn tú bheith ann.
Tuige a gcreidfinn focal uaitsa ina dhiaidh sin, má tá tú ag tarraing conclúidí ón gaoth?
Mo náire thú mar iriseoir.
Thu, 13 Jan 2011 21:07:47 GMT