Beo! (freagraí ar: Béarla Éigeantach sa Státseirbhís) http://www.beo.ie/alt-bearla-eigeantach-sa-statseirbhis.aspx#comments Tá sé thar am dul i ngleic leis an easpa foirne le Gaeilge i Státchóras na tíre seo. Mura ndéantar é sin, is cur amú ama é don stát a bheith ag spreagadh daoine leis an teanga a fhoghlaim, dar le Breandán Delap.... ga Cóipcheart Oideas Gael. Thu, 30 Dec 2010 16:30:12 GMT http://www.beo.ie/logo.gif Beo! http://www.beo.ie/ Nollaig O Néill http://www.beo.ie/alt-bearla-eigeantach-sa-statseirbhis.aspx#comments I mo thuairim, tá na roinne éagsúla ag déanamh a ndícheall chun an ghaeilge a spreagadh agus a chur chun cinn sa Stáitseirbhís agus oibrím mar Stáitseirbhíseach - nach bhfuil an seandearcadh le sonrú anseo - gearán - gearán - gearán - tá meon dearfach ag teastáil anois - diriú ar na cainteoirí - an Ghaeilge a úsáid - agus a fháil ré le ochón agus ochón ó -
Nollaig O Néill
Thu, 30 Dec 2010 16:30:12 GMT Páid http://www.beo.ie/alt-bearla-eigeantach-sa-statseirbhis.aspx#comments > Nach léiríonn na staitisticí atá nochtaithe ag an gCoimisinéir Teanga gur
> in olcas atá rudaí ag dul ó ceapadh é agus sa chás sin cad is fiú
> Coimisinéir Teanga....

Is ea, tá an cheart agat a Chonchubar. Agus ó thosaigh an ceann blondie sin ag tabhairt amach tuar na haimsire ar TG4, ní bhfuair muid ach fuacht agus sneachta. Fáigh réidh lei in ainm Dé!
Wed, 29 Dec 2010 18:32:44 GMT Jeanie http://www.beo.ie/alt-bearla-eigeantach-sa-statseirbhis.aspx#comments Tá go leor eolais agus taighde san alt breá sin agus beidh sé úsáideach domsa mar mhacléinn i mo chuid staidéir. Go raibh maith agaibh
Thu, 16 Dec 2010 15:45:31 GMT Seán P. http://www.beo.ie/alt-bearla-eigeantach-sa-statseirbhis.aspx#comments Tá rian an tseanchórais le feiceáil a Thaidhgín i do chuid Gaeilge blasta, deascríofa. Is beag ball den státseirbhís a bheadh in ann a leithéid a scríobh nó a chur in iúl anois. Is mairg nach bhfuil níos mó daoine cosúil leatsa ann anois agus is mairg go bhfuil deireadh leis an tseanchóras
Tue, 14 Dec 2010 09:32:06 GMT Taidhgín http://www.beo.ie/alt-bearla-eigeantach-sa-statseirbhis.aspx#comments D'oibrigh mise sa Státseirbhís sna seascaidí - caoga bliain ó shin. Bhíodh orainn scrúdú cainte a dhéanamh i measc scrúdaithe eile leis an jab a fháil agus chaithfeá scrúdú cainte eile a dhéanamh taobh istigh de bhliain le taispeáint gur chuir tú feabhas ar do chuid Gaeilge i rith an ama sin. Chaithfeá a leithéid a dhéanamh arís agus arís eile dá mba mhian leat dul chun cinn ó ghrád go grád. Bhí roinnt cainteoirí dúchais inár measc agus b'fhurasta dúinn ár gcuid Gaeilge a chleachtadh leosan. Caithfidh gur imigh sin is gur tháinig seo.
Mon, 13 Dec 2010 23:52:53 GMT Colin Ryan http://www.beo.ie/alt-bearla-eigeantach-sa-statseirbhis.aspx#comments Mar dhuine nach Éireannach é, is ait liom an scéal seo (seanscéal) faoi ghanntanas Gaeilge sa Státchóras in Éirinn. Níl ann ach léiriú eile ar an bpraiseach a rinneadh riamh de mhúineadh na Gaeilge sna scoileanna lán-Bhéarla. Is féidir teanga ar bith a mhúineadh le héifeacht ar an mbunscoil féin ach sin cleas a chuireann mearbhall ar na hÉireannaigh, agus tá a rian sin ar na Ranna stáit. Fágann sin nach bhfuil an dara rogha ag na Ranna céanna ach “daoine le Gaeilge” a thabhairt isteach – iardhaltaí scoileanna lán-Ghaeilge, is dócha. Ní líonmhar an dream iad. Is breá liom Béarla blasta na nÉireannach agus sin é an teanga a bheidh faoi réim sa Státchóras go ceann i bhfad.
Fri, 10 Dec 2010 05:31:19 GMT Ger http://www.beo.ie/alt-bearla-eigeantach-sa-statseirbhis.aspx#comments Ní bheadh an t-eolas rúnda seo ar eolas againn murach sár-obair an Choimisinéara a nochtaigh an fhírinne dúinn
Wed, 08 Dec 2010 17:33:55 GMT Concubhar http://www.beo.ie/alt-bearla-eigeantach-sa-statseirbhis.aspx#comments Nach léiríonn na staitisticí atá nochtaithe ag an gCoimisinéir Teanga gur in olcas atá rudaí ag dul ó ceapadh é agus sa chás sin cad is fiú Coimisinéir Teanga....
Wed, 08 Dec 2010 14:05:33 GMT mícheál http://www.beo.ie/alt-bearla-eigeantach-sa-statseirbhis.aspx#comments Sea ach ní raibh a fhios againn go raibh an cath á chailliúint go dtí go raibh sé caillte
Tue, 07 Dec 2010 08:56:53 GMT Antaine de Brún http://www.beo.ie/alt-bearla-eigeantach-sa-statseirbhis.aspx#comments Táimid ag gol in áit na maoiseoige.
Mon, 06 Dec 2010 22:12:32 GMT Anna http://www.beo.ie/alt-bearla-eigeantach-sa-statseirbhis.aspx#comments Tá na fíoraicí san alt seo scanrúil. Cuireann siad an-fhearg go deó orm. Ní fiú riaileacha a leagaint síos sa tír seo nó ní thugtar áird ar bith orthu. Féach scéal na mbanc muna gcreidann tú mé. Tá an rud a thárla sa stáitsheirbhís ina scanal mhór, dar liom
Sun, 05 Dec 2010 13:19:31 GMT Joe http://www.beo.ie/alt-bearla-eigeantach-sa-statseirbhis.aspx#comments Sin ráite - níl freagra Gaeilge le fáil ón mhalartán sa Roinn Aineolais! Bain triall as don chraic!
Fri, 03 Dec 2010 16:41:20 GMT Cáit Mhainistir na Corann http://www.beo.ie/alt-bearla-eigeantach-sa-statseirbhis.aspx#comments Tá sé ráite agat anois a Dhuine
Fri, 03 Dec 2010 15:09:08 GMT Mo Dhuine http://www.beo.ie/alt-bearla-eigeantach-sa-statseirbhis.aspx#comments De réir mo thaithí féin ar thaobh istigh na Státseirbhíse tá daoine ann agus clú orthu a bheith ina Gaeilgeiorí. Bíonn siad glórach ar an raidió agus tele srl ag rádh linn cad ba chóir do chainteoirí a dhéanamh, ach nuair nuair a ardaíonn siad féin an fón chun glaoch a chur chuig oifig de chuid an Rialtais is as Béarla a labhraíonn siad. Rinne ard-bainistiocht agus polaiteoirí dochar don teanga ach tá Gaeilgeoirí aitheanta ann freisin a tacaíonn leo. Is mór an náire iad go léir.
Fri, 03 Dec 2010 13:52:13 GMT