Beo! (freagraí ar: Seoladh Fhianna Fáil Nua) http://www.beo.ie/alt-seoladh-fhianna-fail-nua.aspx#comments Samhlaíonn Breandán Delap cad é a bheas le rá ag ceannaire nuathofa Fhianna Fáil Nua ina aitheasc d’Ard Fheis a pháirtí sa bhliain 2016, tráth a bheas céad bliain Éirí Amach na Cásca á chomóradh. ga Cóipcheart Oideas Gael. Mon, 29 Nov 2010 17:22:50 GMT http://www.beo.ie/logo.gif Beo! http://www.beo.ie/ Gearóid http://www.beo.ie/alt-seoladh-fhianna-fail-nua.aspx#comments Deir Finnian Sheehan san indo inniu go nglacaidh sé 10 bliana le fáil réidh le FF
Mon, 29 Nov 2010 17:22:50 GMT pilib http://www.beo.ie/alt-seoladh-fhianna-fail-nua.aspx#comments Bhain an-sásamh as an alt seo
Fri, 26 Nov 2010 13:47:29 GMT Seán P. http://www.beo.ie/alt-seoladh-fhianna-fail-nua.aspx#comments Is é John McGuinness an duine is deireanaí le FF Nua a mholadh. Dúirt sé é ag an gcruinniú do FF anocht is cosúil
Tue, 23 Nov 2010 22:15:48 GMT Cáit Mhainistir na Corann http://www.beo.ie/alt-seoladh-fhianna-fail-nua.aspx#comments Dealraíonn sé go bhfuil an suímh gréasáin www.fiannafailnua.com ceannaithe ag fear dar ainm Stephen kearon
Tue, 23 Nov 2010 17:37:19 GMT Concubhar http://www.beo.ie/alt-seoladh-fhianna-fail-nua.aspx#comments Má tá FF Nua le bheith ann, ba chóir IMFF a thabhairt air mar omós don bheart is déanaí a rinne siad ar son na tíre. Is é sin an pháirtí a landáil an tír a bhunaigh an Phiarsach, Mícheál Ó Coileáin, DeValera, Lemass etc i lámha na mbaincéirí idirnáisiúnta. Mór an náire doibh é agus beidh áit speisialta sna leabhair staire do leithéidí Bertie Ahern, Brian Cowen, Brian Lenihan agus ár sean chara Eamon Ó Cuív.
Tá sé in am d'fhuinneamh nua sa saol pholatúil agus ciallaíonn sé sin polaiteoirí nua ag teacht chun tosaigh le tuairimí nua is pairtithe nua. Táim féin ag cur tús le páirti nua, ar mhaithe le h-éagsúlacht, agus is é Páirtí na Saoirse an ainm a bheidh air. Tá sé in am dúinn sinn féin a shaoradh ó na sean múnlaí siocaithe....
Mon, 22 Nov 2010 09:53:01 GMT Cáit Mhainistir na Corann http://www.beo.ie/alt-seoladh-fhianna-fail-nua.aspx#comments Ag éisteacht le Bryan Linihan inniu agus tá sé deimhnithe nach bhfuil "ár bhflaitheas agus ár bhféiniúlacht i mbaol a gcaillte" ach go bhfuil siad CAILLTE
Sun, 21 Nov 2010 15:28:01 GMT Cáit Bhaile Lár http://www.beo.ie/alt-seoladh-fhianna-fail-nua.aspx#comments Suimiúil ach ní chuirfedh sé iontas orm dá mbeadh na scabhtéirí céanna arais i gcumhacht go luath
Sun, 21 Nov 2010 11:02:59 GMT Greavsie http://www.beo.ie/alt-seoladh-fhianna-fail-nua.aspx#comments Feictear domsa a Roí go bhfuil tú ag iarraidh leanacht leis an leagan simplí den chruachás seo.
Fri, 19 Nov 2010 08:42:31 GMT Gearóid Mór http://www.beo.ie/alt-seoladh-fhianna-fail-nua.aspx#comments Alt maith é sin ach nuair a léas i dtús é ag tús na míosa mheasas go raibh cuid de ag dul thar fóir maidir le flaitheas agus neamhspleáchas na tíre a bheith curtha i mbaol. Ní cheapaim sin anois!!!!
Fri, 19 Nov 2010 08:20:47 GMT Roí http://www.beo.ie/alt-seoladh-fhianna-fail-nua.aspx#comments Is é sin do bhotún a Ghreavsie - tuigeann beagnach gach duine sa tír anois cé chomh tubaisteach is atá stiúir Fhianna Fáil, ach fós ceapann tú dá mbuailfeá le beirt dóibh siúd nárbh fholáir dóibh a bheith ina dhuine céanna! Is dócha gurb é sin an meon ait céanna a cheadaíonn duit an rialtas a chosaint in ainneoin an fhianaise go léir.
Thu, 18 Nov 2010 20:24:54 GMT Greavsie http://www.beo.ie/alt-seoladh-fhianna-fail-nua.aspx#comments Feictear dom a Roí go bhfuil an agenda frith-rialtais céanna agat leis an údar. B'fhéidir gurb ionann sibh??
Thu, 18 Nov 2010 12:40:04 GMT Orlaith http://www.beo.ie/alt-seoladh-fhianna-fail-nua.aspx#comments Ní mian liom a bheith ag cur mo ladhar isteach sa díspóiracht eatharaibh a fheara ach mar léitheoir neamhspleách caithfidh mé comhghairdeacheas a dhéanamh leis an iris seo agus leis an údar Brendán de Lap as alt chomh géarchúiseach sin a scríobh. Cheapfainn go bhfuil sé níos deacaire scríobh faoi rudaí sula dtarlaíonn siad ná nuair a dtarlaíonn siad. Sin é an chúis gur maith liom Beo. Coinnigí oraibh!
Thu, 18 Nov 2010 12:38:21 GMT Roí http://www.beo.ie/alt-seoladh-fhianna-fail-nua.aspx#comments > Tá an tír i bponc faoi láthair agus tá géarghá le cloigne cothroime a
> thuigeann castacht na faidhbe.
Tá súil agam nach bhfuil tú ag trácht ar na cloigne céanna a chruthaigh an fhadhb ar an gcéad dul síos. Tá na laethanta sin thart a Ghreavsie, agus ní éisteofar riamh arís le "Trust us, we're Fianna Fáil". Rinne FF neamhaird iomlán de na cloigne is na guthanna cothroime le linn an bholgáin, agus gan dabht tá sé á dhéanamh acu arís anois. Faraor is muidne agus ár bpáistí a bheidh ag íoc as a n-aineolas agus a sotal.
Thu, 18 Nov 2010 08:37:21 GMT Roí http://www.beo.ie/alt-seoladh-fhianna-fail-nua.aspx#comments Arís a Ghreavsie is léir nach bhfuil tú in ann rud ar bith san alt a shéanadh - mar i ndáiríre tá gach a bhfuil ráite ag Breandán fíor. Tabhair dom abairt amháin atá "gan bhunús", mar a dúirt tú féin. Tá an tír scriosta ag Fianna Fáil, agus tá an croí an pháirtí lofa - tá an cruthúnas timpeall orainn go léir. Ar ndóigh tá scata daoine ann a chloífidh le FF go deo, ach is in ainneoin na ndaoine sin a shlánófar an tír. Tá a gcuid déanta ag na fir ghaimbín sin cheana féin, agus is léir gur leor sin.
Wed, 17 Nov 2010 20:30:36 GMT Sylvia http://www.beo.ie/alt-seoladh-fhianna-fail-nua.aspx#comments OMG. Tá scéal ar drivetime go bhfuil 'Fianna Fáil Nua' bunaithe. Is cosúil go mbeidh an scéal sa Phoenix amárach. Tá Beo chun tosaigh ar the Phoenix. Tá sibh beo beathaíoch baile o dhia oraibh
Wed, 17 Nov 2010 17:35:45 GMT Greavsie http://www.beo.ie/alt-seoladh-fhianna-fail-nua.aspx#comments Sin é go díreach an pointe a Roí. Tá fíricí in easnamh san alt. Rámhaillí frith Fhianna Fáileach atá ann mar is nós do mheeja na hÉireann. Tuairimíocht gan bhunús ag am nuair atá díospóireacht cheart ag teastáil go géar
Wed, 17 Nov 2010 14:00:34 GMT Roí http://www.beo.ie/alt-seoladh-fhianna-fail-nua.aspx#comments A Ghreavsie, má tá tú chomh muiníneach sin cén fáth go ndearna tú neamhaird iomlán ar mo cheist - cá bhfuil na botúin san alt? Gan dabht bheadh sé easca duit iad a chur in iúl dúinn go léir, dá mbeadh leath a bhfuil ráite agat fíor ar chor ar bith.
Tue, 16 Nov 2010 21:39:41 GMT caitríona http://www.beo.ie/alt-seoladh-fhianna-fail-nua.aspx#comments Feicter domsa a Ghreavsie go bhfuil pointe maith san alt. Tá sé ráite ann gur chuir Fine Fáil 'ár bhflaitheas agus ár bhféiniúlacht i mbaol a gcaillte.' Prophetic a mhac?
Tue, 16 Nov 2010 15:23:21 GMT Greavsie http://www.beo.ie/alt-seoladh-fhianna-fail-nua.aspx#comments Tá mé lán-muiníneach as a bhfuil le rá agam. Éistím leis an nuacht agus léim na nuachtáin gach lá. An deacracht a bhíonn agam ná teacht ar an bhfírinne lastiar de mheon claonta na n-iriseoirí liobrálacha seo a bhíonn ag spalpadh tuairimí seachas ag dáileadh eolais.
Mon, 15 Nov 2010 10:16:31 GMT Roí http://www.beo.ie/alt-seoladh-fhianna-fail-nua.aspx#comments Anois feicimid, i dteachtaireacht Greavsie, meon cam an mhionlaigh siúd a thugann tacaíocht d'Fhianna Fáil go fóill, agus is dócha a thabharfadh go deo.
A Greavsie, deir tú nach bhfuil an t-alt bunaithe ar fhíricí, ach faraor níor chuir tú na bréaga os ár gcomhair. Cá bhfuil siad? Thug mé faoi deara go ndeachaigh tú díreach sa tóir ar an an údar féin, cleas gránna a léiríonn nach bhfuil tusa féin, fiú, muiníneach as a bhfuil le rá agat.
Mon, 15 Nov 2010 10:05:55 GMT Greavsie http://www.beo.ie/alt-seoladh-fhianna-fail-nua.aspx#comments Rant eile frith Fhianna Fáileach é an t-alt seo. In áit alt atá bunaithe ar fhíricí scaoileann an t-údar racht feirge gan bhunús uaidh mar is dual do na meáin sa tír seo. Chuir mé spéis san abairt dheireanach sé gur eagarthóir le RTE é an t-údar. Ar cheart go mbeadh cead aige truflais den chineál seo a scríobh? an é seo an chúis go gceannaím ceadúnas teilifíse le go mbeadh iriseoirí RTE ag caitheamh anuas ar iarrachtaí cróga an rialtais? cé nach bhfuil mórán measa agam ar Pat Kenny nó Tubridy nó Miriam ní dóigh liom go scríofaidís rant den chineál seo.
Mon, 15 Nov 2010 07:27:18 GMT Marcas http://www.beo.ie/alt-seoladh-fhianna-fail-nua.aspx#comments "Ar ndóigh ní raibh na polaiteoirí cama a tháinig os comhair na mbinsí fiosrúcháin agus na gcúirteanna éagsúla ar dhóigh ar bith ionadaíoch ar bhunús mór ár mbaill. Ní raibh, mar ní ligfeadh an t-ionraiceas daofa siúd caimiléireacht den chineál sin a shamhlú gan trácht ar a chleachtadh."
Ní aontaím leis sin. Bhí a fhios ag an saol agus a mháthair go raibh polaiteoirí cama fite fuaite i gceannaireacht Fhianna Fáil le fada an lá, ach tugadh cluas bodhar d'éinne a bhíodh á rá. Mar sin, bhí agus tá a fhios sin ag baill Fhianna Fáil: ní haon dóithíní iad. Tá súil agam go rachaidh FF go tóin póill sa chéad olltoghchán eile agus nach n-éireoidh siad ó dhuibheagán doimhin thóin na mara riamh arís go deo na ndeor.
Fri, 12 Nov 2010 16:03:46 GMT Gearóid Mór http://www.beo.ie/alt-seoladh-fhianna-fail-nua.aspx#comments Brian Ó Dónaill FF gan amhras. Is anseo a chuala tú ar dtús é. B'fhéidir go mbeidh breandán sásta a alt a athscríobh nó a 'athbhrandáil' nuair a tharlóidh sé sin!!!!
Mon, 08 Nov 2010 12:07:05 GMT Lena Ní Fhathaigh http://www.beo.ie/alt-seoladh-fhianna-fail-nua.aspx#comments Ní thagaim leat a Ghearóid. Measaim gur alt thar a bheith maith é seo agus ceapaim go bhfuil seans ann go bhfíorófar an tuar faoi pháirtí nua. Ní cheapfainn, ámh, go mbeadh FF umhal go leor le leithscéal a ghabháil. Do thuairim faoin bhfoghthoghchán? An mbuafaidh FF é nó FG nó LO? Nó SF fiú?
Mon, 08 Nov 2010 11:39:32 GMT Gearóid Mór http://www.beo.ie/alt-seoladh-fhianna-fail-nua.aspx#comments Tá samhlaíocht mhaith ag an údar ach meastú an bhfuil sé in am dó bogadh ó shaol na samhlaíochta go dtí an saol réadúil?
Fri, 05 Nov 2010 16:38:02 GMT Seán P. http://www.beo.ie/alt-seoladh-fhianna-fail-nua.aspx#comments B'fhéidir go bhfuil bunús éicint ann. Ní fheicim FF i gcumhacht go ceann píosa buíochas le Dia
Wed, 03 Nov 2010 17:37:38 GMT Bríd Bh http://www.beo.ie/alt-seoladh-fhianna-fail-nua.aspx#comments Tagaim leat gur alt an-mhaith é seo ach an bhfuil an t-údar dáiríre ag rá nach mbeidh FF i gcumhacht arís go dtí tar éis 2020 agus gur faoi ainm nua agus riocht nua a bheidh siad faoin am sin? Ar eagla go mbeinn ag úsáid focal ar nós 'athbhrandáil' cén Ghaeilge a chuirfeá ar 'bold prediction?'
Wed, 03 Nov 2010 14:19:41 GMT Concubhar http://www.beo.ie/alt-seoladh-fhianna-fail-nua.aspx#comments Alt mhaith ach ní thagaim le h-úsáíd an fhocal 'athbhrandáil' - tá sé ró chosúil leis na nathanna cainte a bhionn in úsáid ar nós 'going forward' is a leithéid. Tús nua atá ag teastáil seachas éide nua a chur ar shean saighdiúir.
Wed, 03 Nov 2010 11:45:15 GMT