Beo! (freagraí ar: Uair na Cinniúna don Ghaeltacht – Am le Gníomh a Dhéanamh!) http://www.beo.ie/alt-uair-na-cinniuna-don-ghaeltacht-am-le-gniomh-a-d.aspx#comments Guth na Gaeltachta ga Cóipcheart Oideas Gael. Sun, 07 Nov 2010 09:02:08 GMT http://www.beo.ie/logo.gif Beo! http://www.beo.ie/ Dáithí Mac Cárthaigh http://www.beo.ie/alt-uair-na-cinniuna-don-ghaeltacht-am-le-gniomh-a-d.aspx#comments Ar an drochuair, is ann do “Polasaí náisiúnta ó thaobh an tumoideachais de” is é sin le rá an luath-thumadh iomlán a chosc agus an Roinn Oideachais ar bís lena chur i bhfeidhm.
Tá sé ina scothchleachtas i scoileanna a mhúineann trí mheán na teanga mionlaithe gan teanga an mhóraimh a mhúineadh go dtí go mbeidh greim ceart ag na dalta – ar meascán idir cainteoirí dúchais agus foghlaimeoirí iad – ar an teanga mionlaithe. Go praiticiúil is ionann é seo agus gan Béarla a mhúineadh go dtí deireadh na bliana sna naíonáin sinsir nó go dtí Rang a hAon.
Bíonn a rian sin ar na daltaí agus i bhfad níos mó Gaeilge á labhairt acu eatarthu féin sna scoileanna ina gcleachtar é, gan trácht ar a gcuid Gaeilge a bheith níos saibhre agus níos cruinne. Ar ndóigh, tá dlúthchealgal idir an dá rud – ní labhróidh páistí teanga nach féidir leo ceart a bhaint di.
Anuas air sin, bíonn torthaí Béarla na ndaltaí sna scoileanna luath-thumtha seo i bhfad chun cinn ar an meán náisiúnta de réir scrúduithe caighdeánaithe na Roinne Oideachais féin.
Tá an cleachtas seo i bhfeidhm i roinnt scoileanna Gaeltachta agus is é a bhí i bhfeidhm ar fud na tíre (go hoifigiúil) ó bhunú an Stáit go dtí na seachtóidí.
Is é an t-éileamh a theastaíonn sa Ghaeltacht ná an luath-thumadh iomlán sna ranganna naíonáin sna scoileanna ar mian leo fanacht sa Ghaeltacht (cead ag Belmullet a rogha ruda a dhéanamh) má táimid le teacht slán as an tsáinn seo. Ní bheidh breith ar ár n-áiféala againn ar ball.
Sun, 07 Nov 2010 09:02:08 GMT Gearóid Ó Laoi http://www.beo.ie/alt-uair-na-cinniuna-don-ghaeltacht-am-le-gniomh-a-d.aspx#comments Creidim go daingean nár fiú cac asail an méid seo go léir gan Gaeilge labhartha seachas Gaeilge scríofa a mhúineadh sna scoileanna, agus chomh maith, nach bhfuil ann ach aon chomhartha amháin go bhfuil an rialtas ar thaobh na teangan, sé sin í a labhairt sa Dáil. Ní fheicim é agus dá bhrí sin, cur amú airgid is ea é seo go léir.
Ní maith liom an focal ról. Bheadh obair, feidhm nó páirt níos fearr.
Ní fhaca riamh todhchaí in aon leabhar. Ní gá é.
Fri, 05 Nov 2010 13:54:20 GMT