Beo! (freagraí ar: Dearcadh Cúng na Cruthaitheachta)
http://www.beo.ie/alt-dearcadh-cung-na-cruthaitheachta.aspx#comments
Deir an tOllamh Fionnbarra Ó Brolcháin gur ábhar buartha nach dtuigtear i gceart go fóill conas cur le hacmhainn nuálaíochta na tíre. Is cosúil go bhfuil páirtí polaitíochta amháin ag snámh go tubaisteach ina haghaidh.gaCóipcheart Oideas Gael.Fri, 24 Sep 2010 19:41:20 GMThttp://www.beo.ie/logo.gifBeo!
http://www.beo.ie/
Eoin Mac an t-saoir
http://www.beo.ie/alt-dearcadh-cung-na-cruthaitheachta.aspx#comments
Ní de thaisme go dtagann na scríbhneoirí is éirimiúla as Éirinn. Cuir i gcás mo laoch áirithe, Brian Ó Nualláin, nó mar b’fearr aithne air, b’fhéidir, Brian Nolan, nó Myles na gCopaleen, nó Flann O’Brien, nó Dr. De Selby, nó Jams O’Donnell.

A thiarcais, ní thiocfadh le teanga amháin cuimse a choinneáil ar réimse a smaointí! Chaitheadh sé tús an lae le Sean-Ghaeilge, dhéanadh sé cuairt ar an Nua-Ghaeilge, leanadh sé le camchuairt fríd an Fhraincis, an Ghearmainis agus an Láidin, agus mhaolaíodh sé an oíche i gcuideachta an Bhéarla Bhaile Átha Cliath.

Ní bhfuair sé aitheantas ceart agus é beo, ach tá moladh fós ar “At-Swim-Two-Birds”, “An Béal Bocht”, agus “The Third Policeman”, gan trácht ar na altanna a scriobh sé don Irish Times, idir Ghaeilge agus Bhéarla. Agus deirtear gur tógadh a lán téamaí agus carachtar na sraithe teilefíse “LOST” as a chuid ficsean eolaíochta.
Fri, 24 Sep 2010 19:41:20 GMTSaoithín
http://www.beo.ie/alt-dearcadh-cung-na-cruthaitheachta.aspx#comments
Tá teoiric na coibhneasta teangeolaíche fíor-chonspóideach. Feictear domsa nach nglactar ach le leagan ‘éadroim’ den teoiric faoi láthair: sé sin gur ar éigin atá aon tionchar ag struchtúr an teanga ar an chaoi a smaoiníonn an duine.

Níl an Béarla ina aonar mar theanga “ABC” (ainmní-briathar-cuspóir). Má roinntear na teangacha go léir de réir ord na n-eilimintí seo, tá teangacha ABC ar an dara catagóir is mó. (Mar shampla an Spáinnis, an Fhraincis).

Más féidir a rá go bhfuil teanga ina chosaint ó fhórsaí cultúrtha domhanda, is de bharr go gcuireann sí bac ar tháirgí cultúrtha(a bhaineann le teanga) a bheith á gcaitheamh ag an phobal. Ach fiú amháin ar an chaoi sin, tá sí neamh-éifeachtach. Tá ráchairt an-mhór ar tháirgí cultúrtha Meiriceánacha sa Fhrainc mar shampla.

Rud eile. Cé go bhfuil cainteoirí dúchasacha an Bhéarla ina mionlach, tá sé beagnach i dtús áite má chuirtear san áireamh iad siúd a bhfuil an Béarla acu mar an dara teanga. Anuas air sin, tá na daoine is mó cumhacht i measc an tslua sin. Labhraítear an Béarla go forleathan i measc uasaicme na hIndia agus na Síne.

Gan amhras is fiú go mór an Ghaeilge a chaomhnú. B’fhiú sin ar mhaithe lena háilleacht féin, gan bheith ag caint ar an bhaint atá aici le cúrsaí féiniúlachta agus an chaoi a bhfuil sí ina tobar cultúrtha. Ach is cóir bheith réadúil fosta: ní chuirfidh caomhnú na Gaeilge le slánú na heacnamaíochta. Tá an gaol ró-lag idir teanga agus an chruthaitheacht.
Wed, 08 Sep 2010 19:23:27 GMTJosie Cambpell
http://www.beo.ie/alt-dearcadh-cung-na-cruthaitheachta.aspx#comments
Seo alt a cheanglaíónn go loighciúil riactanaisí na hÉreann ó thaobh oideachais, teanga agus fiontraíochta de. An bhfuil éinne amuig ansin sásta é a aistriú do na polaiteoirí sin nach dtuigeann?
Sat, 04 Sep 2010 14:27:12 GMT